Ryanair
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is aerlíne ísealchostais Éireannach é Ryanair. Is é Ryanair an t-aerlíne ísealchostais is mó san Eoraip, agus 729 cúrsa ar bun aige ó 32 bhunáit. Is é an t-aerlíne is mó ar domhan i dtéarmaí paisinéirí idirnáisiúnta, ach ní i dtéarmaí brabúis. Tá borradh suntasach leanúnach déanta ag Ryanair ó cuireadh ar bun, rud ar cheadaigh liobrálú tionscail eitlíochta na hEorpa i 1997 dó. Is é Aerfort Stansted i Londain a phríomh-bhunáit ach tá ceanncheathrú an chomhlachta lonnaithe in Aerfort Bhaile Átha Cliath in Éirinn.
Is é Michael O'Leary ceannaire an chomhlachta. Sa bhliain 2009 thosaigh siad ar teicneolaíocht a chur ar fáil do ghutháin phóca ina n-eitleáin. Tugann sé seo cead do phaisinéirí a gcuid fóin a úsáid ar na heitleáin, ach ar chostas níos airde.
Tá Ryanair tar éis iarracht a dhéanamh chun Aer Lingus a cheannach faoi dhó, i 2006 agus 2008, ach theip orthu an dá uair.
Tá Ryanair ar na comhlachtaí Eorpacha is mó is ábhar conspóide, agus é molta agus cáinte araon go flúirseach.[fíoras?] Is geal le lucht a mholta diongbháilteacht an chomhlachta ar tháillí ísle a thairiscint, chomh maith lena bhainistíocht radacach agus a dhúil le dul i ngleic leis na comhlachtaí agus leis na leasanna atá seanbhunaithe sa tionscail (agus é sin ar nós Southwest Airlines Mheiriceá a bhí ar tús cadhnaíochta i bhforbairt múnla na haerlíne beagchostais). Ach tá cáineadh searbh tuilte ag Ryanair fosta mar gheall ar a pholasaithe i dtaobh na gceardchumann,[1] agus tá margaíocht mí-ionraic curtha ina leith chomh maith.[2]
[athraigh] Tagairtí
[athraigh] Naisc sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.