Luas (tram)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas tramanna atá suite i mBaile Átha Cliath is ea an Luas. Is ceann de 450 córas iarnróid éadroma atá á bhfeidhmiú i gcathracha timpeall an domhain é an Luas.

Tá dhá líne i bhfeidhm faoi láthair, an Líne Uaine agus an Líne Dhearg,, nasctha le chéile ó 2017.

I Nollaig 2009, bhí 40 stáisiún sa chóras agus bhí an rian 26,5 cm ar fhad. Meastar ag an am go raibh an Luas á úsáid ag 80,000 daoine in aghaidh an lae.

An Luas in aice le Stáisiún Heuston

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil den chóras a thaispeánann stadanna na Líne Deirge agus na Líne Uaine

Cuireadh smaoineamh do chóras tramanna nua nó do chóras iarnróid éadróma le aghaidh chathair Bhaile Átha Cliath ar aghaidh don chéad uair sa bhliain 1994, ag tuarascáil Thionscnamh Iompair Átha Cliath. Rinneadh tagairt do bhunthrambhealach Átha Cliath sa tuarascáil sin. Ba thrambhealach é a ritheadh timpeall na cathrach le rian de 60 cm ar fhad. I ndiaidh na tuarascála seo, iarradh ar Chóras Iompair Éireann (CIÉ), oibritheoir iompair phoiblí na hÉireann faoi úinéireacht an stáit, staidéar a dhéanamh ar na roghanna difriúla maidir le córas tramanna. Moladh dhá chéim maidir le tógáil córais den sórt sin ag CIÉ:


Cruthaíodh creat dlíthiúil ag an Acht Iompair 1996 chun córas iarnróid éadroma a thógáil ag CIÉ agus i Mí na Bealtaine 1997 cuireadh an chuideachta iarratas isteach ar Ordú Iarnróid Éadroma chun an chéad chéim a thógáil chomh maith le cuid éigin de chéim 2 (Baile Gearainn/Baile Amhlaoibh go hÁth an Ghainimh).

Tosaíodh fiosrúchán i Mí Iúil 1997, ach cuireadh ar feitheamh é chun imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht stráicí an chórais a thógáil faoi thalamh sa Lár. I Mí na Bealtaine 1998, beartaíodh ag an rialtas dhá líne a thógáil agus mar sin, leasaíodh na pleananna. Ritheadh an chéad líne ó Thamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile, agus ritheadh an dara líne ó hEastát Tionsclaíoch Áth an Ghainimh go hAerfort Bhaile Átha Cliath, trí lár na cathrach agus trí Bhaile Munna. Bheadh cuid den dara líne faoi thalamh i lár na cathrach.

2001[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistríodh an fhreagracht as forbairt an Luas ó CIÉ go dtí an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, gníomhaireacht nua a cruthaíodh sa bhliain 2001.

Thosaigh tionscadal Luas faoi stiúradh Córas Iompair Éireann, ach cuireadh é faoi smacht an GFI, nuair a bunaíodh an eagraíocht sin sa bhliain 2001, agus bíonn an córas á oibriú ag Veoila Transport. Is cuid tábhachtach de straitéis Oifig Iompair Átha Cliath é. Tá dhá shíneadh do na línte atá ann cheana á dtógáil faoi láthair agus tá roinnt síntí eile á bpleanáil de réir an phlean iompair atá ag rialtas na hÉireann, mar atá, Iompar 21 (Transport 21).[1].

Tosaíodh obair ar an líne ó Tamhlacht go Stáisiún Uí Chonghaile i Márta 2001, chomh maith le cuid den dara líne (Áth an Ghainimh go Faiche Stiabhna). Ba iad Ansaldo na hIodáile agus MVM na hAstráile na cuideachtaí a fuair conradh an córas a thógáil. Tréigeadh an chuid den chóras a ritheadh ó Fhaiche Stiabhna go hAerfort Bhaile Átha Cliath roimh a tógáil, áfach, mar beartaíodh meitreo a thógáil ina ionad sin chun freastal ar an gceantar. Bronnadh an conradh chun an córas a fheidhmiú agus a chothabháil ar Veolia Transport Ireland (dá ngairtí Connex roimhe sin).

2004[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh an Líne Uaine ar an 30 Meitheamh 2004 agus osclaíodh ar an Líne Dhearg an 26 Meán Fómhair 2004.

Cuidíodh forbairt an Luas le cistiú ón AE de 82,5 milliún faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Cruinneofar cuid de chostas ar roinnt síntí molta trí thobhaigh ar fhorbairtí i gceantair gar don bhealach beartaithe (m.sh. thar 50% de Líne B1 go Coill na Silíní).

2010[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh stáisiún Gleann Bhríde i gCoill na Silíní in 2010.

2018[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh an Luas Traschathrach idir Stáisiún Dhroichead Broome agus Stáisiún Luas Faiche Stiabhna in 2018.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]