Ionsaithe 11 Meán Fómhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó 9/11)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaithe 11 Meán Fómhair
Colláis
Íomhá
Cineálfuadach eitleáin
dúnmharú líonmhar
ionsaí sceimhlitheoireachta
ionsaí féinmharaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid desceimhlitheoireacht sna Stáit Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana11 Meán Fómhair 2001 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae Arlington, Virginia
Manhattan, New York
Shanksville, Pennsylvania (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraían Araib Shádach Cuir in eagar ar Wikidata
SpriocIonad Trádála Domhanda, An Peinteagán, Caipeatól na Stát Aontaithe agus An Teach Bán Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisDistrict of Columbia Police Coordination Amendment Act of 2001 (en) Aistrigh
United States Department of Homeland Security (en) Aistrigh
Cogadh san Afganastáin
Patriot Act (en) Aistrigh
airport security repercussions due to the September 11 attacks (en) Aistrigh
No Fly List (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2,996 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe25,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireAl-Qaeda Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Haischlib#September11, #September11th, #NeverForget, #NeverForget911 agus #911Attack Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: 911


Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair (9/11 mar a ghiorraítear uaireanta iad) ná sraith de cheithre ionsaí sceimhlitheoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslamach sceimhlitheoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001.[1] Maraíodh 2,977 duine, gortáiodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe.[2] Anuas ar sin, deineadh scríos mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar.

D'fhuadaigh naoi sceimhlitheoir déag d'al-Qaeda ceithre eitleán ó aerfoirt éagula in iarthuaisceart na Stát Aontaithe agus California mar cheann scríbe ag gach aon cheann acu. Thuairteáil péire díobh ar dhá thúr an Ionaid Trádála Domhanda in Manhattan Íochtar agus leagadh chun talún iad araon taobh istigh de dhá uair an chloig. Dhírigh an 3ú eitleán ar an Peinteagán, ceanncheathrú Roinn Chosanta na tíre, i gContae Arlington, Virginia. Bhí an ceathrú cheann athdírithe i dtreo Washington, D.C. ag na bhfuadaitheoirí ach is cosúil go bhfuair paisinéirí an eitleáin an ceann is fearr orthu agus thit sé go talamh i ngort sa Stonycreek Township, Pennsylvania.

Na heitleáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1. American Airlines Eitilt 11 (eitilt laethúil ó Bhostún go Los Angeles), a bhuail an túr thuaidh den World Trade Center, nó Ionad Trádála Domhanda, i Nua- Eabhrac ag 8:46AM
  • 2. United Airlines Eitilt 175 (Bostún-Los Angeles), (a bhuail an túr theas den World Trade Center ag 9:03AM. Chonaic a lán daoine an t-ionsaí seo agus é ag tarlú mar bhí ceamaraí teilifíse ag taifeadadh an eachtra ag an túr thuaidh
  • 3. American Airlines Eitilt 77 (Washington, D.C.-Los Angeles), a bhuail an Peinteagán in Arlington, Virginia ag 9:37AM
  • smionagar na pléisce
    4. United Airlines Eitilt 93 (Newark-San Francisco), a bhuail an talamh ag 10:03AM, gar do Shanksville, Pennsylvania. Ceaptar gurb é plean na sceimhlitheoirí Caipeatól na Stát Aontaithe in Washington a ionsaí ach rinne na paisinéirí iarracht na fuadaitheoirí a chloí. Bhí fóin phóca ag cuid de na paisinéirí agus bhí fhios acu cad a tharla do na heitleáin eile a bhí fuadaithe. Bhuail an t-eitleán an talamh mar gheall ar an troid agus maraíodh gach éinne ar bord.

Toradh na n-ionsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nua-Eabhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh 246 daoine a bhí ar bord na heitleáin, gan na 19 sceimhlitheoirí a chur san áireamh.

Thosaigh tinte sna túir den World Trade Center de bharr na n-ionsaithe. Bhí an túr theas ag dó ar feadh 52 nóiméad sular thit sé. Bhí an túr thuaidh ag dó ar feadh 102 nóiméad sular thit sé. Scriosadh an dá thúr.

ruthaig eitilte

Thit foirgneamh eile in aice leis na túir, an "7 World Trade Center" ag 5:20PM an lá céanna. Ceaptar gur lagaíodh an foirgneamh seo nuair a thit na túir eile.

Maraíodh 2606 duine ag an World Trade Center. Maraíodh 341 fir dóiteáin de chuid an Roinn Dóiteáin i Nua-Eabhrac.

Arlington[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bualadh an taobh thiar den Pheinteagán. Bhuail an t-eitleán an talamh díreach ag an am céanna a bhuail sé an foirgneamh.

ceamara slándála sa Pheinteagán

Maraíodh 125 daoine ag an Peinteagán (70 sibhialtach agus 55 ball d'fhórsaí armtha SAM).

San iomlán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh 2997 daoine de bharr na n-ionsaithe, póilíní agus fir dóiteáin ina measc.

Tar éis na n-ionsaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ionsaigh fórsaí míleata na Stáit Aontaithe an Afganastáin i mí Dheireadh Fómhair, 2001. Bhí an Afganastáin faoi smacht an Talaban, grúpa antoisceach Ioslamach agus bhí roinnt ceannairí de chuid Al-Qaeda lonnaithe sa tír.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cúrsaí slándála agus ciall cheannaithe (NOLLAIG 2001). "Cúrsaí slándála agus ciall cheannaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-02-27.
  2. "Winnipegger heads to NY for 9/11 memorial | CBC News" (en-US). CBC. Dáta rochtana: 2021-02-26.