Dónall Ó Braoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí Dónall Ó Braoin (11 Lúnasa, 189427 Nollaig, 1969) ina throdaí saoirse agus ina pholaiteoir d'Fhianna Fáil. Cuimhnítear é mar dhuine amháin a bhí páirteach sa luíochán a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn. Toghadh é ina Theachta Dála níos déanaí, agus chaith sé an seal ar fad idir na blianta 1932 agus 1965 ina shuí i nDáil Éireann.

Dónall Ó Braoin.

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh an Braonach, nó Dan Breen, mar a thugtaí air as Béarla, do lánúin feirmeoirí ar an tSulchóid Bheag i gCo. Thiobraid Árann. Fuair sé oideachas san áit chéanna sula ndeachaigh sé leis an bpláistéireacht mar shlí beatha. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair ina fhear líne don Great Southern Railway. Chuaigh sé sna hÓglaigh sa bhliain 1914. Ar an aonú lá fichead de Mhí Eanáir 1919, an lá céanna ar tháinig an chéad Dáil le chéile i mBaile Átha Cliath, bhí an Braonach páirteach i luíochán ar an tSulchóid Bheag. Faoi cheannas Sheáin Uí Threasaigh, d'ionsaigh dornán d'Óglaigh díorma de shaighdiúirí dubha a bhí díreach ag seoladh lasta ábhair phléasctha go dtí cairéal na háite. Fuair beirt saighdiúirí dubha bás sa teagmháil. Is gnách glacadh leis gurbh é an cath seo a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn.

Le linn an chogaidh, gheall na Gaill duais deich míle punt d'aon duine a chimeodh an Braonach. Mar sin féin, bhí sé in ann é féin a chur i gceannas ar chuid mhór de na hÓglaigh. Ábhar scéalaíochta agus seanchais is ea é a chrógacht mar Óglach. Nuair a bhí an dá chogadh - Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad - thart, vótáladh isteach ar an Dáil é sa bhliain 1923, mar Phoblachtánach a bhí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh.

Sa bhliain 1924, d'fhoilsigh sé leabhar faoin am a chaith sé ina threallchogaí, My Fight for Irish Freedom. Ní raibh sé féin ina scríbhneoir maith, ach fuair sé cuidiú óna chara, Somhairle Ó Fathaigh, arbh é deartháir Phroinsiais Uí Fhathaigh é. Cuireadh Gaeilge ar an leabhar freisin, agus tháinig an t-aistriúchán i gcló faoin teideal Ag Troid ar son na Saoirse. Sa chéad olltoghchán sa bhliain 1927, chaill an Braonach a shuíochán Dála, agus chuaigh sé go Meiriceá. Nuair a tháinig sé ar ais, d'éirigh ní b'fhearr leis, agus fuair sé a shuíochán ar ais i dtoghchán na bliana 1932. Chaith sé an chéad tríocha bliain eile ina Theachta Dála do Thiobraid Árann. D'éirigh sé as sa bhliain 1965 le dul ar pinsean, agus shíothlaigh sé i mBaile Átha Cliath, ceithre bliana ina dhiaidh sin.