Amóinia
| Amóinia | |
|---|---|
| Aitheantóirí | |
| Uimhir CAS | 7664-41-7 |
| PubChem | 222 |
| Airíonna | |
| Foirmle mhóilíneach | NH3 |
| Mais mhóilíneach | 17.0306 g/mol |
| Dlús | 0.6942 [1] |
| Leáphointe | -77.73 °C (195.42 K) |
| Fiuchphointe | -33.34 °C (239.81 K) |
| Déphol | 1.42 D |
| Guaiseacha | |
| NFPA 704 | |
Is í an amóinia an ceann is tábhachtaí de chomhdhúile dénártha na hidrigine is na nítrigine. Is í a foirmle cheimiceach ná NH3, agus is gás í le teocht an tseomra faoi ghnáthbhrú an atmaisféir. Is furasta an amóinia a aithint ar a boladh bréan sainiúil. Nuair a thuaslagfar amóinia san uisce, gheofar tuaslagán bunata atá in ann aigéid a neodrú. Is é an t-ian amóiniam NH4+ is toradh d'imoibriú na hamóinia is an uisce, agus é á iompar sna comhdhúile mar a bheadh ian miotail ann. Mar sin, is féidir salainn éagsúla amóiniam a chruthú agus iad an-chosúil le salainn mhiotail. Samplaí de seo iad an chlóiríd amóiniam agus an níotráit amóiniam. Úsáidtear an chlóiríd amóiniam mar spíosra - cuirtear le liocras í le blas níos géire a thabhairt dó. Maidir leis an níotráit amóiniam, is leasú talún agus ábhar pléasctha í.
Is nimh é an gás amóinia a oibríonn go dona ar na scamhóga, ach san am chéanna, is amhábhar tábhachtach í don tionsclaíocht. Bíonn sí ar fáil go nádúrtha i mún an duine agus na n-ainmhithe, go háirithe má fhágtar an mún sin ag iompú, agus mar sin, is féidir le seanfhual na n-ainmhithe feirme an dúlra a thruailliú go dona. Is í an amóinia an pointe tosaigh dá lán craobhacha den tionsclaíocht cheimiceach. Tá sé an-deacair an nasc idir an dá adamh i móilín na nítrigine N2 a bhriseadh leis an nítrigin sin a cheapadh i gcomhdhúile ceimiceacha, agus nuair a d'éirigh leis an gceimiceoir Fritz Haber sa Ghearmáin nítrigin an atmaisféir a chlaochlú go hamóinia sa tsaotharlann, bhí an t-aireagán seo chomh tábhachtach is gur thuill sé duais Nobel sa cheimic do Haber.
[athraigh] Tagairtí
- ↑ NIST Chemistry WebBook (website page of the National Institute of Standards and Technology) URL last accessed May 15 2007
[athraigh] Naisc sheachtracha
- International Chemical Safety Card 0414 (anhydrous ammonia)
- International Chemical Safety Card 0215 (aqueous solutions)
- National Pollutant Inventory - Ammonia
- Emergency Response to Ammonia Fertilizer Releases (Spills) for the Minnesota Department of Agriculture
- National Institute for Occupational Safety and Health - Ammonia Page