Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó DNA)
Samhail de ghiota mhóilín ADN

Aigéad núicléacha is ea an tAigéad dí-ocsairibeanúicléasachADN ina bhfuil na treoracha géiniteach a úsáidtear i bhforbairt agus i bhfeidhmiú gach orgánach beo (cé is moite de na víris ARN (nó aigéad ribeanúicléasach) ). Tugtar géinte ar na codanna ADN a iompraíonn an fhaisnéis ghéiniteach seo. Mar an gcéanna, bíonn feidhmeanna struchtúrtha ag sraitheanna eile ADN , nó bíonn feidhm acu i rialú na faisnéise géiniteach seo. Chomh maith le ARN agus próitéiní, tá ADN ar cheann de na trí mhacramóilín mór a bhíonn fíor-riachtanach do gach cineál beathachrutha.


Ní móilín amháin atá ann i bpíosa ADN. Is péirí móliíní iad, atá casta le chéile i bhfoirm héilics dúbalta, cosúil leis an samhail ar dheis. Tá ceithre núicléitíd le fáil i ADN:

  • Adainín (A)
  • Guainín (G)
  • Cíotóisín (C)
  • Tímín (T)

Is cuid de fhine na bpúiríní iad adainín (A) agus guainín (G). Is cuid de fhine na bpirimidíní iad tímín (T) et la cíotóisín (C).