Máire Mhic Giolla Íosa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáire Mhic Giolla Íosa

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Máire Pádraigín Bean Mhic Ghiolla Íosa
(en) Mary Patricia McAleese
Beathaisnéis
Breith27 Meitheamh 1951
72 bliana d'aois
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
8 Uachtarán na hÉireann
11 Samhain 1997 – 10 Samhain 2011
← Máire Mhic RóibínMícheál D. Ó hUiginn →
Chancellor (en) Aistrigh Ollscoil Átha Cliath
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, iriseoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil (–1997) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileMartin McAleese (1976–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Ba í Máire Pádraigín Mhic Giolla ÍosaMary McAleese (27 Meitheamh 1951 i mBéal Feirste a rugadh í) ina ochtú hUachtarán ar Éirinn ó 1997 go 2011.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Máire Pádraigín Ní Lionnacháin in Ard Eoin i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh, 1951, an duine is sine de naonúr clainne: ba í an chéad uachtarán a rugadh agus a tógadh i dTuaisceart Éireann. Is Caitliceach í. Bhí na Trioblóidí faoi lán seoil agus í ag fás aníos, agus chuir dílseoirí iachall ar mhuintir Uí Lionnacháin ceantar Ard Eoin a fhágáil.

Bhain Máire céim le dlí amach ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste sa bhliain 1973 agus glaodh chun Barra Thuaisceart Éireann í sa bhliain 1974. Sa bhliain 1975, ceapadh í mar Ollamh Reid le Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1976 phós sí an Dr. Máirtín Mac Giolla Íosa, cuntasóir agus fiaclóir. Tá triúr clainne orthu, Emma, a rugadh sa bhliain 1982 agus cúpla, Justin agus SaraMai, a rugadh sa bhliain 1985.

D'fhill sí ar Ollscoil na Ríona sa bhliain 1987 nuair a ceapadh í mar Stiúrthóir ar Institiúid an Léinn Dlí Ghairmiúil. Bhí sí ina hiarrthóir d'Fhianna Fáil in olltoghchán 1987, ach níor toghadh í. Sa bhliain 1994, ceapadh í mar an chéad Leas-Seansailéir Cúnta mná riamh ar Ollscoil na Ríona Béal Feirste.

D'oibrigh sí mar iriseoir cúrsaí reatha agus mar láithreoir raidió agus teilifíse le Radio Teilifís Éireann.

Mary McAleese, 2007

Uachtarán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mary McAleese 2011

Sa bhliain 1997 bhuail Máire Mhic Giolla Íosa iar-Thaoiseach Ailbhe Mac Raghnaill agus roghnaíodh mar iarrthóir Fhianna Fáil don Uachtaránacht í. Toghadh í mar uachtarán sa bhliain 1997. Ar 11 Samhain insealbhaíodh Máire Mhic Giolla Íosa mar ochtú Uachtarán na hÉireann. Tháinig sí i gcomharbas ar Mháire Mhic Roibín. "Droichid a thogáil" an téama a bhain lena huachtaránacht dar léi.

Átoghadh Máire Mhic Giolla Íosa ar an 1 Deireadh Fómhair 2004: ba í an t-aon iarrthóir a bhí ainmnithe go bailí.

Postanna eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Stiúrthóir Cainéal Teilifíse Channel 4.
  • Stiúrthóir, Northern Ireland Electricity.
  • Stiúrthóir, Royal Group of Hospitals Trust.
  • Toscaire chuig Comhdháil an Tí Bháin i 1995 ar Thrádáil agus Infheistíocht in Éirinn agus an Chomhdháil leantach i bPittsburgh i 1996.
  • Comhalta de thoscaireacht na hEaglaise Caitlicí i 1996 chuig Coimisiún an Tuaiscirt ar Pharáideanna Conspóideacha.
  • Comhalta de Thoscaireacht Easpagach na hEaglaise Caitlicí chuig Fóram Nua-Éireann i 1984.
  • Comhalta bunaidh de Choimisiún na hÉireann um Príosúnaigh Thar Lear.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Máire Mhic Giolla Íosa: Beathaisnéis, Ray Mac Mánais. (aistrithe go Béarla mar The Road From Ardoyne: The Making Of A President')
  • Mary McAleese-The Outsider: An Unauthorised Biography, Justine McCarthy, Dublin, Blackwater Press, 1999
  • First citizen: Mary McAleese and the Irish Presidency, Patsy McGarry, Dublin, O'Brien Press, 2008

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Childrens Section Who Past". president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-19.