Tráta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tráta
Tomatoes-on-the-bush.jpg
Aicmiú eolaíoch
Ríocht: Plantae
Aicme: Angiospeirm
Fo-aicme: Eudicots
Ord: Solanales
Fine: Solanaceae
Géineas: Solanum
Speiceas: S. lycopersicum
Ainm déthéarmach
Solanum lycopersicum
L.

Toradh le dath dearg é tráta (Solanum lycopersicum). Is as Meiriceá Theas ó dhúchas é. Tháinig sé chuig an Eoraip den chéad uair nuair a d'aimsigh na Spáinnigh é nuair a shroich Criostóir Colóm Meiriceá don chéad uair i 1492.

Tráta iomlán agus é ghearrtha ar bhealaí éagsúla chun croíleacán an tráta a léiriú.

Is nós é ag daoine tráta a shamhlú mar ghlasra, ach déanta na fírinne is toradh é. Moltar gan tráta a chur isteach i mheascán torthaí mar ní oireann blas an tráta le torthaí eile. Is fearr tráta a ithe le glasraí. Déantar an iomaí cineál anlainn le trátaí. Leatar anlann tráta ar bharr bonn píotsa. Anuas ar sin, is maith le daoine anlann trátaí a chur ar a gcuid sceallóga agus burgar agus míreanna bhia eile nach iad.