Crómasóm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cur síos ar struchtúr an chrómasóim.

Is éard is crómasóm ann saghas pacáiste géiniteach atá le fáil i gcealla. Is éard atá istigh ann aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) (DNA), próitéiní agus RNA. Déanann na próitéiní feidhmeanna ADN a rialú.

Tá faisnéis ghéiniteach an orgánaigh ionchódaithe san ADN crómasómach. Tá roinnt speiceas ann a bhfuil plasmaidí nó eilimintí géiniteacha eile iontu.

Is mór an difríocht idir crómasóim in orgánaigh dhifriúla. D'fhéadfadh cruth ciorclach nó líneach a bheith orthu agus iad déanta de 100,000 núicléitíd ar a laghad ina slabhra fada. Crómasóim líneacha mhóra a bhíonn sna cealla eocarótacha (cealla núicléatacha) agus crómasóim chiorclacha níos lú a bhíonn sna cealla prócarótacha (cealla gan núicléas), cé go mbíonn eisceachtaí go leor bainteach leis an riail seo. Chomh maith leis sin, is féidir cineálacha éagsúla crómasóm a bheith ann; mar shampla, bíonn a gcuid crómasóm beag féin ag miteacoindrí sna chuid is mó de na eocaróit agus de chlóraplaist phlandaí.

Sna heocaróit bíonn próitéiní freagrach as na crómasóim núicléacha a phacáistiú i struchtúr comhdhlúite a dtugtar crómaitin air.

Ligeann sé seo do na móilíní an-fhada ADN a bheith feistithe istigh sa chill-núicléas. Ní hionann struchtúr na gcrómasóm agus na cromatine i rith an timthrialla chille. Is iad na crómasóim na haonaid riachtanacha i gcomhair na cilldeighilte, agus caithfidh siad bheith macasamhlaithe, roinnte agus curtha ar aghaidh, go rathúil, chuig a gcuid mac-cheall, ionas go gcinnteofar an éagsúlacht ghéiniteach agus go mairfí a sleachta. Is féidir crómasóim a bheith ann i riocht dúbailte nó dídhúbailte. Is i bhfoirm snáitheanna líneacha amháin a bhíonn na crómasóim dhídhúbailte, cé go mbíonn dhá chóip chomhionanna (ar a dtugtar crómaitidí) nasctha ag ceintrimír sna crómasóim dhúbailte.

.

De thoradh ar dlúthú na gcrómasóm dídhúbailte le linn miotóise agus méóise a fhaightear an struchtúr clasaiceach 'ceithre ghéag' (sa phictiúr ar dheis). Imríonn an athchuingir chrómasómach ról ríthábhachtach san éagsúlacht ghéiniteach. Má tá na struchtúir ionramháilte go mícheart, trí phróisis ar a dtugtar éagobhsaíocht chrómasómach agus trasghluaiseacht chrómasómach, féadfaidh an chill catastróf mhiotóiseach a fhulaingt agus bás a fháil, nó d'fhéadfadh sé, gan choinne, an apaptóis a seachaint, lena dtagtar dul chun cinn na hailse.