Robert Troy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Troy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Eanáir 1982
42 bliana d'aois
Baile na Carraige, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
1 Iúil 2020 – 24 Lúnasa 2022
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Longfort–Iarmhí

Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

23 Eanáir 2017 –
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Longfort–Iarmhí

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Longfort–Iarmhí

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinroberttroy.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: RobertTroyTD Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach de chuid Fhianna Fáil é Robert Troy (a rugadh ar 24 Eanáir 1982) atá ina Theachta Dála (TD) do dháilcheantar An Longfort-An hIarmhí ó 2011.[1]

Bhí Troy ina Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta le freagracht speisialta as Cur Chun Cinn na Trádála, ó Iúil 2020 go Lúnasa 2022, nuair a d’éirigh sé as; tháinig sé chun solais gur theip air leasanna maoine a fhógairt.[2]

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Troy sa Mhuileann gCearr sa bhliain 1982, ach is as Baile na Carraige, Co. na hIarmhí ó dhúchas é.

Bhí sé ina bhall de Chomhairle Contae na hIarmhí don thoghcheantar áitiúil an Mhuilinn Chearr Thiar ó 2004 go 2011.

Toghadh é ina Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil do thoghcheantar Longfoirt-na hIarmhí in olltoghchán 2011, ag fáil an bua ar an bheirt Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Peter Kelly agus iar-Aire Comh-aireachta agus Ceannaire an tSeanaid Mary O'Rourke.

Bhí sé ina Urlabhraí ag Fianna Fáil ar na hEalaíona agus ar an Oidhreacht ó Aibreán 2011 go dtí Iúil 2012. I mí Iúil 2012, ceapadh é ina Urlabhraí ar Leanaí. Tar éis olltoghchán 2016 ceapadh é mar Urlabhraí Fhianna Fáil ar Iompar, Turasóireacht agus Spórt.

Toghadh arís é sa bhliain 2020 le 21.1% de na vótaí céad rogha. I mí Iúil, tar éis bhunú Rialtas an 33ú Dáil, ceapadh an Traí mar Aire Stáit ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, le freagracht speisialta as Cur Chun Cinn na Trádála.

Teip ar leasanna maoine a dhearbhú[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Lúnasa 2022, deimhníodh gur theip ar Troy a lánleasanna gnó a dhearbhú i gClár Leasanna na gComhaltaí i gcomhréir le hoibleagáidí caighdeánacha atá ar TD.

Bhí leithscéal gafa ag Troy don chéad uair faoi nár chláraigh sé maoin dá chuid ar an gClár Leasanna Comhaltaí.[3]

Fuarthas amach gur dhíol sé réadmhaoin le Comhairle Contae na hIarmhí roimhe seo, a raibh sé ina bhall di roimhe seo, in 2018. Mhaígh Troy gur earráid ar a thaobh féin a bhí sa teip seo.[4][5]

Fuarthas amach ina dhiaidh sin freisin gur theip ar Troy díol an dara réadmhaoin a chlárú le Comhairle Contae Longfoirt in 2019 agus gur theip air leas a dhearbhú i dtríú teach sa Mhuileann gCearr in 2020.

Robert Troy, Samhain 2015

Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin in agallamh le RTÉ an 23 Lúnasa 2022[6] go raibh 11 réadmhaoin aige san iomlán, naoi gcinn acu a bhí ar cíos aige; d'admhaigh sé gur theip air gnó maoine a raibh baint aige leis a fhógairt i gceart; agus bhí sé ag fáil ioncaim faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC) arna mhaoiniú ag an stát ar dhá réadmhaoin.

Bhí leithscéal gafa ag Troy arís. Dúirt sé gur "botún fíorthromchúiseach" a bhí ann.[6] Thug sé le fios gur údar náire ann dó an breall a bhí air.[7]

Timpeall an ama seo freisin bhí Troy tar éis labhairt faoi thacaíochtaí tithíochta a mhéadú do thionóntaí sa Dáil.

Ar an 24 Lúnasa, tugadh le fios nach raibh aon deimhniú dóiteáin ag ceann de mhaoine cíosa na Traí.

Éirí as oifig an Aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 24 Lúnasa, d'éirigh Troy as a ról mar Aire Stáit sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, ag áitiú go ndearna sé fíorearráidí lena dhearbhú reachtúil agus ag rá nach ngabhfadh sé leithscéal as a bheith ina thiarna talún.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Houses of the Oireachtas (2022-07-26). "Robert Troy – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2022-08-25.
  2. RTÉ news (2022-08-24). "Robert Troy resigns from Minister of State role" (as en). 
  3. Nuacht RTÉ (2022-08-18). "Leithscéal gafa ag an Aire Stáit Robert Troy" (as ga-IE). 
  4. thetimes.co.uk (21 Lúnasa 2022). "Robert Troy flat was not on register" (en). Dáta rochtana: 2022-08-25.
  5. independent.ie (11 Lúnasa 2022). "Robert Troy says he made an ‘error’ in not declaring sale of a house he owned" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-08-25.
  6. 6.0 6.1 Nuacht RTÉ (2022-08-23). "Leithscéal gafa arís ag an Aire Stáit, Robert Troy" (as ga-IE). 
  7. Nuacht RTÉ (2022-08-24). "'Ceisteanna fós le freagairt ag Robert Troy'-Bacik" (as ga).