Dubhghlas de hÍde
| Dubhghlas de hÍde | ||
|
||
|
1ú Uachtarán
|
||
| I bhfeidhmeannas: | 25 Meitheamh, 1938 – 24 Meitheamh, 1949 | |
| Uimhir tréimhsí: | 1 | |
| Réamhtheachtaí: | Neamhbhainteach | |
| Comharba: | Seán T. Ó Ceallaigh | |
| Ainmnithe ag: | Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile | |
| Iarrthóirí eile: | Neamhbhainteach | |
|
|
||
| Dáta breithe: | 17 Eanáir, 1860 | |
| Áit bhreithe: | Ros Comáin, Éire | |
| Dáta báis: | 12 Iúil, 1949 | |
| Áit bháis: | Baile Átha Cliath, Éire | |
| Céile: | Lucy Hyde | |
| Gairm: | Gníomhaí don Gaeilge; ollamh sa Coláiste Ollscoile, BÁC | |
| Síniú |
||
Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde ((Douglas Hyde as Béarla) nó an Craoibhín Aoibhinn (a ainm cleite): 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949). Duine de bunaitheoirí Chonradh na Gaeilge ba ea é agus béaloideasaí cáiliúil. Eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus b'in é an post a bhí aige idir na blianta 1938 agus 1945.
Clár ábhair |
[athraigh] Cúlra
Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ba ea Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag cuid de mhuintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhrán uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis dó staidéar a dhéanamh i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais aige.
[athraigh] Conradh na Gaeilge
Chuidigh sé le Conradh na Gaeilge a bhunú sa bhliain 1893 agus bhí sé tamall maith de bhlianta ina uachtarán air. B'fhearr leis an Conradh a choinneáil glan ar chúrsaí polaitíochta, agus d'éirigh sé as an gConradh ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915 nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bunaíodh é sa bhliain 1928.
[athraigh] Ina Uachtarán
Ní raibh aon bhaint aige le Sinn Féin ná le gluaiseacht na saoirse, ach bhí sé sásta suíochán a ghlacadh i Seanad Éireann. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1925. Nuair a chuir Bunreacht Oifig an Uachtaráin ar bun sa bhliain 1937, ba é de hÍde an chéad duine a toghadh.
