Rialtas na Ríochta Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is téarma é Rialtas na Ríochta Aontaithe (Béarla: The Government of the United Kingdom) a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar lár-rialtas na Ríochta Aontaithe. Faoi bhunreacht na Breataine is cosúil gur ag an mbanríon atá an t-údarás feidhmeannach ach bíonn sé á fheidhmiú ag an gCaibinéad agus a chomhairle siúd i bhfírinne. Bailiúchán de na hairí is sinsearaí ag an mbanríon is ea an Caibinéad seo. I gcaint na ndaoine sa Bhreatain is iondúil gur cnuasainm é "the Government" (Gaeilge: an Rialtas) a thagraíonn d'airí na Corónach, ar baill ar fad de cheann de thithe na Pairliminte iad. Tá baill an Rialtais freagrach ina n-aonar agus ina ngrúpa don Phairlimint as an gcomhairle a thairiscíonn siad don Bhanríon agus do ghníomhaíochtaí a dhéantar ar a son.