Leo Varadkar
| Leo Varadkar | |
|
|
|
| In oifig 9 Márta 2011 |
|
| Réamhtheachtaí: | Pat Carey |
|
|
|
| Dáta breithe | 18 Eanáir 1979 |
| Baile Átha Cliath | |
| Páirtí | Fine Gael |
Polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael is ea Leo Varadkar (rugadh ar 18 Eanáir 1979 é). Is Teachta Dála é do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Toghadh é don chéad uair sa bhliain 2007 agus atoghadh é sa bhliain 2011. Ceapadh é mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt sa chomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a socraíodh tar éis olltoghchán 2011.
Rugadh Varadkar i mBaile Átha Cliath. Dochtúir ón Ind is ea a athair, a d'oibrigh mar dhochtúir ginearálta i mBaile Bhlainséir agus is Éireannach í a mháthair. Oileadh é i Scoil Kings Hospital i mBaile Phámar agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a cháiligh sé mar dhochtúir. Bhí sé ina bhall deYoung Fine Gael, óg-ghluaiseacht an pháirtí, sa choláiste.
Comhthoghadh é do Chomhairle Chontae Fhine Gall in áit Sheila Terry sa bhliain 2003. Atoghadh é don chomhairle i gceantar Chaisleán Cnucha sa bhliain 2004 (fuair sé an vóta chéad rogha is airde sa stát). Toghadh é do Dháil Éireann in olltoghchán na bliana 2007 agus ba urlabhraí Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta an pháirtí é ó 2007 go 2010. Bhí Varadkar páirteach in iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh sa bhlain 2010. Theip ar an iarracht ach athcheapadh é don bhínse tosaigh mar urlabhraí Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha.
Ceapadh é mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ar 9 Márta 2011.