Poblacht na hÉireann (1919)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í Poblacht na hÉireann (1919) an stát réabhlóideach a bhí bunaithe ag baill na Chéad Dála. Bunaíodh í i gcoinne stát na Breataine chun neamhspleáchas na hÉireann a bhaint amach agus neamhaird a thabhairt ar riail na Breataine in Éirinn. Ba é arm na poblachta seo a throid Cogadh na Saoirse (Éire) idir 1919 agus 1921. Chuir Sinn Féin an Phoblacht ar bun, chuir siad cuireadh go dtí an Páirtí Náisiúnach agus an Páirtí Aontachta ach dhiúltaigh siad chun a bheith ann. Thóg na baill a sainordú ó Éirí Amach na Cásca agus ó Olltoghchán na Breataine 1918, inar bhuaigh Sinn Féin 73 suíochán, an chuid is mó de na suíocháin in Éirinn.

Fuair an Phoblacht aitheantas ón Aontas Sóivéadach ach ba í sin an tír amháin a thug aitheantas di. Bhí rath ag an bpoblacht maidir le cúirteanna dúchasacha a chruthú agus ord a choimeád. Chomh maith le sin, bhí an-thacú ag daoine náisiúnacha leis an rialtas nua. Áfach, níor shín an riail go Oirthuaisceart na hUladh, áit ina bhfuil méid mór Aontachtóirí. Sa deireadh, neamhbhunaigh an phoblacht tar éis an Conradh Angla-Éireannach agus bhunaigh Saorstát Éireann ina háit. Dúirt an phoblacht go raibh údarás aici ar oileán iomlán na hÉireann, ach ní raibh riail na poblachta ann in áiteanna de Ulaidh, mar shíneadh ar sin, ní raibh na Sé Contae in Oir-thuaisceart na hÉireann ann i Saorstát Éireann. Rinne Tuaisceart Éireann astu.