Earnán de Blaghd (Ernest Blythe)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fógra san iris 'Éire' i 1940.

Polaiteoir, réabhlóidí, agus bainisteoir amharclainne Éireannach ab ea é Earnán de Blaghd (Béarla: Ernest Blythe). An 13 Aibreán 1889 a rugadh, an 23 Feabhra 1975 a cailleadh.

Protastúnach as Machaire na gCeall ab ea de Blaghd. Bhí sé ina bhall den IRB agus de Chonradh na Gaeilge agus ghlac sé páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann. Nuair a bhí Éirí Amach na Cásca faoi lán tseoil i mBaile Átha Cliath, bhí seisean díreach tar éis a bheith curtha sa phríosún. Thug sé an-tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach. Toghadh é ina Theachta Dála do Mhuineachán Thuaidh sa bhliain 1918 agus ó shin go 1922 bhí sé ina Aire ar an Roinn Tionscail agus Trádála. Ceapadh ina Aire Airgeadais é nuair a bhí rialtas Liam Tomás Mac Cosgair ann. Cáineadh go géar é nuair a d'ísligh sé an pinsean ó deich scilling go naoi scilling; chaill sé a shuíochán san bhliain 1933. Sna 1930í bhí sé ina bhall sinsearach de na Léinte Gorma agus ina sheanadóir (1933-36), ach d'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1936 le dul le hamharclannaíocht. Bhí sé ina bhainisteoir ar Amharclann na Mainistreach ó 1941-67.

Bhí sé ina Ghaeilgeoir dílis riamh, agus is eisean a rinne an cinneadh deontas stáit a thabhairt chun go mbunófaí Taibhdhearc na Gaillimhe, amharclann náisiúnta na Gaeilge, sa bhliain 1927. D'fhoilsigh sé trí leabhar dírbheathaisnéise sa Ghaeilge, mar atá, Trasna na Bóinne (1957), Slán le hUltaibh (1971), agus Gaeil á Múscailt (1973).

Foinsí[athraigh | edit source]

  • 'Ernest Blythe', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd, 2003