Teicneolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Craobhacha den eolaíocht a bhfuil feidhmeanna fóinteacha ag baint leo.


An Teicneolaíocht - An féidir í a chur faoi smacht na ndaoine?[athraigh | edit source]

Is gné shuntasach de nádúr an duine bheith ag iarraidh uirlisí a fháil chun a bhunchumais a mhéadú an t-am ar fad d’fhonn ualach níos mó a iompar, tuilleadh rudaí a chur i gcrích, agus, más féidir é, níos mó luach saothair a ghnóthú ná duine nó daoine eile. Thar na mílte bliain is trí theicneolaíochtaí a shaothrú—uirlisí, ionstraimí agus gléasanna den uile chineál—is mó a d’éirigh le daoine barr feabhais ar ghnéithe den nádúr a bhaint amach agus fiú sibhialtachtaí a chruthú. Faoi seo cuireann teicneolaíochtaí le cumais na lámh agus na hinchinne i ngach cuid de shaol an duine—sa bhaile, san obair, san aíocht, sa chogaíocht agus eile.

De ghnáth tuigtear teicneolaíochtaí mar fheidhmeanna den eolaíocht nó aon ghléasanna atá bunaithe ar eolaíocht a thagann le bheith ar fáil do chomhlachtaí agus ginearálta go leor don phobal.

Is léir go bhfuilimid daoine sa tír seo báite go hiomlán i dteicneolaíochtaí a bhíonn ag cur len ár mbeatha agus ag cur isteach ar ár mbeatha an t-am ar fad. Tionchar iontach forásach a bhíonn ag teicneolaíochtaí áirithe ar dhaoine áirithe, ach, ar an drochuair, a mhalairt ar fad de thionchar a bhíonn ag na teicneolaíochtaí céanna ar dhaoine eile.

Is fiú smaoineamh ar conas is féidir dea-thorthaí na dteicneolaíochtaí a bhéimniú agus ar an gcosaint atá agus a d’fhéadfadh a bheith againn ar na droch-thorthaí. Nuair a thagann teicneolaíocht nua chun cinn, agus arís de réir mar a fhorbraíonn sí le himeacht ama, tugann sí idir dúshlán agus deiseanna don phobal, maidir lena feidhmiúcháin agus a himpleachtaí. Conas is féidir an pobal i gcoitinne a ullmhú chun an t-idirdhealú idir dea-thorthaí agus droch-thothaí a dhéanamh go heolach agus smacht éigin a bheadh inghlactha ag formhór na ndaoine—smacht a bheadh daonlathach—a leagan ar na teicneolaíochtaí? Is fadhbanna atá práinneach go leor iad seo i láthair na huaire.

Na teicneolaíochtaí san am atá thart agus a dtionchar ar an sochaí[athraigh | edit source]

Samplaí d’uirlisí ón Aois Neoliteach, cinn tua, siséil, braisléid, gléasanna snasta ina measc. Dá shimplí an chuma atá orthu chuaigh an cine daonna i líonmhaireacht mar gheall orthu.

Ba deacair a shéanadh gur mhúnlaigh teicneolaíochtaí éagsúla cultúr na ndaoine agus fiú an tsochaí ina hiomláine, thar na cianta fada.

Mar shampla, smaoinigh ar smachtú tine agus na teicneolaíochtaí a d’éirigh uaidh. Tháinig an mhiotalóireacht as sin, agus an chré-umhaois, agus ina dhiaidh sin an iarannaois. Tháinig an chócaireacht as freisin, agus réimse leathan de mhodhanna ullmhaithe bia. D’éascaigh smachtú na tine leathnú an chine dhaonna ar fud na gcreasanna measartha agus fuara ar domhan. Ach rinne smachtú na tine agus cuid de na teicneolaíochtaí a lean é, an chogaíocht i bhfad níos millteanaí agus níos marfaí ná mar a bhí roimhe sin. Smachtaíodh an tine ar dtús ag am éigin, ach d’athraíodh agus feabhsaíodh an smachtú céanna thar na mílte bliain, agus tá sé á fheabhsú an t-am ar fad. Le cúpla céad bliain ó d’fhionnadh an t-inneall gaile, agus arís le céad bliain nó mar sin ó d’fhionnadh an t-inneall dócháin inmheánaigh is féidir obair mheicniúil a dhéanamh as dó breoslaí. De réir a chéile léirigh an bunsmachtú réabhlóideach tine an iliomad féidearthachtaí nua eile don chine daonna. Is próiseas leanúnach an léiriú seo, próiseas nárbh fhéidir a chonair fhadtéarmach a réamhinsint ag am ar bith—agus nach féidir a chonair san am atá romhainn a réamhinsint ach an oiread. Ach is féidir a rá go raibh, go bhfuil agus go mbeidh an próiseas céanna ag imirt a thionchair go trom ar shaol agus shochaí, ar chultúr agus shíce na ndaoine go deireadh ama.

Ba réabhlóideach an fhionnachtain í ceansú plandaí agus ainmhithe i gcomhair bia agus éadaí chomh maith. D’éascaigh sé seo leathnú an chine dhaonna ar fud an domhain, agus forbairt na chócaireachta. Tháinig an talmhaíocht agus na slite beatha agus raon de theicneolaíochtaí eile as freisin. Agus nár tháinig an réabhlóid shóisialta agus chultúrtha ó shaol fáin na sealgairí-chnuasaitheoirí go saol seasta na bhfeirmeoirí, mar thoradh air seo freisin?

D’fhéadfaí an iliomad samplaí eile a lua de fhionnachtana bunúsacha agus de theicneolaíochtaí a tháinig astu, agus atá ag teacht astu fós, atá ag múnlú an tsaoil in ár dtimpeall.

Tá sé mar a bheadh bunchloch fhealsúnach an tsaoil nua-aoisigh seo, glac leis nó ná glac, gur dul chun cinn é nuair a thagann teicneolaíocht nua sa mhullach ar shean-teicneolaíocht. De réir na tuisceana seo, trí sheasamh na dtréan nó roghnú éigin nádúrtha, níl an tsean-teicneolaíocht chomh maith leis an gceann nua agus cailleann an choimhlint. Ach an sábháilte an fhealsúnacht seo, nuair a smaoinítear ar an gcomhthéacs iomlán? I ngach athrú mar seo, basctar, milltear agus cailltear sean-chultúr agus/nó daoine nach raibh ar a gcumas seasamh i gcoinne na teicneolaíochta nua. I ngach cás mar sin, cailltear cuid éigin d’oidhreacht chruashaothraithe an chine dhaonna. Más tubaiste é laghdú na bithéagsúlachta ar domhan de bharr leathnú an chine dhaonna agus a theicneolaíochtaí thar an domhan, nach tubaiste é freisin laghdú na cultúréagsúlachta?

Caoga bliain ó shin bhí an buama adamhach mar bhagairt mharfach ar dhaoine agus fiú ar an mbeatha féin ar domhan. Lean an bhagairt mar scamall dubhach orainn i rith an Chogaidh Fhuair, agus tá fós ann, bíodh go bhfuil sí maolaithe oiread éigin le blianta beaga anuas. Chuir an teicneolaíocht chogaíochta sin cruth ar leith ar pholaitíocht an leath-chéid sin agus ar shaol na milliúin daoine.

I rith an ama chéanna tháinig forbairtí teicneolaíochta eile a mhúnlaigh agus a d’athraigh meon agus tuiscint agus síce na ndaoine a thuilleadh fós. Ina measc siúd bhí an próiseas Haber-Bösch chun amóinia, leasuithe niotráite talún (agus ábhair phléasctha) a dhéanamh trí fhosú ó nítrigin an aeir, an ríomhaire agus an ríomhaireacht, an piolla frithghiniúna, vaicsíní, frithbheathaigh agus drugaí éagsúla, an innealtóireacht ghéiniteach, an t-íomháú sa leigheas, an piolla ginmhillte, ionchlannú órgán sa chorp daonna agus réiteach an ghéanóim dhaonna agus an iliomad forbairtí sa leigheas atá ag teacht uaidh sin.

Nuair a athbhreithnítear na teicneolaíochtaí seo go fuarchúiseach, is deacair a shéanadh nach bhfuil gach cultúr á shuaitheadh go smior agus na gnásanna agus na béasa a bhíodh ag daoine cúpla glún ó shin athraithe ó bhun go barr nó fiú caite i dtraipisí. Mar shampla, déan machnamh ar thionchar an phiolla fhrithghiniúna agus eolaíocht na haitheanta géinití ar an gclann. Ós rud é go bhfuil fáil leathan ar an bpiolla frithghiniúna, is féidir le beagnach gach bean a torthúlacht féin a riaradh anois, beag beann ar a fear céile (nó ar an bhfear a mbíonn comhriachtain aici leis). Tá an t-eolas seo ag an bhfear céanna freisin. Is athrú ó bhonn é seo ar fhoshuímh na mná agus an fhir maidir lena gcomhriachtain ghnéasúil, i gcomparáid leis an scéal cúpla glún ó shin. Is léir go laghdaíonn sé troime an ghnímh chomhriachtana. Athraíonn sé, nó is féidir go n-athróidh sé amach anseo, dearcadh na mná agus an fhir i leith aon pháiste a chruthaítear. Agus nuair a chuirtear leis seo gur féidir atharthacht pháiste a chruthú go dearfach anois le haithint ghéiniteach, nach n-athróidh sé seo a thuilleadh fós nádúr an naisc agus an chonartha phósta? Nach bhfuil gá leis an gconradh idir bean agus fear a mbíonn comhriachtain eatarthu, agus an conradh pósta san áireamh, a iomlánú agus na himpleachtaí a bheith scríofa amach go mion? Ar aon chuma ní féidir bheith ag brath a thuilleadh ar an seanchonradh a bhí réasúnta neamhsainiúil. Agus cad mar gheall ar thionchar na n-athraithe seo ar an bpobal ina iomláine agus ar an sochaí? Ní mór na fadhbanna dlí agus eitice a oibriú amach, agus tuiscint a shaothú ar na himpleachtaí pearsanta agus sóisialta, clainne agus sealúchais.

Is iontach an tairbhe a dhéanann an-chuid de theicneolaíochtaí do dhaoine, an chuid is mó den am. Ach ag an am céanna, is fada an liosta de shamplaí inar chuir teicneolaíochtaí, a mí-úsáid nó a bhfor-úsáid, le fadhbanna sábháilteachta, moráltachta, eitice, agus mearaithe intinne.

An ardteicneolaíocht sa ré seo - éabhlóid/réabhlóid nua na heolaíochta[athraigh | edit source]

An ardteicneolaíocht: lámh róbait Shadow, bolgán solais ina ghlac

Le blianta anuas, b’fhéidir gurb iad siúd na teicneolaíochtaí atá bunaithe ar an ríomhaire agus an teileachumarsáid, agus iad siúd a bhaineann le cúrsaí leighis agus biteicneolaíochta is mó atá ag athrú ó bhliain go bliain agus ag cur isteach ar dhaoine mar indibhidí agus ar an bpobal i gcoitinne.

Tugtar ardteicneolaíochtaí ar na teicneolaíochtaí suntasacha is nuaí atá tagtha chun cinn sna réimsí seo le deich mbliana nó mar sin. Sainchomhartha amháin na hardteicneolaíochta is ea athrú leanúnach an-tapa. Feictear an feiniméan céanna seo i ngach uile réimse a dtagann na teicneolaíochtaí seo san áireamh iontu.

Tá na córais ríomhaireachta/theileachumarsáide eolais, córais a dhéanann an t-úafás eolais a stóráil, a phróiseáil agus a chur ar fáil, agus é sin go pras ar fud an domhain go léir nuair a bhíonn siad ceangaile leis an nGréasán Domhanda, chomh h-uileghabhálach sin go bhfuil "ré an eolais" mar leasainm ar an ré seo. Tagann sé seo san áireamh sa tionsclaíocht, san oideachas, i gcúrsaí leighis, agus fiú i gcúrsaí aíochta. Le déanaí tá úsáid chórais ríomhaireachta/theileachumarsáide sa tráchtáil, tráchtáil leictreonach nó tráchtáil dhigiteach mar a thugtar uirthi, á tuar mar réabhlóid sa siopadóireacht chomh mór le teacht na n-ollmhargaí tríocha nó daichead bliain ó shin. Mar an gcéanna tá cianfhoghlaim, cianbhaincéireacht, seirbhísí cianchomhairleoireachta agus a lán eile á bhforbairt.

Athraithe móra ar obair, ar spórt, ar aíocht agus ar an ngnáthbheatha atá ag tarlú. Do chuid oibre á déanamh níos éasca agus níos giorra, agus breis ama shaoir, ama aíochta nó ama scíthe ag gach éinne, sin, de réir dealraimh, atá os ár gcomhair amach. An bhfuilimid ullmaithe chuige sin mar shochaí nó mar indibhidí? Más tuilleadh ama a chaitheamh ag breathnú ar an teilifís a bheidh mar thoradh air seo agus muna bhfuil dóthain áiseanna spóirt agus comhluadair chultúrtha do dhaoine óga agus neamh-óga chun saol taobh amuigh den obair a bheadh réasúnta intleachtach agus a d’ardódh meanma, a bheith acu, ní féidir a rá go bhfuilimid ullmhaithe, ná baol air.

Teicneolaíocht an eolais san am atá díreach amach romhainn[athraigh | edit source]

Tá dhá phróiseas fhorbartha ar siúl i láthair na h-uaire maidir leis an idirlíon agus leis na córais a bhaineann leis, a mbeidh tionchar an-láidir acu ar thionsclaíocht agus ar obair, ar shochaí agus ar dhaoine na nglún atá ag éirí aníos anois.

Is é an chéad phróiseas díobh seo ná bandaleithead an idirlín a bheith á mhéadú an t-am ar fad, chun gurbh fhéidir sonraí a tharchur ag minicíocht an-ard ar fud an ghréasáin dhomhanda. Go dtí seo, nuair a bhíonn móideim in úsáid sa bhaile ag duine, is minicíocht nó bádráta de 56 kHz a bhíonn i gceist, agus uasluach de 56 míle giotán in aghaidh an tsoicind a bhíonn á láimhseáil ag an gcóras. Is é an sprioc atá ag na soláthróirí ná 300 MHz, nó níos mó, de bhandaleithead a bheith i bhfeidhm taobh istigh de dheich mbliana. Is gá le 30 MHz i gcomhair cainéal amháin teilifíse mar shampla, agus le 300 MHz de bhandaleithead d’fheadfaí níos mó ná deich gcainéal chomhuaineacha theilifíse a sholáthar, nó raon leathan de sheirbhísí cosúil le raidió, teileafón, ceol, teilifís, scannáin, íomhánna eile eolais le haghaidh mhúineadh scoile nó ollscoile, cumarsáid dhéthreoch idir tomhaltóir agus soláthróir, agus a lán eile, a bheith ar fáil ar fud an domhain.

Is é an dara phróiseas atá faoi lánseol anois ná an chomhchlaontacht idir na teicneolaíochtaí digiteacha a sholáthraíonn cláracha teilifíse, teileafóin, ceangail leis an idirlíon, scannáin, ilmheáin, oideachas, agus a lán seirbhísí eile, agus na comhlachtaí a dhéanann freastal orthu siúd. De réir a chéile tá an t-idirlíon ag teacht le bheith níos oiriúnaí do na comharthaí éagsúla sin. Agus tá comhlachtaí á gcruthú a bhfuil na gnóthaí go léir seo mar chúram agus mar tháirgí le díol acu.

Gné shuntasach de na forbairtí seo is ea gur faoi stiúir agus faoi chinneadh comhlachtaí ollmhóra príomháideacha idirnáisiúnta atá siad, agus ní faoi rialtais, bíodh siad daonlathach nó eile. Nuair a dhéanann boird na gcomhlachtaí seo, Microsoft, IBM, Google, SUN agus eile, cinneadh maidir le teicneolaíocht a fhorbairt agus a chur ar an margadh, is leas a gcomhlachta féin agus ní machnaimh dhaonlathacha nó machnaimh ar leas an phobail i gcoitinne na clocha is mó a bhíonn ar a bpaidríní. Fothoradh fíorshuntasach is ea cur isteach forleathan ar phríomháideachas an ghnáthduine.

Réiteach an ghéanóim dhaonna agus an bhitheolaíocht[athraigh | edit source]

An Ghéanóm Daonna i bhfoirm leabhar—100 imleabhar ar fad, 1,000 leathanach i ngach ceann díobh agus an cló beag doléite, nach mór—ag an Wellcome Centre i Londain

Foilsíodh an cód géiniteach daonna, leagan amach na ngéinte ar na 46 crómasóm dhaonna, sna hirisí údarásacha Nature na Breataine agus Science na Stát Aontaithe i mí Feabhra 2001. Déanadh amach an t-eolas seo ag foirne comhoibritheacha agus foirne iomaíocha ar fud an domhain. Bhí foirne comhoibritheacha maoinithe go poiblí ag rialtais i sé thír i dTionscadal an Ghéanóim Dhaonna agus bhí foireann eile sa chomhlacht phríobháidach Celera Genomics Corporation. Meastar gur fionnachtain bhunúsach stairiúil don chine daonna uile an chéim seo san eolaíocht.

Tá 100 milliún milliún cill i gcorp gach duine agus, istigh i núicléas gach cille acu sin, tá na crómasóim chéanna. Tá 46 crómasóm i ngach chill neamh-ghnéasach sa chorp, dhá chóip de gach cheann de 23 díobh, agus dhá X-chrómasóm i gcás na mná agus, i gcás an fhir, X-chrómasóm amháin agus Y-chrómasóm amháin. Oll-mhóilíní de DNA (aigéad dí-ocsairibeanúicléasach) atá cornaithe go dlúth orthu féin atá i ngach chrómasóm. Cruth dé-héilicse atá ar an móilín DNA agus tá ceimiceáin ar a dtugtar buin dáilte fan gach héilicse díobh sin. Iompraíonn ord na mbun seo an cód géiniteach. Ciallaíonn gach trírín de na buin seo i ndiaidh a chéile géin i gcomhair aimínaigéid ar leith i gcomhdhéanamh próitéine. Ansin iompraíonn sraith leanúnach de thríríní fan an DNA plean iomlán chun próitéin amháin a thógáil.

Iompraíonn na crómasóim ina n-iomláine na pleananna chun próitéiní go léir an choirp a chruthú. Feidhmíonn na próitéiní i struchtúr an choirp, agus i meitibileacht ghinearálta gach cuid ar leith den chorp. Sonraíocht an choirp, mar sin, atá sa ghéanóm.

Bíodh is go bhfuil an géanóm daonna déanta amach, ní hionann é sin agus feidhmiú cruinn gach géine a bheith ar eolas fós—níl a leithéid d’eolas ach ar mhionchuid díobh. Níl ach tús curtha leis na feidhmiúcháin a bhainfear as an eolas nua seo, ach cuirfidh sé le hinnealtóireacht ghéiniteach san duine. Leanfaidh an taighde ar an mbunchód agus ar a impleachtaí i gcúrsaí sláinte agus galar thar na céadta bliain. Ach tá an dóchas ann go ndéanfaidh an dul chun cinn seo diagnóisiú agus leigheas na ngalar géiniteacha agus na ngalar tógálacha i bhfad níos éasca amach anseo.

Meastar nach bhfuil ciall fhollasach ach le timpeall 3% den chód, agus an-chuid géinte ann arís agus arís eile. De réir dealraimh níl ach idir 30,000 agus 40,000 géin, bíodh is go mheastaí go raibh timpeall 100,000. Mar chomparáid, tá 13,000 géin ag an gcuileog. Maidir leis an DNA daonna, níl ach 0.2% de dhifríocht ann idir daoine, agus 4% de dhifríocht ann idir daoine agus simpeansaithe, na mamaigh is gaire dúinn daoine. Is deacair a rá cén chiall agus cén fheidhm a bhainfear as na léargais seo agus léargais eile a thiocfaidh amach le himeacht ama.

De réir a chéile léireofar géanóim ainmhithe eile agus plandaí agus frídíní éagsúla. Osclófar deiseanna chun innealtóireacht ghéiniteach a imirt orthu uile, chun gnéithe inmhianaithe a chothú iontu, torthúlacht mhéadaithe, frithsheasmhacht i gcoinne bhaictéar, éileamh laghdaithe ar uisce, agus a lán eile.

Dúiseofar an-chuid ceisteanna nua eitice agus mórálta don chine daonna—ceisteanna nár pléadh riamh roimhe seo. Féach chomh doiléir agus atá an t-aighneas polaitiúil maidir le húsáid na hinnealtóireacht géinití chun athrú géiniteach a dhéanamh agus a thástáil i mbarra trátaí agus biatais sa tír seo agus i dtíortha eile. Nach údar mór díomá é cé chomh rúnda a bhíonn na comhlachtaí ábhartha agus na húdaráis stáit, agus cé chomh heasnamhach agus a bhíonn aon eolas a eisíonn siad ar an obair seo? Agus nach údar mór díomá é cé chomh tostach agus a bhíonn lucht eolach na dteicneolaíochtaí seo?

Dearcadh an rialtais in Éirinn maidir le hardteicneolaíochtaí[athraigh | edit source]

Le deich mbliana anuas is tionsclaíocht atá bunaithe ar an ardteicneolaíocht leictreonach is mó a chuir le fás agus forbairt na fostaíochta sa tír seo. I láthair na huaire, is tionscail mar seo a tháirgeann níos mó ná trí cheathrú de dhéantúsaíocht na tíre. Ní haon ionadh mar sin go bhfuil an Rialtas faoi cheangal an bóthar céanna seo a leanúint agus an tír ina hiomláine a chur faoi cheangal glacadh go hoscailte le ré an eolais agus a todhchaí a thógail ar an mbunsraith sin.

Bhunaigh an Rialtas Comhairle na hÉireann um Eolaíocht, Theicneolaíocht agus Nuálaíocht in 1996, le cabhair a thabhairt don stát chun impleachtaí an chinnidh seo a dhéanamh amach, agus chun dul i ngleic leis an ardteicneolaíocht agus chun na forbairtí is suntasaí a thagann chun cinn sa teicneolaíocht ó thaobh deiseanna tionsclaíochta de a aithint go luath chun sochar a bhaint astu thar cheann an phobail. Maidir leis seo, is spéisiúil agus is tábhachtach gur cheangail an Rialtas an nuálaíocht agus an tionscalaíocht nua le heolaíocht agus le teicneolaíocht i dtodhchaí na tíre. Creideann an Rialtas gur fearr don tír nuálaíocht agus tionscail nua a bhunú ar an ardteicneolaíocht ná ar teicneolaíochtaí eile—agus cuirfear béim na hinfheistíochta Rialtais sa treo sin amach anseo.

Rinne an Chomhairle seo staidéar cuimsitheach fadbhraithnitheach ar éabhlóid na dteicneolaíochtaí sa deich mbliana seo chugainn nó mar sin agus leag béim ar na forbairtí agus na deiseanna a d’fhéadfadh tarlú in ocht réimse—ceimiceáin agus cógascheimiceáin, teicneolaíochtaí an eolais agus na teileachumarsáide, ábhair agus modhanna déantúsaíochta, sláinte, biteicneolaíochtaí agus eolaíochtaí an bheatha, achmhainní nádúrtha, fuinneamh, iompar agus lóistíocht, agus tógáil agus infreastruchtúr. Bhí moltaí fadtéarmacha maidir le gach ceann de na réimsí seo i dtuairisc na Comhairle agus tá cuid mhaith díobh seo á cur i bhfeidhm de réir a chéile sa Phlean Forbartha Náisiúnta, 2000–20066, agus an-chuid taighde bhunúsaí á maoiniú in ollscoileanna agus institiúidí ar fud na tíre ar na hábhair seo.

Cad is féidir a dhéanamh mar sin?[athraigh | edit source]

Ar slí is intuigthe polasaithe an Rialtais maidir le hardteicneolaíochtaí. Ag an am céanna is gá a admháil agus a thuiscint gur beag an tionchar atá agus a bheidh ag an tír seo ar a saothrú siúd. Le fírinne, bíonn siad ag teacht isteach ina dtonnta tuilteacha gan staonadh agus, le geilleagar oscailte, is mar sin a bheidh amach anseo. Ní mór dúinn glacadh leis sin, agus an deis a thapú chun bheith réidh an oiread leasa agus is féidir a bhaint as agus aon droch-thorthaí ar an tír a sheachaint an oiread agus is féidir. Is annamh, áfach, gur go cothrom a dháiltear na dea-thorthaí nó a fhulaingítear na droch-thorthaí. Má tá ceacht le baint ón stair, den chuid is mó is iad siúd a bhfuil d’acmhainní acu cheana féin a bhfaigheann na dea-thorthaí, agus is lú ar fad aon bhuntáiste a bhfaigheann siad siúd atá ar an ngannchuid roimh ré. Tá an baol ann go leathnófar an scoilt aicmeach idir na saibhre agus na daibhre, nách aon dóithín anois é.

Mar sin, ar bhealaí éagsúla, tá an ardteicneolaíocht ina bagairt don tír seo agus dár ndaonlathas. Táimid beagnach go hiomlán spleách ar ardteicneolaíochtaí a shaothraítear ag comhlachtaí príobháideacha i dtíortha eile, gan mórán cumais, go dtí seo ar aon chuma, tionchar ar fiú trácht air a imirt orthu. Tá na hardteicneolaíochtaí ag athrú ár sochaí agus an baol ann nach bhfuilimid ag ullmhú a dhóthain chun na droch-thorthaí sóisialta is measa a sheachaint. Agus d’fhéadfadh deacrachtaí doimhne sóisialta sa tír a dhéanamh níos measa fós le héabhlóid na hardteocneolaíochta in Éirinn. Téann na baoil agus na fadhbanna seo go croí an daonlathais agus cuireann dúshlán trom faoin gcóras polaitíochta anseo.

Is cinnte gur gá glacadh leis gur bunúsach an eolaíocht agus an teicneolaíocht do shaol an lae inniu agus don saol romhainn amach. Mar sin is ceart agus is gá go mbeadh an t-eolas agus an tuiscint ar na teicneolaíochtaí, ní hamháin ag na saineolaithe ach ag cuid mhór de ghnáthdhaoine na tíre. Ní ceart go mbeadh an t-eolas sin agus a impleachtaí ceilte a bheag nó a mhór ar daoine.

Is íorónta, sa chomhthéacs seo, go bhfuil titim thubaisteach go leor le blianta anuas ar líon na ndaltaí a dhéanann staidéar ar na heolaíochtaí bunúsacha, ar Fhisic, Cheimic agus Mhatamaitic ag an Ardleibhéal san Ardteistiméireacht. Ar an dul céanna tá líon na mac léinn a théann leis na h-eolaíochtaí crua seo agus le hinnealtóireacht ag an tríú leibhéal ag dul i laghad freisin. Mar sin níl dabht ach go bhfuil géarchéim chugainn ó thaobh táirgeadh teicneolaithe i gcomhair na déantúsaíochta ardteicneolaíochta amach anseo. Agus bí cinnte go bhfuil géarchéim chugainn freisin maidir le tuiscint agus mí-thuiscint an phobail ar na teicneolaíochtaí.

Tá gá le feachtas polaitiúil, follasach, dian, chun feabhas a chur ar an scéal seo.

Chun an pobal a ullmhú do na hardteicneolaíochtaí, ní mór díriú isteach ar ullmhú luath na bpáistí agus ag an am céanna ar ullmhú agus múineadh an phobail ina iomláine. Tá tosú á dhéanamh eolaíocht agus teicneolaíocht a tharraingt anuas i siollabas na bun-scoile, ach an bhfuil na múinteoirí dóthain oilte chuige sin agus an bhfuil spás a chruthú sa churaclam ?

Conas is féidir dul i ngleic leis an bhfadhb seo sna meánscoileanna? Tá na siollabais á n-athbhreithniú le blianta ach den chuid is mó ní bunúsach na hathruithe agus na feabhsuithe a rinneadh orthu. Rinneadh athbhreithniú ar chóras na bpointí Ardteistiméireachta freisin, ach go dtí seo níor réitíodh an bhunfhadhb gur féidir leis an meán-dalta scór níos fearr a bhaint amach in ábhair áirithe ná sna h-eolaíochtaí crua (Ceimic, Fisic, Matamaitic), fiú nuair a dhéanann sí/sé an obair chéanna san dá chás. An féidir na siollabais a scagadh agus a fheabhsú chun na hábhair dheacra a dhéanamh níos mealltaí do na daltaí? Mar shampla, tá an smaoineamh ag teacht chun cinn sna Stáit Aontaithe gur cheart leasaithe a dhéanamh ar mhúineadh na n-ábhar seo sna meánscoileanna. Oideachas leathan ar eolaíocht/ teicneolaíocht don aos óg atá á mholadh, le béim ar thaiscealadh agus ar fhionnachtain in ionad ar fhoghlaim de ghlanmheabhair. Meastar gurbh fhearr curaclam fócasaithe a bheith in úsáid, le téacsleabhair mhaithe éifeachtacha, agus gan na ranga a bheith rangaithe ina n-ardleibhéal agus ina n-íseal-leibhéal mar a tharlaíonn go minic anois. Moltar measúnaithe a bheith bunaithe ar ghníomhartha in ionad a bheith bunaithe ar fhrithshruthú. Moltar freisin an múineadh a bheith bunaithe an oiread agus is féidir ar réamhthuairimí na ndaltí ar eolaíocht/ teicneolaíocht, chun bealach éasca a fháil ar thuiscint agus ar mheon na ndaltaí. Tá seans go bhfuil smaoineamh ansin ar bhealaí chun teicneolaíochtaí a mhúineadh agus a fhoghlaim níos éifeachtaí amach anseo sa tír seo freisin.

Tá an Rialtas ag cur an-chuid achmhainní isteach sna hinstitiúidí ardoideachais chun taighde a fhás agus cumas chun taighde a chothú, maidir le heolaíocht agus teicneolaíocht. Is gá an straitéis seo a choimeád ar siúl freisin chun an tír agus pobal na tíre a ullmú do thodhchaí na hardteicneolaíochta.

Ach chomh maith leis sin, ní mór bealaí a dhéanamh amach chun go n-oibreodh an pobal i gcoitinne a thionchar eolach ar na teicneolaíochtaí—chun smacht, eitic, móráltacht agus luachana inghlactha a bhualadh ar na teicneolaithe, agus ar na tionsclóirí agus na polaiteoirí a dhéanann na príomh-shocraithe maidir le feidhmiúcháin na dteicneolaíochtaí. Is dúshlán nach beag eile é sin do na páirtithe polaitiúla agus don chóras daonlathach in Éirinn. Is dúshlán ollmhór é don ghnáthduine sa tsráid.