Ivana Bacik

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIvana Bacik

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Bealtaine 1968
55 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
9 Iúil 2021 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil


Toghadh i: fothoghchán
Seanadóir na hÉireann
8 Meitheamh 2016 –
Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann

Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann
25 Bealtaine 2011 – 9 Feabhra 2016
Téarma parlaiminte: 24ú Seanad Éireann

Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath
Seanadóir na hÉireann
23 Meán Fómhair 2009 – 25 Aibreán 2011
Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann

Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
London School of Economics
Coláiste Alexandra Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí an Lucht Oibre Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinivanabacik.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: ivanabacik Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir, abhcóide agus bean léinn Éireannach í Ivana Catherine Bacik (a rugadh ar 25 Bealtaine 1968). Is Ollamh Reid le Dlí Coiriúil, Coireolaíocht agus Pionóseolaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath í ón mbliain 1996, Seandóir ó 2007 agus Teachta Dála ó 2021.

2011

Is í Bacik an ceannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre ó Márta 2022. Tháinig i gcomharbacht ar Alan Kelly.[1]

2021

Saol acadúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

le Katherine Zappone & Andrew Hyland, 2014

Bhain Bacik céim dlí, LL. B., amach ó Choláiste na Tríonóide agus bhain sí céim LL. M. amach ón London School of Economics. Oibríonn sí mar abhcóide agus múineann sí cúrsaí sa Dlí Coiriúil, sa Choireolaíocht agus Phíonóseolaíocht, agus i dTeoiric an Fheimineachais agus an Dlí.

Déanann sí taighde sa Dlí Coiriúil agus Coireolaíocht, sa Dlí Bunreachtúil, i dteoiricí an fheimineachais agus an dlí, i gCearta Daonna agus i gceisteanna cothromaíochta sa dlí.

Rinneadh Comhalta de Choláiste na Tríonóide í sa bhliain 2005.

Ní annamh a luaitear Ivana in aon abairt le Mary Robinson agus Mary McAleese. Bhí an bheirt Mháire ina nOllúna Reid i gColáiste na Tríonóide agus, ar ndóigh, bhaineadar beirt araon oifig Uachtarán na hÉireann amach. Is minic a dhéantar trácht ar Ivana féin mar ábhar uachtaráin.[2]

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seasamh láidir tógtha aici i leith ceisteanna áirithe ('ar son rogha' go háirithe).[3] Bean í nár chúlaigh ón chonspóid riamh ina saol.[2] Is beag seachtain a rachas thart gan í a bheith ar an raidió nó an teilifís, nó alt dá cuid ar na nuachtáin.

1990idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is duine iomráiteach í ó na 1990í nuair a bhí sí i mbun feachtais chun go mbeadh an ginmhilleadh ar fáil mar rogha do mhná.

I dtoghcháin na bliana 1997 níor éirigh le Bacik suíochán a fháil sa Seanad mar iarrthóir neamhspleách i dtoghcheantar Ollscoil Bhaile Átha Cliath. An toradh céanna a bhí ar an iarracht chéanna i 2002. Ní raibh an t-ádh léi mar iarrthóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre ar shuíochán sa Pharlaimint Eorpach i 2004.

Seanadóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Bacik suíochán amach i Seanad Éireann sa bhliain 2007 i ndáilcheantar Choláiste na Tríonóide.

Ainmníodh Bacik í mí Bealtaine 2009 mar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre don fhothoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Lár ar an 5 Meitheamh 2009. Níor toghadh í. Fuair sí 4926 vóta ar an gcéad comhaireamh (17%). Bhí sí curtha ar aghaidh mar iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre ar an suíochán a d’fhág Tony Gregory ina dhiaidh nuair a fuair sé bás mí Eanáir 2009.[2]

T.D.[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Iúil 2021, bhuaigh sí fothoghchán Dála Chuan Bhaile Átha Cliath Theas, mar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre. Fuair Ivana Bacik 8,131 den 26,882 vóta céadrogha. 7,052 a fuair an té ba ghaire di, James Geoghegan ó Fhine Gael.[4] Bhain an bua seo croitheadh as an lucht ceannais i ngach páirtí sa rialtas ag an am.[5]

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cónaí ar Bacik i bPortobello ina Dáilcheantar lena páirtí agus lena beirt iníonacha.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2022-03-24). "Ivana Bacik an ceannaire nua ar pháirtí an Lucht Oibre" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 2.2 Alan Desmond (2009). "Ivana Bacik" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-10.
  3. Eoin Ó Murchú (2021). "An bhféadfadh Lynn Boylan an chreach a bhaint d’Fhine Gael?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-10.
  4. Nuacht RTÉ (2021-07-09). "Bacik chun tosaigh tar éis an chéad chomhairimh" (as ga). 
  5. Cathal Mac Coille (2021). "Ábhar machnaimh do na páirtithe i dtoradh an fhothoghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-10.
  6. Donncha Ó hÉallaithe (2021). "Bacik ag brath ar aistriúcháin i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-10.