Dara Calleary

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Mhaigh Eo é Dara Calleary (rugadh ar an 10 Bealtaine, 1973 é ). Tá sé ina bhall den pháirtí Fianna Fáil agus mar TD do cheantar Mhaigh Eo ó 2007. Tá cónaí air i mBéal an Átha. Is ball é de Fheidhmeannas Náisiúnta an pháirtí ón mbliain 1997 i leith é. Is mac é le Seán Calleary a bhí mar TD do Thuaisceart Mhaigh Eo ón mbliain 1973 go 1992 agus garmhac é do Phelim Calleary a toghadh mar bhall den 14ú Dáil ag fo-thoghchán na bliana 1952 go dtí gur éirigh as ag toghchán na bliana 1969.