Crómaitin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Crómaitin

An coimpléasc a dhéanann cuingriú an ábhair ghéinitigh (an DNA) le cuid mhaith próitéiní taobh istigh de núicléas na cille. Ról aici ag cabhrú i ndlúthú an DNA chun go n-oiriúnóidh sé sin isteach sa núicléas, agus ag rialú feidhmeanna na ngéinte. Glacann an crómaitin ruaim, agus mar sin is féidir a dhéanamh feiceálach faoin micreascóp le linn próiseas na cilldeighilte. Bíonn sé eagraithe ina choirp scartha (na crómasóim). Tugtar heitreacrómaitiní ar na codanna de gach crómasóm a ruaimnítear an-dorcha, agus eocrómaitiní ar na codanna nach ruaimnítear ach go héadrom.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Crómaitin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 185.