Comhaontas Glas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Comhaontas Glas
Lógó Gaeilge an Chomhaontais Ghlais - 2008.png
Ceannasaíocht Éamon Ryan
Bunaithe 1981
Ceanncheathrú 16-17 Sráid Suffolk, BÁC 2
Idé-eolaíocht Páirtí polaitiúil glas
Cleamhnas Global Greens
Dathanna Glas, Ór
Gréasáin greenparty.ie

Is é an Comhaontas Glas (Béarla: The Green Party) páirtí polaitiúil glas na hÉireann. Bunaíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1981 é faoin ainm Páirtí Éiceolaíochta na hÉireann (Ecology Party of Ireland as Béarla), ach athraíodh an t-ainm go The Green Party/An Comhaontas Glas sa bhliain 1987. Tháinig fás suntasach ar na Glasaigh mar a ghlaoitear orthu, agus sa lá atá inniu ann tá ionadaithe acu ar gach leibhéal rialtais in Éirinn agus san Eoraip.[fíoras?] Chomh maith leis sin, tá cónaidhm comhoibrithe speisialta acu le Páirtí Glas Thuaisceart Éireann ó 2006. Cuid de ghluaiseacht idirnáisiúnta na nGlasach é an Comhaontas Glas. Tá eagraíocht óige bainteach leis an bpáirtí chomh maith, mar atá, Óige Ghlas.

Bunú an Pháirtí[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1981, scríobh Christopher Fettes litir chuig an eagarthóir san Irish Times agus é ag fiafraí an raibh suim ag daoine eile brainse de Pháirtí Éiceolaíochta na Ríochta Aontaithe a bhunú in Éirinn. Fuair sé freagraí dearfacha i leith na ceiste seo agus chuir sé gairm chruinnithe ar na daoine a mbeadh suim acu ann sa Central Hotel i mBaile Átha Cliath ar an 3 Mí na Nollag 1981, chun an smaoineamh seo a fhorbairt.

Bhí 80 duine i láthair ar an oíche, agus b'í Máire Mullarney a bhí ina cathaoirleach ar an gcruinniú. Ceann de na príomhábhair díospóireachta a bhí ann ná an mbeadh an grúpa nua seo ina pháirtí polaitiúil ceart nó ina ghrúpa stocaireachta timpeallachta amháin. D'aontaigh an chuid is mó dá raibh i láthair go mba cheart páirtí polaitiúil ceart a bhunú agus go mba cheart an páirtí agus lucht a stiúrtha a lonnú in Éirinn. Baisteadh Páirtí Éiceolaíochta na hÉireann (The Ecology Party of Ireland as Béarla) ar an ngrúpa nua seo an oíche sin. Sheachnaítí úsáid an fhocail 'Glas' in ainm na heagraíochta ar dtús, ar eagla go samhlófaí an páirtí leis an náisiúnachas nó fiú leis an IRA. Ba ghníomh stairiúil é bunú an pháirtí seo i bpolaitíocht na hÉireann, ós rud é gurbh é an t-aon pháirtí polaitiúil nua ó bhunú an Stáit nár tháinig ar an bhfód de thoradh scoilte i bpáirtí nó i ngluaiseacht pholaitiúil éigin eile.

Dul san Iomaíocht i dToghcháin[athraigh | edit source]

Sheas iarrthóirí Glasa don Dáil don chéad uair san olltoghchán i Mí na Samhna 1982, agus seachtar acu san iomaíocht. Bhí triúr i mBaile Átha Cliath, beirt i gCorcaigh, duine amháin i Luimneach agus duine eile i gCill Mhantáin. D'éirigh leo 3,676 vóta a bhaint amach san iomlán (0.2% den vóta náisiúnta). Baisteadh an t-ainm nua úd An Comhaontas Glas (The Green Alliance as Béarla) ar an bpáirtí ansin agus ba faoin ainm sin a cláraíodh mar pháirtí polaitiúil é le cléireach na Dála ar an 12 Aibreán 1984. Ceapadh go raibh an t-ainm Páirtí Éiceolaíochta na hÉireann ag cur mearbhaill ar na daoine.

Fuair an páirtí an chéad ionadaí tofa sa bhliain 1985, nuair a toghadh Marcus Counihan ar Chomhairle Baile Chill Áirne.

Sa bhliain 1987 athraíodh an t-ainm Béarla arís go The Green Party ach coinníodh an seanleagan Gaelach, An Comhaontas Glas, i bhfeidhm le leanúnachas a choinneáil le coincheap bunaidh an pháirtí.

B'é Roger Garland an chéad Teachta Dála a fuair an páirtí. Vótáladh isteach ó dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas é sa bhliain 1989, nuair a d'éirigh leis an ceathrú suíochán a bhuachan.[1] Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1992, ach d'éirigh le Trevor Sargent ionadaíocht an pháirtí a choinneáil sa Dáil, nuair a toghadh san olltoghchán céanna é ó Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Baineadh geit as an saol polaitiúil sa bhliain 1994, nuair a d'éirigh leis na hiarrthóirí Glasa Patricia McKenna agus Nuala Ahern suíocháin a bhaint amach i bParlaimint na hEorpa. Bhí siad ina n-iarrthóirí i mBaile Átha Cliath agus i gCúige Laighean faoi seach.

D'éirigh le Trevor Sargent a shuíochán a choinneáil in olltoghchán na bliana 1997, agus bhí leathbhádóir nua aige nuair a toghadh John Gormley ar éigean i mBaile Átha Cliath Thoir-Theas. B'é seansuíochán Mhíchíl Mhic Dhubhghaill é.[2]

Forbairt agus Dul Chun Cinn sa 21ú hAois[athraigh | edit source]

I ndiaidh an Olltoghcháin sa bhliain 1997, rinneadh leasú agus atheagrú ar struchtúr an pháirtí le cur lena éifeachtúlacht mar mheaisín polaitiúil. Go dtí sin, bhí drogall mór ar na Glasaigh roimh iararcacht ar bith sa pháirtí. Ní raibh aon duine ina cheannaire ar an bpáirtí, agus bhí béim an-mhór ar na cinntí comhthola in áit na vótaí tromlaigh. Sa bhliain 2001, d'athraigh na Glasaigh bunreacht an pháirtí, ionas go bhféadfaí ceannaire a cheapadh don pháirtí an chéad uair[3]. B'é Trevor Sargent a fuair an post, agus é ar an Teachta Dála ba mhó taithí a bhí ag an bpáirtí.[4]. Tamall gearr ina dhiaidh sin, toghadh an Teachta Dála eile, John Gormley, ina Chathaoirleach ar an bpáirtí. Post nua a bhí ann freisin.

Chuir Olltoghchán na bliana 2002 cor i gcinniúint an pháirtí, nó vótáladh seisear Teachtaí Dála isteach an turas sin. B'iad sin Trevor Sargent, John Gormley, Éamon Ryan, Paul Gogarty, Ciarán Cuffe agus Dan Boyle. I mBaile Átha Cliath a toghadh an chéad chúigear acu sin, ach tháinig Dan Boyle ó Chorcaigh Láir Theas.

Bhí an Comhaontas Glas go hard sna pobalbhreitheanna roimh Olltoghchán na bliana 2007 agus bhíothas ag súil leis go bhfaighfeadh sé, ar a laghad, seacht suíochán, agus go mbeadh seansanna aige, fiú, dhá cheann déag a ghnóthú. Bhíothas ag tabhairt "An Taoide Ghlas" (Green Tide as Béarla) ar an mborradh seo sna meáin chumarsáide. Ach i ndeireadh na dála, níor éirigh leis an bpáirtí ach an sé cinn a fháil. Theip an t-atoghadh ar Dan Boyle i gCorcaigh, ach ó vótáladh Mary White isteach ó Cheatharlach-Cill Chainnigh, choinnigh an páirtí an líon suíochán a bhí aige roimh an toghchán. Tháinig méadú 22% (3.84% go 4.69%) ar vóta náisiúnta an pháirtí ar an iomlán.

Cé gur bhain na torthaí seo mealladh as an bpáirtí, olltoghchán stairiúil a bhí ann, ó d'éirigh leo iarrthóir a chur san iomaíocht i ngach uile dháilcheantar sa tír. Nuair a toghadh Mary White, bhí an chéad Teachta Dála mná agus an chéad Teachta Dála tuaithe ag an bpáirtí, fosta. Mar sin, maolaíodh ar an réamhthuairim nach raibh suim ach ag muintir na gcathrach sna Glasaigh.

Chuaigh an Comhaontas Glas i gcomhrialtas le Fianna Fáil, an Páirtí Daonlathach agus roinnt teachtaí neamhspleácha, tar éis dóibh Clár Rialtais a shocrú eatarthu i Meitheamh 2007. Ghlac tromlach suntasach de bhallra an Chomhaontais Ghlais leis an margadh rialtais ag comhdháil speisialta ag Teach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath (441 vóta ar a shon/67 ina choinne/le dhá vóta loite).

Sa rialtas nua, bhí John Gormley ina Aire Comhshaoil, agus ba é Éamon Ryan an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Fuair Trevor Sargent cúrsaí bia mar shainchúram sa rialtas, agus é ina Aire Sóisearach.

Ba chuid den mhargadh a socraíodh le Fianna Fáil é go gceapfadh an Taoiseach beirt Ghlasach ar an Seanad. B'iad an tIar-Theachta Dála Dan Boyle agus an Comhairleoir Contae ó Chill Mhantáin, Déirdre De Búrca a roghnaíodh. Ba iad an bheirt seo na chéad Seanadóirí riamh ón gComhaontas Glas.

Ar 12 Feabhra 2010, d'éirigh De Búrca as mar Sheanadóir ó thaobh a mí-shásamh leis an slí a bhí an páirtí a bhí ag feidhmiú sa chomh-rialtas.

Inniu[athraigh | edit source]

Is é Éamon Ryan atá ina cheannaire ar an bpáirtí inniu. Tháinig sé i gcomharbas ar John Gormley. B'iad Ryan, Malcolm Noonan agus Phil Kearney a bhí ina n-iarrthóirí don phost.[1]

Torthaí olltoghcháin an pháirtí[athraigh | edit source]

Olltoghchán Dáil Sciar vótaí Suíocháin Toradh an olltoghcháin
1982 (2ú) 24ú 0.2% 0 Comhrialtas de chuid Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre
1987 25ú 0.4% 0 Rialtas de chuid Fhianna Fáil
1989 26ú 1.5% 1 Comhrialtas de chuid Fhianna Fáil agus an Pháirtí Dhaonlathaigh
1992 27ú 1.4% 1 Comhrialtas de chuid Fianna Fáil agus Pháirtí an Lucht Oibre
1997 28ú 2.8% 2 Comhrialtas de chuid Fhianna Fáil agus an Pháirtí Dhaonlathaigh
2002 29ú 3.8% 6 Comhrialtas de chuid Fhianna Fáil agus an Pháirtí Dhaonlathaigh
2007 30ú 4.7% 6 Comhrialtas de chuid Fhianna Fáil, an Chomhaontais Ghlais agus an Pháirtí Dhaonlathaigh
2011 31ú 1.8%[2] 0 Comhrialtas de chuid Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Foinsí[athraigh | edit source]