Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
University College Cork

ArmasUCCNUI.png
Mana Ionad Bairre Sgoil na Mumhan (as Béarla: Where Finbarr Taught Let Munster Learn)
Bunaithe 1845
Uachtarán Michael B Murphy
Cláraitheoir Paul Giller
Foireann teagaisc 764
Fochéimithe 14,000
Iarchéimithe 2,500
Láthair Corcaigh, Poblacht na hÉireann
Seoladh Bóthar an Iarthair, Corcaigh
Teileafón +353-21-490 3000
Comhcheangail AUA, EUA, IUA, , UI
Láithreán Gréasáin http://www.ucc.ie/
LógóUCCNUI.png

Comhollscoil d'Ollscoil na hÉireann is ea Coláiste na hOllscoile, Corcaigh - Ollscoil na hÉireann, Corcaigh (as Béarla, University College CorkUCC; tugtar Coláiste na hOllscoile CorcaighCOC uirthi go coitianta) atá suite i gCorcaigh na hÉireann.

Bunaíodh an ollscoil sa 1840í faoin ainm Ollscoil na Banríona, Corcaigh, le dhá choláiste banríona eile; i mBéal Feirste agus i nGaillimh. D'athraigh an t-ainm go dtí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh tar éis Acht na hOllscoile Éireannaí, 1908. D'athraigh an t-ainm arís go dtí an t-ainm reatha tar éis Acht na nOllscoileanna, 1997.

Freastlaíonn thart ar 14,500 mac léinn uirthi, le 12,000 mac léinn cláraithe ar chúrsaí céime agus 2,500 cláraithe mar iarchéimithe. Tá 3,000 míle duine fostaithe ag an Ollscoil.

Is iad seo a leanas dámha na hOllscoile: An Ealaíon agus Staidéir Cheilteacha, An Tráchtáil, An Innealtóireacht, Eolaíocht agus Teicneolaíocht an Bhia, An Dlí, An Leigheas agus an tSláinte, agus An Eolaíocht.

Ainmníodh an ollscoil mar an Sunday Times Ollscoil is fearr in Éirinn don bhliain 2003-2003[1], gradam a bhuaigh an choláiste arís i 2005-2006[2].

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Cearnóg na hOllscoile