Forógra Neamhspleáchais na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é a bhí i gceist le Forógra Neamhspleáchais na hÉireann (Faisnéis Neamhspleádhchuis i nGaeilge an lae) ná forógra faoi shaoirse na hÉireann a d'eisigh Dáil Éireann de thoradh a céad chruinnithe (an Chéad Dáil) i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath ar an 21ú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1919. Dréachtáladh an forógra i dtrí theanga, mar atá, Gaeilge, Béarla, agus Fraincis.

An Téacs Iomlán[athraigh | edit source]

De bhrí gur dual do mhuintir na hÉireann bheith ina saornáisiún.
Agus de bhrí nár staon muintir na hÉireann riamh le seacht gcéad bliain ó dhiúltú d'ansmacht Gall agus ó chur ina choinne go minic le neart airm.
Agus de bhrí nach bhfuil de bhunús agus nach raibh riamh de bhunús le dlí Shasana sa tír seo ach foréigean agus calaois, agus nach bhfuil de thaca leis ach seilbh lucht airm in ainneoin dhearbhthoil mhuintir na hÉireann.
Agus de bhrí go ndearna Saor-Arm na hÉireann Saorstát Éireann d'fhorógairt i mBaile Átha Cliath Seachtain na Cásca 1916 ar son mhuintir na hÉireann.
Agus de bhrí go bhfuil muintir na hÉireann láncheaptha ar neamhspléachas iomlán a bhaint amach agus a chosaint dóibh fhéin d'fhonn leas an phobail a chur chun cinn, an ceart a athchur ar a bhonnaibh, an tsíocháin in Éirinn agus cairdeas le náisiúin eile a chur in áirithe dhóibh féin agus féineachas náisiúnta a cheapadh a mbeidh toil na ndaoine mar bhunús leis agus cothrom cirt is caoithiúlachta dá bharr ag gach duine in Éirinn.
Agus de bhrí go ndearna muintir na hÉireann, agus sinn i mbéal ré nua de stair an domhain, feidhm a bhaint as an Olltoghadh, Mí na Nollag, 1918, chun a dhearbhú de bhreis abhalmhór gur toil leo bheith dílis do Shaorstát Éireann.
Ar an ábhar sin déanaimidne .i. na teachtaí atá tofa ag muintir na hÉireann agus sinn i ndáil chomhairle i dteannta a chéile, bunú Saorstáit a athdheimhniú in ainm náisiún na hÉireann agus sinn féin a chur faoi gheasa an deimhniú seo a chur i bhfeidhm ar gach slí ar ár gcumas.
Ordaímid nach bhfuil de chumhacht ag aon duine ach amháin ag na Teachtaí tofa ag muintir na hÉireann dlíthe a dhéanamh ar dual do mhuintir na hÉireann géilleadh dhóibh, agus nach bhfuil de pharlaimint ann a mbeidh an náisiún umhal di ach amháin Dáil Éireann.
Dearbhaímid nach bhfulaingeoimid go bráth an cúngas atá dá dhéanamh ag an ansmacht Gallda ar ár gceart náisiúnta agus éilímid ar chamthaí [?] na Sasanach imeacht ar fad as ár dtír.
Éilímid ar gach saornáisiún ar domhan neamhspleáchas na hÉireann a admháil agus fógraímid gurb éigean ár neamhspleáchas chun síocháin a chur in áirithe don domhan.
In ainm mhuintir na hÉireann cuirimid ár gcinniúint faoi chomairce Dhia na hUile Chumhachta a chuir misneach agus buanseasmhacht in ár sinnsear chun leanúint leo go tréan leis na céadta bliain i gcoinne tíoránachta gan trua gan taise: agus de bhrí gur móide an neart an ceart a bheith againn sa troid a d'fhágadar mar oidhreacht againn, achainímid ar Dhia A bheannacht a bhronnadh orainn i gcomhair an treasa [?] deiridh den chomhrac a bhfuilimid faoi gheasa leanúint dó go dtí go mbainfidh muid amach an tsaoirse.

Foinsí[athraigh | edit source]