Saorstát Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séala Mór Shaorstát Éireann

Is é Saorstát Éireann an stát a bunaíodh i sé chontae fichead na hÉireann i ndiaidh shíniú an Chonartha Angla-Éireannaigh agus a mhair go dtí gur tháinig Bunreacht na hÉireann i bhfeidhm sa bhliain 1937. Bhí rí Shasana ina cheann stáit ar an Saorstát, agus Seanascal Shaorstát Éireann ina ionadaí aige sa stát. Chaithfeadh na Teachtaí Dála móid dílseachta a mhionnú don Rí sula nglacfaidís a suíocháin sa Dáil.

Cé go raibh stádas an Tiarnais ag an Saorstát, bhí níos mó saoirse aige ná ag na Tiarnais eile. Éireannach ab ea é an Seanascal, ach muintir isteach ab ea iad na Gobharnóirí Ginearálta sna tiarnais eile, fir uaisle Ghallda ón mBreatain Mhór de ghnáth. Theastaigh ó na hÉireannaigh poblacht a chur ar bun mar sin féin, agus rinne rialtas an tSaorstáit a ndicheall leis an gcuspóir sin a bhaint amach seachas cogadh nua a tharraingt anuas ar an tír. Sa bhliain 1931, d'achtaigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe an reacht ar ar tugadh Reacht Westminster, reacht a chuir ar chumas na dTiarnas éagsúil a gcuid dlíthe féin a reachtú beag beann ar an mBreatain Mhór. Ghlac lucht rialtais na hÉireann buntáiste ar an reacht seo lena mbunreacht féin a chur i bhfeidhm, Bunreacht na hÉireann, sa bhliain 1937.