An Chéad Dáil
Ba í an Chéad Dáil parlaimint Éireannach nua a bunaíodh i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann sa bhliain 1919. Ag an am, ba pháirt den Ríocht Aontaithe í an tír, agus shuigh na polaiteoirí i Westminster, Sasana. Ach tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916, bhí a lán tacaíocht ag an páirtí poblachtach Sinn Féin, agus bhunaigh siad a bparlaimint féin nua in Éireann leis an t-ainm "Dáil Éireann". Briseadh amach Cogadh Angla-Éireannach ar an lá céanna.
Ag an chéad chruinniú, eisíodh Faisnéis Neamhspleádhchuis (nó Forógra Neamhspleáchais na hÉireann, mar a ghlaoitear air anois) ag rá go raibh Poblacht na hÉireann i bhfeidhm. Bhí a lán de na h-ionaid Éireannach fós i bpríosún, agus dá bharr ní raibh ach 26 dóibh i láthair. I mí na Samhna 1919, dhearbhaigh na Rialtas na Breataine go raibh an Dáil mí-dhleathach agus ó sin ar aghaidh bhí orthu teacht le chéile faoi rún.
Clár ábhair |
[athraigh] Cruinniú i dTeach an Ardmhéara
Bhí an chéad chruinniú i dTeach an Ardmhéara ar an 21 Eanáir, agus rinneadh an chuid is mó den ghnó i nGaeilge. Toghadh Cathal Brugha ina Cheann Comhairle (nó cathaoirleach) agus cuireadh cúpla cháipéis i láthair:
- Bunreacht Dála Éireann - bunreacht gearr agus sealadach
- Faisnéis Neamhspleádhchuis
- Scéal Ó Dháil Éireann Chum Saor-Náisiún an Domhain
- Clár Oibre Poblacánaighe
Dhearbhaigh an Forógra Neamhspleáchais gurb rialtas ar stát ardcheannasach í an Dháil leis an t-ainm Dáil Éireann, agus ansin bhunaigh an Dháil comhaireacht faoin ainm "An Aireacht". Chomh maith le sin, roghnaíodh duine amháin a bheith ina "Phríomh-Aire" agus leis an teideal "Uachtarán ar Dháil Éireann" freisin. B'é Brugha an príomh-aire sealadach a toghadh, agus tháinig de Valera isteach ina áit i mí Aibreáin.
[athraigh] Rialtas na chéad Dála
[athraigh] Aireacht a haon (sealadach)
Bhí an chéad aireacht i bhfeidhm ó 21 Eanáir 1919 go dtí 1 Aibreán 1919.
[athraigh] Aireacht a dó (sealadach)
Bhí an dara haireacht i bhfeidhm ó 1 Aibreán 1919 go dtí 26 Lúnasa 1921.
[athraigh] Airí nach raibh san aireacht
[athraigh] Baill suntasacha
- Éamon de Valera
- Mícheál Ó Coileáin
- Liam Tomás Mac Cosgair
- An Cunta Pluincéad
- Eoin Mac Néill
- Art Ó Gríofa
- Cathal Brugha
- Caoimhín Ó hUiginn
- Constance Markievicz
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.