Bunreacht na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le Bunreacht na hÉireann ná bundlíthe na hÉireann. Bunaíodh an stát ina dhaonlathas ionadaíochta nuair a glacadh an bunreacht tar éis reifrinn ar 1 Iúil 1937. Tháinig sé i bhfeidhm ar 29 Nollaig 1937, agus ní ceadmhach é a athrú arís ach amháin trí reifreann eile ina mbeidh cead vótála ag gach saoránach de chuid na hÉireann. Ní ceadmhach aon dlí a rith sa tír nach dtagann leis an mBunreacht. Tháinig an Bunreacht atá ann faoi láthair i gcomharbacht ar Bhunreacht Saorstát Éireann a tháinig i bhfeidhm sa bhliain 1922.

Fréamhacha sa Stair[athraigh | edit source]

Cúlra[athraigh | edit source]

Ba é Éamon de Valera an duine ba mhó a bhí freagrach as an mbunreacht. Ba é Mícheál Ó Gríobhtha a scríobh an leagan Gaeilge le tacaíocht ó Risteárd Ó Foghludha, agus ba é John Hearne a rinne an leagan Béarla. Rith Dáil Éireann an bunreacht ar an 14 Meitheamh 1937, agus ar an gcéad lá de Mhí Iúil, cuireadh faoi bhráid mhuintir na hÉireann i reifreann é. Ba iad Fianna Fáil agus na poblachtánaigh eile ba mhó a thacaigh leis an mBunreacht, ach bhí Fine Gael, na hAontachtóirí, na feimínithe agus iad siúd a bhí ag tacú le ballraíocht an tSaorstáit sa Chomhlathas.

Forálacha[athraigh | edit source]

Tá seasamh na Gaeilge leagtha amach in Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann;

8.1 Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í.

8.2 Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.

8.3 Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.

Bhí stádas na Gaeilge faoin mBunreacht á scagadh in imeacht na mblianta sna Cúirteanna, mar shampla;

Athbhreithniú Breithiúnach[athraigh | edit source]

Seasamh na Gaeilge[athraigh | edit source]

  • Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Kennedy [1] an méid seo:

"None of the organs of the State, legislative, executive or judicial may derogate from the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State without offending against the Constitutional position…" (Tag: Ó Foghludha -v-McClean (1934) IR469).

  • Dúirt an Breitheamh Ó hAnnluain [2] an méid seo:

"Tabharfar fé ndeara go mbronntar ardú céime ar an Ghaeilge i mBunreacht na hÉireann, thar mar a bhí aici sa chéad Bhunreacht, nó luaitear don chéad uair í mar "phríomhtheanga oifigiúil". Ag an am gcéanna is leithne an rogha a tugtar don Oireachtas tús caidhne a thabhairt do theanga amháin thar an teanga eile do réir dlí sa mhéid a bhaineann le cúrsaí oifigiúla i gcearn ar bith den tír. Go dtí go mbaineann an tOireachtas feidhm as an gcomhacht san a bronntar air fé fhorálacha an Bhunreachta ní fuláir glacadh leis i gcónaí gurb' í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil, agus go bhfuil sé de phribhléid ag an saoránach éileamh go mbainfí feidhm aisti nuair a bhíonn gnóthaí oifigiúla le riaradh san Stát."(Tag: An Stát (Mac Fhearraigh) v Mac Gamhna – (1983) T.É.T.S 29)

"Tá sé soiléir gur caitheadh airgead Stáit ar na foirmeacha sa leagan Béarla do chur ar fáil ar an gcuma san agus ní fheictear dhom go bhfuil cothrom na Féinne le fáil ag an gcuid sin den phobal gur mian leo gnó a dhéanamh tré mheán an phríomh-theanga oifigiúil muna gcuirtear na háiseanna céanna ar fáil dóibh-sin freisin"(Tag: Ó Murchú –v- Cláraitheoir na gCuideachtaí agus an tAire Tionscail agus Tráchtála [1988] I.R.S.R (1980-1998)42)

  • Dúirt an Breitheamh Hardiman an méid seo; "Is é mo dhearcadhsa go bhfuiltear tagtha chuig staid anois nach ndéanfadh ach duine a mbeadh neamhspleáchas agus dianseasmhacht thar an ngnáth ag baint leis nó léi iarracht ar gnó dhlíthiúil a dhéanamh trí Ghaeilge…..Ní féidir leo athrú ar bith a chur ar an bhfírinne lom go n-aireoidh an té a lorgaíonn bunábhar dlíthiúil i nGaeilge go bhfuil sé ag goilleadh ar na hoifigigh óna lorgaíonn sé iad agus is cinnte go n-aireoidh sé go ndéileáilfí níos gasta agus níos éifeachtúla lena ghnó má thaobhaíonn sé an Béarla. Ní fhéadfainn a rá ach gur cion i gcoinne meoin agus bhunbhrí na bhfocal sa Bhunreacht an staid seo"....

"Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmuis dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil." (Tag: Hardiman, Brmh. - Athbhreithniú Breithiúna - An Chúirt Uachtarach Tag: Ó Beoláin V Fahy [2001] 2 I.R. 279.)

Nithe faoi Aighneas[athraigh | edit source]

Athbhreithniúcháin Bunreachtúla[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]