Éamon Mac Giollamóir
| Éamon Mac Giollamóir | |
|
20ú Tánaiste
|
|
| In oifig 9 Márta 2011 - inniu |
|
| Réamhtheachtaí: | Máire Ní Chochláinn |
| Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
|
|
| In oifig 9 Márta 2011 - inniu |
|
| Réamhtheachtaí: | Brian Ó Comhain |
| Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre
|
|
| In oifig 6 Meán Fómhair 2007 - inniu |
|
| Réamhtheachtaí: | Pádraic Ó Coinín |
| Comharba: | (i seilbh oifige) |
|
|
|
| Dáta breithe | 24 Aibreán 1955 |
| An Chealtrach, Contae na Gaillimhe | |
| Páirtí | Lucht Oibre |
Is polaiteoir Éireannach é Éamon Mac Giollamóir (Béarla: Eamon Gilmore )(24 Aibreán 1955 a rugadh é), atá ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre ó 2007. Is Teachta Dála é ar son Dhún Laoghaire sa Dáil ó 1989 agus sa bhliain 2011 ghlac sé ról an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha.
Saol [athraigh]
Rugadh Éamon Mac Giollamóir ar an 24 Aibreán 1955 sa Chealtrach, Contae na Gaillimhe. Fuair sé a chuid oideachais meánscoile i gColáiste Ghearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áit ar chaith sé bliain mar Uachtarán Aontais na Mac Léinn. Bhí sé ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirínn ó 1976 go 1978. Ag an am sin, bhí a ainm luaite le Sinn Féin Oifigiúil. Sa bhliain 1985, toghadh Mac Giollamóir mar chomhalta ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath. Toghadh é do Dháil Éireann den chéad uair ag olltoghchán na bliana 1989 agus atoghadh é ag gach olltoghchán ó shin i leith.
Idir 1994 agus 1997 ba Aire Stáit é ag Roinn na Mara. Ó 1992 ba bhall den Daonlathas Clé é go dtí gur nascadh an páirtí sin le Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1999. Nuair a d'éirigh Pat Rabbitte as ceannaireacht an pháirtí i mí Lúnasa 2007, d'fhógair Mac Giollamóir go mbeadh sé ina iarrthóir don cheannaireacht. Fuair sé tacaíocht fhorleathan taobh istigh den pháirtí agus fógraíodh ina cheannaire é d'aon ghuth ar an 6 Meán Fómhair gan ballóid ar bith.
Naisc Sheachtracha [athraigh]
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.