Glaschú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Is í Glaschú an chathair is mó in Albain. Ceantar mór tionscail a bhí ann tráth. Tá cáil ar Ollscoil Ghlaschú i go leor disciplíní acadúla. Ba i nGlaschú freisin a thosaigh an dearthóir Charles Rennie Mackintosh a aistear.

Tá dhá fhoireann sacair ghairmiúla cháiliúla i nGlaschú, mar atá "Glasgow Celtic" agus "Glasgow Rangers", agus seachas an choimhlint nádúrtha a thagann lena leithéid de chomórtas, bíonn aighneas idir lucht leanúna "Rangers", agus a mbunús Protastúnach agus Oráisteach, agus iadsan a luíonn le "Celtic", agus a mbunús Caitliceach.

Gaeilge na hAlban i nGlaschú[athraigh | edit source]

Sa bhliain 2011 bhí 5,878 duine (1% den daonra) ábalta Gaeilge na hAlban a labhairt i gcathair Glaschú. Bhí 8,899 duine (0.8%) ábalta Gaeilge na hAlban a labhairt i mórcheantar Ghlaschú. Tá stiúideo ag BBC Alba agus Radio nan Gàidheal sa chathair, na haon stiúideonna Gàidhlig taobh amuigh den Ghàidhealtachd.

Gaeilge na hÉireann i nGlaschú[athraigh | edit source]

Tá craobh de Chonradh na Gaeilge i nGlaschú, Craobh Phádraig Mhic Phiarais, atá ag dul go láidir le thart fá ciad bliana anuas. Cuireann sé ar dóigh ranganna Gaeilge agus imeachtaí soisealta. Tá nasc láidir idir Glaschú agus Tír Chonaill go háraithe, cuid mhór de dhaoine ag bogadh anonn agus anall go minic.

Ceantair[athraigh | edit source]

Nascbhailte[athraigh | edit source]

Nürnberg,an Gearmáin

Rostov na Donu,an Rúis

Dalian,an tSín

Havana,Cúba

Torino,an Iodáil

Marseille, an Fhrainc

Lahore, an Phacastáin

Beitheal,Iosrael



Flag of Scotland.svg athraigh Cathracha na hAlban
Obar Dheathain · Dún Déagh · Dún Éideann · Glaschú · Inbhear Nis · Sruighle