Miotalóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníochtaí is eolaíochtaí eastósctha miotal ó mhianaigh, á malartú, go minic mar chóimhiotail le miotail eile, go dtí foirmeacha áisiúla, agus ag déanamh amach na gcoinníollacha is fearr lena gcumadh. Ceird ársa, ach athraíodh na modhanna traidisiúnta ó bhun sa dara cuid den 19ú céad trí cheimic, fisic is micreascópacht. Is cuid lárnach di anois na hathruithe a tharlaíonn do mhiotail le linn cumtha is cóireála, agus an cheimic is an fhisic is gá chun bac a chur ar chreimeadh. Gné thábhachtach eile is ea tástáil is iniúchadh na struchtúr éagsúil miotalach is iad i bhfeidhm.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Miotalóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 462.