Art Ó Gríofa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Art Ó Gríofa
Arthur Griffith (1871-1922).jpg

Uachtarán Dháil Éireann
In oifig
10 Eanáir 1922 - 12 Lúnasa 1922
Réamhtheachtaí: Éamon de Valera
Comharba: Liam T. Mac Cosgair

Aire Gnóthaí Eachtracha
In oifig
26 Lúnasa 1921 - 9 Eanáir 1922
Réamhtheachtaí: An Cunta Pluincéad
Comharba: Seoirse Gabhán Ó Dubhthaigh

Dáta breithe 31 Márta 1872
  Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis 22 Lúnasa 1922
  Baile Átha Cliath, Éire
Páirtí Sinn Féin
Céile Maud Griffith

Polaiteoir Éireannach ab ea é Art Ó Gríofa, Art Ó Gríobhtha tráth, nó Arthur Griffith as Béarla (31 Márta, 1872 - 12 Lúnasa, 1922), a bhunaigh Sinn Féin. Chaith sé tréimhse ina uachtarán ar Dháil Éireann ó Eanáir go mí Lúnasa 1922, agus ba é a bhí ina cheann ar thoscaireacht na hÉireann a shínigh an Conradh Angla-Éireannach i 1921.

Óige[athraigh | edit source]

Ba i mBaile Átha Cliath a rugadh Art Ó Gríofa (nó Ó Gríobhtha) ar an 31 Márta 1872. Ba de shliocht Bhreatnach é agus fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí. Bhí a athair ina chlódóir sa nuachtán The Nation, agus bhí sé ar dhuine de na fostaithe a glasáladh amach le linn aighneas tionsclaíochta go luath sna 1890í. Chaith Art é féin tamall ag obair mar chlódóir sula ndeachaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge, agus i mBráithreachas na Poblachta (an IRB). Bhuail an eitinn é agus chuaigh sé go dtí an Afraic Theas ar feadh bliana ar mhaithe lena shláinte. Thug sé tacaíocht do na Bóraigh ina n-iarrachtaí a neamhspleáchas a chosaint ón mBreatain agus bhí an-mheas aige ar Paul Kruger.

Ar theacht ar ais go hÉirinn dó i 1899, bhunaigh sé nuachtán darbh ainm The United Irishman. Bhí Ó Gríofa an-ghéar ar fad ina ionsaithe ar Pháirtí Parlaiminteach a linne, ach níor liobrálach ná sóisialach ar dhóigh ar bith é féin. Mheas sé go raibh córas impiriúil na Rúise agus na Gearmáine níos fearr ná córas na Breataine. Bhunaigh sé eagraíocht darbh ainm Cumann na nGaedheal chun cur i gcoinne chuairt rí Shasana ar Éirinn i 1904.

Chuaigh Cumann na nGaedheal i bpáirt le heagraíochtaí eile i 1905 agus bunaíodh Sinn Féin. Cuireadh an dlí ar pháipéar Uí Ghríofa, The United Irishman agus dúnadh é, ach thosaigh sé nuachtán eile faoin teideal Sinn Féin láithreach bonn. Páipéar laethúil a bhí ann go dtí gur cuireadh faoi chois é 1914.

Sinn Féin[athraigh | edit source]

D'fhógair Ó Gríofa go raibh Acht an Aontais idir Éire agus an Bhreatain mídhleathach, agus mar sin gur démhonarcacht a bhí ar bun go dleathach go fóill, is é sin go raibh dhá ríocht a bhí ar chomhchéim le chéile ann, Éire agus an Bhreatain, seachas an Ríocht Aontaithe a fógraíodh in 1801. D'fhoilsigh sé leabhar darb ainm The Resurrection of Hungary faoin dóigh a raibh démhonaracht ar bun idir an Ostair agus an Ungáir. Cé nár mhonarcach é féin, chreid Ó Gríofa go mbeadh na Sasanaigh sásta le socrú den chineál sin a thabharthach comhstádas d'Éirinn seachas í a bheith scartha amach ar fad uaithi. Níor thug mórán daoine in Éirinn tacaíocht don smaoineamh áfach, mar gur theastaigh poblacht neamhspleách uathu. Bhí ceannairí náisiúnacha eile sásta glacadh lena chomhairle maidir le staonadh ó dhul go Londain dá dtoghfaí chun na Parlaiminte iad, agus parlaimint a fhógairt i mBaile Átha Cliath. Chuaigh baill de Bhráithreachas na Poblachta isteach i Sinn Féin chun a dtuairimí féin a bhrú chun cinn.

Éirí Amach[athraigh | edit source]

Leathanach ón gConradh Angla-Éireannach, leis a théacs féin scríobtha air.

Faoi threoir bhaill de Bhráithreachas na Poblachta, eagraíodh Éirí Amach na Cásca i 1916, agus cuireadh faoi chois go mear é. Thug na Sasanaigh 'Éirí Amach Shinn Féin' ar an eachtra cé nach raibh aon bhaint ag an bpáirtí leis. Cuireadh na sluaite i ngéibheann agus nuair a tháinig siad amach as an phríosún i 1917 chuaigh an-chuid acu isteach i Sinn Féin, agus é ar intinn acu an phoblacht a chur chun cinn. Tar éis roinnt mhaith argóna, glacadh leis go n-éileofaí poblacht agus go bhfágfaí faoin phobal tacú leis an éileamh sin nó le dearcadh Uí Ghríofa.

Cogadh na Saoirse[athraigh | edit source]

Toghadh Ó Gríofa ina bhall Parlaiminte (MP) don Chabhán Thoir i bhfothoghchán i lár 1918, agus bhí bua éasca ag Sinn Féin san olltoghchán an bhliain dar gcionn. Chuir teachtaí Shinn Féin Dáil Éireann ar bun mar pharlaimint neamhspleách i mBaile Átha Cliath agus fógraíodh Poblacht na hÉireann in athuair. Thosaigh Cogadh na Saoirse nuair nach n-aithneodh rialtas na Breataine an Dáil. Tar éis cúpla bliain den chogaíocht bhí sos cogaidh ann agus chuir an Dáil toscaireacht chun na Breataine chun réiteach a lorg. Bhí Art Ó Gríofa i gceannas ar an toscaireacht agus fonn láidir air teacht chun réitigh. Shínigh sé Conradh nár thug neamhspleáchas iomlán d'Éirinn, agus a rinne críochdheighilt ar an tír, agus ní raibh Éamonn de Valera ná teachtaí eile sásta leis sin. Bhí teannas uafásach sa tír, d'éirigh de Valera as oifig mar uachtarán agus ghlac Ó Gríofa a áit, ach rinne an t-achrann an-dochar dá shláinte agus fuair sé bás de rith fola san inchinn ar an 12 Lúnasa 1922.

Scríobh Sean Ó Lúing beathaisnéis chuimsitheach faoi.

Leabhair[athraigh | edit source]

  • Art Ó Gríofa, Seán Ó Lúing (Baile Átha Cliath 1953)

Tagairtí[athraigh | edit source]