Dáil Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Istigh sa Seomra na Dála.

Is é Dáil Éireann teach íseal an Oireachtais, an pharlaimint i bPoblacht na hÉireann. Toghtar go díreach é ar a laghad uair amháin gach cúig bliana leis an córas ionadaíocht chionmhar agus an t-Aonvóta Inaistrithe. Tá níos mó cumhachta ann ná atá ag teach íseal i bparlaimintí eile. Is é an craobh is treise san Oireachtas é. Tá cumhacht aige aon dlí ar mhaith leis a cheapadh. Cruinníonn sé i dTeach Laighean i mBaile Átha Cliath ó 1922.

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh an Chéad Dáil sa bhliain 1919. Ba Dháil réabhlóideach é, a bhí bunaithe ar an lá a bhris Cogadh na Saoirse amach sa tír. Tar éis an Chonartha, vótáil an Dáil é féin as marthain. Ach athbhunaíodh é go díreach nuair a tháinig ailt an Chonartha i bhfeidhm míonna níos déanaí. Thart ar an am sin, bhí cúpla 'Pairliméid' i bhfeidhm. Bhí Dáil Sealadach ann chun an Conradh a chur i bhfeidhm agus Saorstát Éireann a bhunadh. Bhí an Dáil é féin ann, a chruthaíodh i 1919. Bhí Dáil Poblachta ann freisin, bunaithe ag Eamon de Valera agus na frith-chonraitheoirí. Bhí gach ceann díobh ag éileamh ceart-síolú ón Dáil 1919 agus Forógra na Poblachta 1916.

Baill den 31ú Dáil[athraigh | edit source]

Teach Laighean i mBaile Átha Cliath, suíomh Dháil Éireann.

Is é Fine Gael an páirtí is mó sa 31ú Dáil agus tá siad sa rialtas le Páirtí an Lucht Oibre. Is é seo a leanas miondealú na bpáirtithe sa Dáil:

Páirtí Suíocháin Léiriú grafach
Fine Gael 75 Dáil Éireann composition March 2011.svg
Páirtí an Lucht Oibre 37
Fianna Fáil 20
Sinn Féin 14
Comhghuaillíocht na hEite Clé Aontaithe 5
Neamhspleách 14
Ceann Comhairle 1

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]