Frank Feighan
Is polaiteoir Éireannach é Frank Feighan (a rugadh ar an 4 Iúil 1962). Ball d'Fhine Gael atá ann. Tá sé ina TD do Ros Comáin-Deisceart Liatroma.[1] Toghadh i dtoghchán ginearálta 2007 é. Roimhe sin bhí sé ina bhall den 22ú Seanad.[2]
Sa bhliain 2006 glac sé páirt i seó de chuid RTÉ, You're a Star, chun airgead a bhailiú do charthanas do pháistí.
Sa bhliain 2007 ceapdh mar leas-urlabhraí an pháirtí d'Iompar agus Oideachas é. I mí Iúil 2010, roghnaigh Enda Kenny Feighan mar urlabhraí Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.[3] Bhí go leor daoine místhásta le ceapadh Feighan mar urlabhraí Gaeltachta, mar ní raibh Gaeilge ar bith aige. Dúradh gur maslach an rud duine gan Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta, rud a rinneadh roimhe sin nuair a ceapadh Síle de Valera agus Michael Ring roimhe seo agus nuair a cheap Charles Haughey é fén ina Aire Gaeltachta. Dúirt Feighan go raibh sé ag foghlaim na teanga anois agus go raibh sé in ann a chuid aoibre a chur i gcrích mar bhí Ó Cionaith agus an leas-urlabhraí Dinny McGinley as Gaoth Dobhair ag cabhrú leis.[4]
Ghlac sé páirt sa chlár carthanachta You're a Star de chuid RTÉ sa bhliain 2006 le hairgead a bhailiú ar son gasúr.
[athraigh] References
- ↑ "Mr. Frank Feighan". Oireachtas Members Database.
- ↑ "Frank Feighan". ElectionsIreland.org.
- ↑ "Bruton & Noonan return to Fine Gael frontbench". RTÉ News.
- ↑ http://www.nuacht24.com/nuacht/naisiunta/proinsias-gan-gaeilge