Seán de Briotún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán de Briotún
Seán de Briotún

I bhfeidhmeannas: 15 Nollaig, 1994 -
26 Meitheamh, 1997
Réamhtheachtaí: Ailbhe Mac Raghnaill
Comharba: Parthalán Ó hEachthairn
Dáta breithe: 18 Bealtaine 1947
Áit bhreithe: An Mhí, Éire
Gairm: Dlíodóir
Páirtí polaitíochta: Fine Gael
Tánaiste: Risteard Mac An Earraigh (Páirtí an Lucht Oibre)

Ba é Seán de Briotún (John Bruton) 9ú Taoiseach na hÉireann. Rugadh é ar an 18 Bealtaine 1947. Ba Aire é i rialtais na dTaoiseach Liam Mac Cosgair agus Gearóid Mac Gearailt. Chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais (1981-1982 agus 1986-1987). Ba é an Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1982 agus 1986. Ceapadh é mar cheannaire ar Fhine Gael sa bhliain 1990 agus bhí sé ina Thaoiseach ó 1994 go 1997 nuair a bhí Comhrialtas Bhogha Ceatha (Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus An Chlé Dhaonlathach) istigh.

Toghadh é mar Theachta Dála don chéad uair sa bhliain 1969 i ndáilcheantar na agus aththoghadh é ag gach olltoghchán go dtí gur éirigh sé as polaitíocht na hÉireann sa bhliain 2004. Is Ambasadóir an Aontais Eorpaigh do na Stáit Aontaithe Mheiriceá é faoi láthair. Is iar-Leas-Uachtarán Pháirtí na bPobal Eorpach é. Ta sé pósta le Finola Bruton agus tá ceathrar clainne acu.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Ba dhuine clainne é de Briotún i dteaghlach rachmasach feirmeoireachta i nDún Búinne, Contae na Mí. Oileadh é i gColáiste Clongowes Wood.

De réir leabhair Oliver Coogan, Politics and War in Meath 1913-23 (An Pholaitíocht agus an Cogadh i Mí 1913-23) ba é seanathair de Briotún duine de na feirmeoirí a chuir an Chinsealacht Angla-Éireannach ón a seilg sa cheantar nuair a bhí Cogadh na Saoirse ar siúl.

Bhain de Briotún céim BA amach ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus cháiligh sé mar abhcóide níos déanaí ach níor oibrigh sé sa ghairm sin riamh. Toghadh é do Dháil Éireann in olltoghchan na bliana 1969 mar Theachta Dála de chuid Fhine Gael. Ní raibh sé ach 22 bhliain d'aois nuair a toghadh é. Dhúbláil sé a chuid vótaí sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 1973 agus ceapadh é mar Rúnaí Pairliminte don Aire Tionscail agus Trádála agus don Aire Oideachais. Bhí an bua ag an gComhrialtas Náisiúnta (Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre) san olltoghchán agus mhair an rialtas go dtí 1977.

Sa Chomh-aireacht Chúil agus in Oifig[athraigh | edit source]

Briseadh Fine Gael as oifig tar éis olltoghcháin 1977 agus ceapadh de Briotún mar urlabhraí talmhaíochta. Níos déanaí, thug Gearóid Mac Gearailt, ceannaire nua an pháirtí, ardú céime dó nuair a cheap sé é mar urlabhraí airgeadais. Thug sé óráid éifeachtach sa Dáil tar éis cáinaisnéise 1980. Bhí sé chun tosaigh i bhfeachtas Fhine Gael roimh olltoghchán 1981. Tháinig comhrialtas idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre isteach tar éis an olltoghcháin agus ceapadh de Briotún mar Aire Airgeadais nuair nach raibh sé ach 34 bliain d'aois. Bhí ar an rialtas nua fáil réidh leis a ngeallúintí agus iad ag déileáil leis na deacrachtaí airgeadais a bhí ag an stáit. Thit an rialtas as a chéile gan choinne ar an 27 Eanáir 1982 nuair a dhiúltaigh an Dáil le cáinaisnéis chonspóideach an Bhriotúnaigh. Vótáil an TD neamhspleách sóisialach Jim Kemmy in éadan na cáinaisnéise mar gheall ar an gcáin bhreisluacha a bhí de Briotún ag iarraidh a chur ar bhróga leanaí. Bhi an bua ag Fianna Fáil san olltoghchán a tharla i mí Feabhra 1982.

Na 1980í[athraigh | edit source]

Bhí Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre istigh arís tar éis olltoghcháin eile i Mí na Samhna 1982. Tugadh an Roinn Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta do de Briotún. Baineadh cuid dá chúraimí dó an bhliain dar gcionn (1983). D'fhill sé go dtí an Roinn Airgeadais sa bhliain 1986 ach ní raibh seans aige cáinaisnéis a chur roimh an Dáil. D'aistarraing Páirtí an Lucht Oibre ón rialtas mar ní raibh na páirtithe ábalta cáinaisnéis a shocrú agus theip ar an rialtas.

Buaileadh Fine Gael go dona in olltoghchán 1987, D'éirigh Gearóid Mac Gearailt as mar cheannaire díreach tar éis an toghcháin. Bhí de Briotún, Ailéin de Diúc agus Peadar de Barra san iomaíocht sa toghchán ceannaireachta. Bhí an bua ag de Diúc, fear ar an eite shóisialach dhaonlathach den phairtí. (Bhí de Briotún ar an eite Chríostaíoch Dhaonlathach). Níor éirigh ró-mhaith le de Diúc agus bhí air éiri as mar cheannaire tar éis toraidh uafásaigh in olltoghchán uachtaránachta 1990. Ceapadh de Briotún, leas-cheannaire an pháirtí, mar cheannaire gan teachta ag cur ina aghaidh.

Ceannaire an pháirtí[athraigh | edit source]

Cé go raibh de Briotún ar an eite choimeádach d'Fhine Gael, ba é an chéad polasaí a chur sé chun cinn na go n-athrófaí an bunreacht chun colscartha a cheadú.

Bhí meath ar Fhine Gael ar feadh 10 mbliain ón olltoghchan i Mí na Samhna 1982 nuair a fuair siad 70 suíochán agus nuair ní raibh ach bearnán 5 shuíochán idir an páirtí agus Fianna Fáil. Ceapadh go láidreofaí an pairtí agus de Briotún mar cheannaire tar éis ceannaireachta mhírathúil de Diúc. Cuireadh a persona mar fhear na h-eite dheis agus mar fhear na tuaithe ina leith, áfach, go háirithe san meáin cumarsáide.

Bhí giúmar frith-Fhianna Fáil sa tír ag olltoghchán 1992. Chaill Fianna Fáil roinnt suíochán ach chaill Fine Gael suíocháin freisin. Bhí an toradh is fearr riamh ag Páirtí an Lucht Oibre le 33 shuíochán, i gcomparáid leis na 45 shuíochán a fuair Fine Gael. Bhí ionadh ar an bpobal nuair a bunaíodh comhrialtas idir an Lucht Oibre agus Fianna Fáil. Ba bhuille mór do de Briotún agus d'Fhine Gael bheith fagtha sa bhfreasúra arís, Bhí Fine Gael ag titim i léig san pobalbhreitheanna agus rinneadh iarracht an cheannaireacht a bhaint ó de Briotún. Láidríodh de Briotún nuair a bhuaigh a páirtí dhá fhothoghchán agus nuair a d'éirigh go maith leis an bpáirtí ag an toghchán Eorpach 1994. D'imphléasc an rialtas níos déanaí sa bhliain 1994 agus bunaíodh Comhrialtas Bhogha Ceatha (Fine Gael, Lucht Oibre agus an Chlé Dhaonlathach) le de Briotún mar Thaoiseach,

Taoiseach[athraigh | edit source]

Chroch de Briotún pictiúr de John Redmond ina oifig nuair a ceapadh é mar Thaoiseach. Ba é an chéad Taoiseach nach raibh go h-iomlán ó thraidisiún Shinn Féin 1917-1922. Chroch sé pictiúr de Seán Lemass freisin.

D'éirigh go maith le rialtas an Bhogha Ceatha agus d'éirigh go h-an-mhaith le de Briotún mar Thaoiseach. D'oibrigh na trí pháirtí sa rialtas go maith lena chéile, d'ainneoin go raibh mórán cainte maidir le droch-chaidreamh idir de Briotún agus Risteard Mac An Earraigh, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre.

D'éirigh leis an rialtas Bunreacht ne hÉireann a athrú chun colscartha a cheadú.

Bhí an próiséas síochána sa Tuaisceart go mór chun tosaigh i rith thaoiseacht de Briotúin. I mí Feabhra 1995 d'fhoilsigh de Briotún agus John Major, príomhaire na Breataine, an "Chreat-Cháipéis" Angla-Éireannach. Phlé an cáipéis conas a shocrófaí an comhcaidreamh idir Éire agus an Bhreatain. Cáineadh de Briotún as bheith ró-bháúil do na hAontachtóirí ach cháin de Briotún rialtas na Breataine go géar freisin, go háirithe nuair a bhí drogall ar rialtas na Breataine déileáil le Sinn Féin i rith sos cogaidh an IRA (1994 - 1997).

Bhí caidreamh oibre sásúil idir de Briotún agus Gearóid Mac Ádhaimh, ceannaire Shinn Féin ach tháinig strus ar an gcaidreamh sa bhliain 1996 nuair a chuir an tIRA deireadh leis an sos cogaidh le pléasc i Londain. Chuaigh an caidreamh in olcas tar éis dúnmharaithe Garda Jerry McCabe i gContae Luimnigh agus tar éis pléisce eile i Manchain, Shasana. Cé gur cháin sé Sinn Féin go géar, níor chuir sé deireadh leis na cainteanna idir rialtas na hÉireann agus Sinn Féin. Mhol sé nach ligfí Sinn Féin isteach sna cainteanna idir-pháirtí go dtí go raibh sos cogaidh i bhfeidhm arís, áfach. Moladh de Briotún go mór tar éis dhó an RUC a cháineadh ó thaobh an cheada a thug siad do mhórshiúl de chuid an Oird Óráistigh tríd cheantar Náisiúnach. Dúirt sé nach raibh an RUC neamhchlaonta nó comhsheasmhach agus iad i mbun a gcuid dualgas. Chuir fearg an Bhriotúnaigh teannas ar an gcaidreamh idir an rialtas i mBaile Átha Cliath agus an rialtas o Londain. Chuir an tIRA sos cogaidh nua ar bun go gairid tar éis an olltoghcháin 1997 a chuir deireadh le téarma an Bhriotúnaigh mar Thaoiseach.

Tháinig rialtas de Briotúin isteach ag tús ré an "Tíogair Ceiltigh". D'fhás geilleagar na hÉireann 2.7% sa bhliain 1993 ach d'fhás sé ar mheanráta 8.7% i rith téarma an Bhriotúnaigh mar Thaoiseach.

D'éirigh go maith leis agus é i gceannas ar Uachtaránacht Éireannach an Aontais Eorpaigh sa bhliain 1996 agus chabhraigh sé le socrú an Chomhaontú Cobhsaíochta agus Fáis, a leagann amach na paraiméadair maicreacnamaíocha do na tíortha atá páirteach san Euro. Thug de Briotún óráid do Chomhdháil na Stát Aontaithe ag 11 Meán Fómhair, 1996.

Bhí ar an t-Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide, Michael Lowry, éirí as oifig i mí na Samhna, 1996, nuair a scaoileadh amach gur íoc an fear gnó, Ben Dunne, as costas obair tógála ar a theach cónaithe. D'éirigh Lowry as Fine Gael tar éis fógartha de Briotúin nach mbeadh sé ina iarrthóir de chuid Fhine Gael ag an gcéad olltoghchán eile. D'éirigh an t-Aire Sóisear sa Roinn Airgeadais, Phil Hogan as oifig i Mí Feabhra 1995 tar éis dó eolas faoin gcáinaisnéis a scaoileadh amach go luath.

Tar Éis a Théarma Taoiseachta[athraigh | edit source]

Síleadh go mbeadh an bua ag an gcomhrialtas san olltoghchán sa bhliain 1997 ach, cé gur bhuaigh Fine Gael 9 suíochán sa bhreis, chaill Páirtí an Luch Oibre 16 shuíochán agus tháinig comhrialtas nua idir Fhianna Fail agus an Páirtí Daonlathach isteach.

Tháinig meath ar Fhine Gael agus an páirtí sa bhfreasúra arís. Thug an páirtí an bóthar do de Briotún sa bhliain 2001 ach bhí tubaiste ag an bpáirtí in olltoghchán 2002 agus Micheál Ó Nuanáin i gceannas air.

Bhí de Briotún i gcónaí go mór i bhfabhar lánpháirtiú na hEorpa agus roghnaíodh é mar cheann den dhá theachta parlaiminteach Éireannach do Choinbhinsiún na hEorpa a chuidigh le dréachtú Bhunreacht na hEorpa. D'éirigh sé as mar Theachta Dála ar an 31 Deireadh Fómhair 2004 tar éis dhó bheith ceaptha mar Ambasadóir an Aontais Eorpaigh do na Stáit Aontaithe.

Fógraíodh ar 29 Deireadh Fómhair 2009 go raibh suim aige in Uachtaránacht na Comhairle Eorpach, post nua a bhí le cruthú tar éis cur i bhfeidhm Conradh Liospóin.

Is polaiteoir de chuid Fhine Gael é a dheartháir, Richard Bruton.