Nessa Childers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nessa Childers

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta i bParlaimint na hEorpa do cheantar an Oirthir ón mbliain 2009 í Nessa Maria Vereker Childers (Gaeilge: Neasa Childers) (rugadh 9 Deireadh Fómhair sa bhliain 1956 í). Iníon í leis an iarUachtarán Erskine H. Childers. Tá céim san Ealaíon, agus sa tSíceolaíocht aici ó Choláiste na Tríonóide. Tá sealanna caite aici ag obair go príobháideach mar shíocanailísí. D'éirigh sí as Páirtí Parlaiminteach an Lucht Oibre sa bhliain 2013 i ngeall ar pholaitíocht an pháirtí sa Dáil.



Feisirí Pharlaimint na hEorpa do Phoblacht na hÉireann (2009-2014)
Liam Aighleart | Nessa Childers | Gabriel De Mhistéal | Proinsias De Rossa | Marian Harkin | Joe Higgins | Jim Higgins | Alan Kelly | Brian Mac Amhlaidh | Máiréad Nic Aonasa | Seán Ó Ceallaigh | Pádraig Ó Gallchóir