Aibhistín de Staic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réabhlóidí Éireannach ab ea é Aibhistín de Staic (7 Nollaig 1879 - 27 Aibreán 1929).

Saol[athraigh | edit source]

Saolaíodh Aibhistín de Staic i dTrá Lí i gContae Chiarraí. Fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i dTrá Lí. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, thréig sé an scoil agus chuaigh sé ag obair ina chléireach in oifig dlíodóra. Bhí sé ar fheabhas ina pheileadóir, agus é i gceannas ar fhoireann Chiarraí nuair a bhain siad an chraobh uile-Éireann sa bhliain 1904. Bhí sé freisin ina Uachtarán ar Bhord Chontae Chiarraí don Chumann Lúthchleas Gael.

Sa bhliain 1908, chuaigh sé san IRB. Ní raibh sé gníomhach i bpolaitíocht roimhe sin. Sa bhliain 1916, bhí sé ina cheannfort ar na hÓglaigh i gCiarraí, agus é le teacht in araicis na n-arm Gearmánach a bhí Ruairí Mac Easmainn a thabhairt go hÉirinn. Ghabh na Sasanaigh é, áfach, agus daoradh chun báis é. Ina dhiaidh sin, áfach, maolaíodh an pionós sin go pianseirbhís saoil. Scaoileadh saor é i Mí an Mheithimh, 1917, de bharr an phardúin ghinearálta, agus vótáladh isteach ina Fheisire do Shinn Féin i gCiarraí é in olltoghchán na bliana 1918.

Bhí sé go tréan in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus chuir sé troid ar Arm an tSaorstáit sa Chogadh Chathartha. Ceapadh é sa bhliain 1923, agus chuaigh sé ar stailc ocrais a mhair le lá amháin is dhá scór sular saoradh é i Mí Iúil 1924. Nuair a bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil sa bhliain 1926, d'fhan Aibhistín de Staic ina bhall de Shinn Féin, agus hatoghadh ina Theachta Dála é sa bhliain 1927.

Ní bhfuair sé biseach ceart riamh i ndiaidh an chéalacain fhada. Shíothlaigh sé in ospidéal i mBaile Átha Cliath i Mí Aibreáin sa bhliain 1929, gan ach naoi mbliana is dhá scór d'aois aige.