Mícheál Ó Laoire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMícheál Ó Laoire
Beathaisnéis
Breith8 Bealtaine 1936
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Bealtaine 2006
70 bliana d'aois
Saint-Sever-de-Rustan, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás tionóisceach ()
Áit adhlacthaSaint-Sever Abbey (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil


Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil


Tánaiste
30 Meitheamh 1981 – 9 Márta 1982
← Seoirse Ó CollaRéamann Mac Searraigh →
Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil


An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
30 Meitheamh 1981 – 9 Márta 1982
← Seoirse Ó CollaAilbhe Mac Raghnaill →
Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Páirtí an Lucht Oibre

16 Iúil 1979 – 30 Meitheamh 1981
Téarma parlaiminte: Céad Pharlaimint na hEorpa


Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil


Teachta Dála
14 Márta 1973 – 25 Bealtaine 1977 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 20ú Dáil


Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil


Teachta Dála
21 Aibreán 1965 – 21 Bealtaine 1969 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 18ú Dáil


Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Toirbhirte Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Abhcóide agus polaiteoir sinsearach Éireannach ab ea Mícheál Ó Laoire (8 Bealtaine, 193611 Bealtaine, 2006), nó Michael O'Leary mar atá aithne air as Béarla. Agus é ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre, chaith sé sealanna mar Aire Saothair, Aire Fuinnimh agus Tánaiste. Níos déanaí ina shaol, d'aistrigh sé go dtí Fine Gael.

A shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le tábhairneoir, rugadh Mícheál Ó Laoire i gCathair Chorcaí sa bhliain 1936. Oileadh é ag Coláiste na Toirbhirte, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus ansin Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac. Tar éis dó filleadh abhaile, thosaigh sé ag éirí gníomhach i bpolaitíocht an lucht oibre, agus fostaíodh é mar Oifigeach Oideachais ag Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann.

Toghadh Ó Laoire go Dáil Éireann don chéad uair mar iarrthóir ón Lucht Oibre tar éis bua in olltoghchán na bliana 1965. Agus é istigh sa Dháil, thosaigh sé ag iarraidh seasamh eite chlé a pháirtí a neartú. Ar dtús, bhí sé glan in aghaidh comhrialtas a chuir ar bhun le Fine Gael, ach tar éis olltoghchán na bliana 1969, bhí sé den tuairim go raibh gá ann le stráitéis nua. Nuair a bhunaigh an dá pháirtí comhrialtas sa bhliain 1973, ceapadh Ó Laoire ina Aire Saothair.

Sa bhliain 1977, rinne sé iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint amach dó féin, ach fuair Proinsias Mac Bhloscaidh an ceann is fearr air. D'éirigh Mac Bhloscaidh as an bpost, áfach, nuair a chaill sé a shuíochán ag an olltoghchán sa bhliain 1981, agus roghnaíodh Ó Laoire d'aon ghuth chun teacht i gcomharbacht air. Sa bhliain 1979, toghadh é go Parlaimint na hEorpa ón thoghcheantar Bhaile Átha Cliath.

I rith an chomhrialtais idir Fine Gael agus an Lucht Oibre idir 1981 agus 1982, rinneadh Tánaiste agus Aire Fuinnimh de. Go gairid tar éis briseadh an rialtais ag olltoghchán na bliana 1982, shiúil Ó Laoire amach as an bpáirtí agus chuaigh sé isteach i bhFine Gael. Toghadh é ar ais sa Dháil arís.

Sa bhliain 1985, chuir Ó Laoire bille comhalta phríobháidigh ar cholscaradh ós comhair na Dála. Leis an éacht seo, cuireadh a lán brú ar an rialtas, agus bhí orthu reifreann a eagrú sa bhliain ina dhiaidh sin.

Nuair a bhunaíodh an Páirtí Daonlathach sa bhliain 1985, deirtear gur mhachnaigh sé faoi dul isteach leo.

Ní dheachaigh Ó Laoire san iomaíocht in olltoghchán na bliana 1987, agus d'fhill sé ar ais ar Chorcaigh chun obair a dhéanamh mar abhcóide arís. Ceapadh é mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche sa bhliain 1997.

Bhásaigh Ó Laoire agus é ar shaoire san Fhrainc i mí na Bealtaine na bliana 2006.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]