Cód géiniteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An tslí a bhfeidhmíonn na bunphéirí de na núicléitídí sa DNA chun tógáil próitéiní is feidhmiúcháin bhithcheimiceacha eile na cille a threorú. Níl sna 100,000 géin sa cholainn dhaonna ach na 4 núicléitíd amháin: adainín (A), timín (T), citisín (C), agus guainín (G). Mar sin, níl ach 4 litir san aibítir ghéiniteach, ach iad in oird éagsúla ar fud an DNA i ngach crómasóm. Is dís tointemhóilíní de na núicléitídí é an DNA, agus é i bhfoirm déhéilicse. Tarlaíonn na núicléitídí seo ionas go mbíonn na díseanna A-T is C-G amháin os comhair a chéile mar naisc idir na tointí. Is é ord uathúil na mbunphéirí seo sna crómasóim go léir san ainmhí a chuimsíonn an cód géiniteach (an géanóm) don ainmhí uathúil sin. Ní leor dís amháin chun gné ar bith a shainiú, ach is gá trírín díobh (a dtugtar códón air) chun géin amháin a litriú.