An Muileann gCearr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Muileann gCearr
Mullingar (en)
An Muileann gCearr (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°31′21″N 7°20′16″W / 53.5224°N 7.3378°W / 53.5224; -7.3378
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae na hIarmhí Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán20,928 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde101 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistN91 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód044 Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1413966

Is é an Muileann gCearr[1] (nó Mullingar as Béarla) príomhchathair Chontae na hIarmhí. Tá sé ar na bailte is mó i lár na hÉireann. Dar leis an daonáireamh bhí 20,928 ina gcónaí sa bhaile sa bhliain 2016. Tá sé suite ar an mBrosnach idir Loch Uail agus Loch Ainninn.

Bhí ionad traenála de chuid an airm ar an mbaile, atá an-ghar do lár na tíre.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá ionad siopadóireachta, leabharlann agus Ospidéal Réigiúnach an Mhuilinn Chearr sa bhaile. Tá Áras an Mhuilinn, ionad acmhainnaí de chuid Chomhaltas Ceoltóirí Éireann do lár na tíre, lonnaithe sa bhaile.

Tá trí nuachtán ann: The Mullingar Advertiser, The Westmeath Topic, agus The Westmeath Examiner.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann go leor den trácht idir an Mhi agus Ros Comáin agus Baile Átha Cliath tríd an mbaile. Tá stáisiún traenach ar an mbaile, agus stopann líne Shligeach ann, maraon le línte Bhéal Átha an Fheadha agus Chathair na Mart.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúpla míle ó dheas, bhunaigh Naomh Colman mainistir a bhí ina ionad léinn ar feadh na gcéadta bliain. Bhí tábhacht mhíleata ag baint leis an mbaile mar gheall ar a ionad i lár na tire- bhí garastúin ag Arm na Breataine tógtha ann idir 1814 agus 1819, agus a bhí mar ionad de chuid Arm na hÉireann darbh ainm Dún Cholumb go dtí gur dhúnadh é in 2012. Tar éis chath a mhair deich lá d'éirigh leis an nGinearál Godart van Ginkel an baile a ghabháil i mí an Mheithimh 1691.

Daoine cáiliúla ón Muileann gCearr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Seamus O'Brien (1999). "Famine and Community in Mullingar Poor Law Union, 1845-49". Irish Academic Press. 
  • Matt Nolan (1999). "Mullingar: Just for the Record". Crigean P.. 
  • Mary Farrell (2002). "Mullingar: Essays on the History of a Midlands Town". Westmeath County Library. 
  • Leo Daly (1975). "James Joyce and the Mullingar Connection". Dolmen P.