Alan Kelly (polaiteoir)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Thiobraid Árann Thuaidh é Alan Kelly (Gaeilge: Alan Ó Ceallaigh ) (rugadh é 13 Iúil 1975 ). Tá sé ina bhall de Pháirtí an Lucht Oibre. Toghadh mar TD sa bhliain 2011 agus roghnaíodh mar Aire Stáit um Iompar Poiblí agus Chomaitéireacht. Iar-seanadóir (2007-2009) atá ann. Bhí sé ina bhall de Pharlaimint na hEorpa freisin (2009-2011).