Erskine Hamilton Childers
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Erskine Hamilton Childers | ||
|
|
||
|
|
||
| I bhfeidhmeannas: | 25 Meitheamh 1973 – 17 Samhain 1974 | |
| Uimhir tréimhsí: | 1 | |
| Réamhtheachtaí: | Eamon de Valera | |
| Comharba: | Cearbhall Ó Dálaigh | |
| Ainmnithe ag: | Fianna Fáil | |
| Iarrthóirí eile: | 1973 Fine Gael: :: Tom O'Higgins |
|
|
|
||
| Dáta breithe: | 11 Samhain 1905 | |
| Áit bhreithe: | Londain | |
| Dáta báis: | 17 Samhain 1974 | |
| Áit bháis: | Baile Átha Cliath, Éire | |
| Céile: | Rita Childers | |
| Gairm: | Polaiteoir | |
Polaiteoir Éireannach ab ea é Erskine Hamilton Childers (11 Samhain, 1905 - 17 Samhain, 1974), a roghnaíodh mar cheathrú Uachtarán na hÉireann. Ba mhac é le Robert Erskine Childers (féach Asgard), scríbhneoir agus náisiúnaí a bhí páirteach sa ghluaiseacht ar son neamhspléachas na hÉireann.
[athraigh] A shaol
I Londain, Sasana a rugadh Erskine Hamilton Childers, ach bhog a chlann go gCill Mhantáin nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda críochnaithe. Bhí sé ina Theachta Dála ó 1938, an bhliain a ndearnadh saoránach Éireannach de, go dtí 1973. Bhí postanna éagsúla aige sa Dáil i gcomhaireachtaí Fhianna Fáil faoi Eamon de Valera, Seán Lemass agus Jack Lynch (Seán Ó Loingsigh) agus bhí sé ina Thánaiste ó 1969 gur dtí gur toghadh sé mar Uachtarán na hÉireann. D'oibrigh sé do dian mar Uachtarán ach fuair sé taom croí go tobann agus fuair sé bás ina oifig ar an 17 Samhain 1974 agus óráid á thabhairt aige i mBaile Átha Cliath.
| Uachtaráin na hÉireann |
|---|
| Dubhghlas de hÍde | Seán T. Ó Ceallaigh | Eamon de Valera | Erskine Childers | Cearbhall Ó Dálaigh | Pádraig Ó hIrighile | Máire Mhic Róibín | Máire Mhic Ghiolla Íosa |

