Páirtí na bhFeirmeoirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí na bhFeirmeoirí
Sonraí
Ainm gearrFP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtatalúntachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1922
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1932 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea Páirtí na bhFeirmeoirí (The Farmers' Party nó The Farmers' Union as Béarla) a bhí ar an bhfód i Saorstát Éireann idir 1922 agus 1932. Bhí an páirtí dírithe go hiomlán ar leasa phobal na harúlachta agus ní dhearnadh iarracht an páirtí a fhorbairt taobh amuigh den tuath.

Bhain an páirtí seacht suíochán Dála amach sa chéad olltoghchán den stát nua sa bhliain 1922 agus árdaíodh a mhéad suíochán go cúig déag in olltoghchán 1923. Bhí an chuid is mó de na suíocháin i gceantracha saibhre, rud a chiallaíonn gurb iad na feirmeoirí móra is mó a thacaigh leis an bpáirtí.

Thacaigh an páirtí le rialtas Chumann na nGaedheal i rith na 1920í. Ba iad na teachtaí a bhí i bhfabhar na saorthrádála a bhí níos fabhraí don rialtas. Duine dóibh siúd ab ea Denis Gorey a mhol go gcomhcheanglaíodh an dá pháirtí lena chéile. Bhí na teachtaí a thacaigh le caomhnaitheacht i bhfabhar leanúint ar aghaidh mar pháirtí neamhspleách agus ó 1926 amach, bhí siad i bhfabhar comhoibriú le Fianna Fáil. Rinne an deighilt idir lucht na saorthrádála agus lucht na caomhnaitheachta dochar don pháirtí agus sa deireadh bhí vótaí an pháirtí roinnte idir na páirtithe móra. Bhí an bua ag lucht neamhspleáchais sa pháirtí agus chuaigh Denis Gorey isteach i gCumann na nGaedheal.

Thit líon teachtaí an pháirtí ó 15 go 6 i rith na bliana 1927 mar gheall ar teipeanna i dtoghcháin agus daoine ag tabhairt cúl leis an bpáirtí. Lean sé ag ar aghaidh ag tacú le rialtas Chumann na nGaedheal, go háirithe sa vóta mí-mhuiníne a tharla díreach roimh olltoghchán Mheán Fómhair 1927. Tugadh post sóisear rialtais do Michael Heffernan, ceannaire an pháirtí, tar éis an olltoghcháin chun tacaíocht an pháirtí a dhaingniú. Chuaigh Heffernan isteach i gCumann na nGaedheal roimh an chéad olltoghchán eile.

Is beag an méad teachtaí a bhí fágtha ag an bpáirtí ag tús na 1930í agus bhí an cuma ar an scéal nach n-éireodh go maith leo mar pháirtí neamhspleách. Bhí na feirmeoirí móra tar éis dul isteach i gCumann na nGaedheal agus bhí na feirmeoirí beaga ag tacú le Fianna Fáil níos mó ná Páirtí na bhFeirmeoirí. Tar éis olltoghchán 1932 ní raibh ach dream beag fágtha nach raibh sásta cloí le Cumann na nGaedheal nó le Fianna Fáil. Chomhcheangail an dream seo an páirtí leis an Lár-Pháirtí Náisiúnta agus chuaigh siad san iomaíocht in olltoghchán 1933 ar son an pháirtí nua.

Bunaíodh páirtí arúlachta nua, Clann na Talmhan, sa bhliain 1938.

Olltoghcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghchán Suíocháin ± Vótaí chéad Rogha VCR % Áit Ceannaire
Olltoghchán na hÉireann, 1922
7 / 128
Increase 7 48,718 7.8 Denis Gorey
Olltoghchán na hÉireann, 1923
15 / 153
Increase 8 127,184 12.1 Denis Gorey
Olltoghchán Éireannach, Meitheamh 1927
11 / 153
Decrease 4 101,955 8.9 Michael Heffernan
Olltoghchán Éireannach, Meán Fómhair 1927
6 / 153
Decrease 5 74,626 6.4 Michael Heffernan
Olltoghchán Éireannach, 1932
3 / 153
Decrease 3 22,899 1.8 Michael Heffernan

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]