Énrí Ó Beóláin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÉnrí Ó Beóláin

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Aibreán 1887
Baile Phib Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Lúnasa 1922
35 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil


Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil


Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin Theas

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 1 Lúnasa 1922 (bás in oifig)

Toghcheantar: Ros Comáin Theas

Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil na mBráithre, Sráid Synge Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla

Polaiteoir Éireannach ab ea Énrí Ó Beóláin (leagan comhaimseartha Gaeilge; bheadh Annraoi Ó Beoláin níos cóngaraí do chaighdeán na teanga inniu), nó Harry Boland as Béarla. Rugadh an Beólánach sa bhliain 1887, agus d'éag sé sa bhliain 1922.

Bhí sé ina Theachta ar an Chéad Dáil agus ina chúntóir ag Mícheál Ó Coileáin. Níor ghlac an Beólánach leis an gConradh Angla-Éireannach, agus nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na hÉireann, throid sé ar an taobh frith-Chonartha. Fuair sé bás i bpáirc an áir.

Ba pholaiteoir sinsearach de chuid Fhianna Fáil é a dheartháir Gearalt Ó Beóláin (1885-1973).

Kitty Kiernan

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an Beólánach chun saoil i mBaile Átha Cliath, agus chuaigh sé i gCumann Lúthchleas Gael nuair a bhí sé óg. Sa deireadh, chuaigh sé i mBráithreachas na Poblachta agus in Óglaigh na hÉireann freisin.

Throid an Beólánach in Éirí Amach na Cásca. In olltoghcháin na bliana 1918, vótáladh isteach é mar fheisire do Ros Comáin Theas. Cosúil le Feisirí Shinn Féin go léir, níor bhac sé lena shuíochán i Londain. Ina áit sin, chuaigh sé sa Chéad Dáil. Cheap Eamon de Valera é mar theachtaire speisialta le dul go dtí na Stáit Aontaithe ag iarraidh aitheantais do Phoblacht na hÉireann agus ag cothú tacaíochta leis an bpoblacht nua i measc phobal Éireannach na Stát.

Le linn Chogadh na Saoirse, bhí an Beólánach agus Mícheál Ó Coileáin ag comhoibriú le chéile go dlúth. Nuair a shínigh an Coileánach an Conradh Angla-Éireannach, áfach, thréig a chara é, agus chuaigh sé leis na Poblachtánaigh.

Saighdiúirí de chuid Arm an tSaorstáit a mharaigh an Beólánach le linn Chogadh Cathartha na hÉireann. Tháinig siad air in Óstán Skerries Grand. Ghoin siad go héag é; shíothlaigh sé cúpla lá ina dhiaidh sin in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath. Tá plaic cuimhneacháin le feiceáil san áit inar goineadh é, cé go bhfuil an t-óstán féin imithe le fada.

Sa scannán Michael Collins le Neil Jordan sa bhliain 1996, rinne an t-aisteoir Meiriceánach Aidan Quinn páirt Uí Bheóláin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]