Bithéagsúlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bithéagsúlacht

Éagsúlacht bhitheolaíoch is ea bithéagsúlacht, nó níos cruinne fós, an raon is an ilghnéitheacht cineálacha géiniteacha, speiceas is éiceachóras ar Domhan a athraíonn le héabhlóid.

Géaraíonn gníomhartha daonna luas na bpróiseas athraithe, rud a laghdaíonn speicis nó a dhíothaíonn iad, fiú.

Polasaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Síníodh conradh chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú is acmhainní bitheolaíocha a fhorbairt ar bhonn inmharthanach ag Cruinniú Mullaigh an Domhain i 1992.

Thug Parlaimint na hEorpa a beannacht don Dlí Athchóirithe Nádúir an Aontais Eorpaigh in 2024.[1]

Ceiliúrtar ar an 22 Bealtaine gach bliain an Lá Idirnáisiúnta um Éagsúlacht Bhitheolaíoch, an Bhithéagsúlacht agus Speicis Choimhthíocha Ionracha.[2]

Bithéagsúlacht in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an t-ádh le hÉirinn 31,000 speiceas plandaí, ainmhithe agus fungas taifeadta a bheith aici. Tá níos mó ná 20% de na speicis a ndearnadh measúnú orthu in Éirinn i mbaol díothaithe agus tá stádas neamhfhabhrach ag 85% de na 59 gnáthóg is luachmhaire san AE. Tá níos mó ná leath na bplandaí dúchasacha ag meath.[3]

Tuairiscíodh sa bhliain 2024 go raibh drochbhail ar 85% de ghnáthóga sainchosanta an Stáit agus go raibh 46% díobh ag meath d'acht is d'áirithe, agus gnáthóga bláthanna agus luibheanna dúchasacha á scriosadh go seasta – na dumhcha, na heanaigh, na léanta, na móinéir, na portaigh, na turlaigh agus mar sin díobh. Modhanna míchóiriúla feirmeoireachta is siocair leis an meath den chuid is mó, a deirtear – iníor tionsclaíoch, bánú talaimh agus truailliú uisce, srl.[4]

Polasaithe in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht moltaí in 2022 (mar sh. go bhféadfaí reifreann a ghairm le bonn bunreachtúil a chur faoi chearta fiadhúlra).

Ritheadh An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023[5] agus an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht, 2023 don tréimhse 2023-2030.[6][7] Cuireadh dualgais ar gach aon fhoras poiblí sa Stát gníomhú dá réir, lena n-áirítear Bord Iascaigh Mhara, Bord na Móna agus na húdaráis áitiúla. Tá ar gach údarás áitiúil plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. Cuireadh acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2024-02-27). "Parlaimint na hEorpa ag glacadh leis an Dlí Athchóirithe Nádúir" (as ga-IE). 
  2. Hussey, Matt (2011). "Bithéagsúlacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 76.
  3. npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030". Dáta rochtana: 2024.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2024-01-25). "Plean Bithéagsúlachta athnuaite le dúil tuilleadh meatha a chosc" (as ga-IE). 
  5. oireachtas.ie (2023). "An tAcht um Fhiadhúlra (Leasú), 2023". Dáta rochtana: 2024.
  6. "National Biodiversity Action Plan | National Parks & Wildlife Service". www.npws.ie. Dáta rochtana: 2024-02-27.
  7. npws.ie (2023). "Plean Gníomhaíochta Náisiúnta na hÉireann um Bithéagsúlacht 2023–2030". Dáta rochtana: 2024.
  8. Tionól Saoránach (2022). "Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht". Dáta rochtana: 2024.