Comhriachtain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caidreamh collaí sa suíomh misinéireachta arna léiriú ag Édouard-Henri Avril (1892)

Is é is comhriachtaincaidreamh collaí ann ná teagmháil chollaí idir neach baineann agus neach fireann a bhfuil coimpeart agus clannú mar chuspóir léi. Thairis sin, áfach, bíonn daoine, bonobónna (mionsiompánsaithe) agus deilfeanna ag cleachtadh comhriachtana fiú nuair nach bhfuil an baineannach faoi éastras (ar dáir), ar mhaithe leis an sult amháin.

Is é an teilgean gnáthchainte sa Ghaeilge a thagraíonn don chomhriachtain ná bheith ag bualadh craicinn, bheith ag bualadh leathair, nó bheith ag streachailt leathair. Is ionann cúrsaí leathair agus cúrsaí collaíochta, cúrsaí comhriachtana. Bíonn go leor cleachtas collaí eile ag na daoine, cosúil le faoiseamh na láimhe agus faoiseamh an bhéil, nach féidir "comhriachtain" a thabhairt orthu, ós rud é nach scaoiltear an síol isteach san fhaighin. Ón taobh eile de, tá a leithéid de chleachtas ann agus comhriachtain anasach nó comhriachtain tríd an tóin, ina scaoiltear an síol, de ghnáth, isteach sa reicteam.

Is gnách leis na daoine réamhimirt leapa a dhéanamh roimh an gcomhriachtain. Bíonn an lánúin ag cuimilt a chéile agus ag tadhall baill ghiniúna a chéile le treisiú leis an éirí collaí. Dá thoradh sin, is dual do bhall giniúna an fhir, is é sin, an bod, éirí crua, agus faighin na mná ag éirí fliuch le sreabhán. Má fhaigheann an lánúin go bhfuil a ndóthain éirí orthu, sáfaidh an fear a bhod isteach san fhaighin, agus é á bhogadh ar aghaidh agus ar gcúl arís taobh istigh den bhean. Nuair a shroichfidh an fear a shúnás, is é sin, buaic a éirí chollaí, scaoilfidh sé lena shíol, agus tríthí ag dul trí mhatáin a bhoid. Maidir leis an mbean, is féidir léise súnás a shroicheadh chomh maith, agus na tríthí ag dul trína faighin. Is é is fonn collaí ann ná an fonn chun na tríthí seo a mhothú, ós rud é go bhfaigheann an duine go bhfuil sult ar leith ag baint leo.