Reicteam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an reicteam (Laidin: rectum intestinum, a chiallaíonn stéig dhíreach) an chuid deiridh den stéig mhór i roinnt mamach, agus an phutóg i gcásanna eile, agus tagann sé chun críche san anas. Bíonn reicteam an duine timpeall 12 cm ar fhad. Bíonn a chailibre cosúil leis an drólann shiogmóideach ag a thosach, ach bíonn a fhoirceann leata, agus comhdhéanann sé an ampaill reictim.