Aer Lingus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAer Lingus
  • IATA: EI Cuir in eagar ar Wikidata
  • OACI: EIN Cuir in eagar ar Wikidata
  • Cód aerlíne:SHAMROCK Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
  • IATA: EI Cuir in eagar ar Wikidata
  • OACI: EIN Cuir in eagar ar Wikidata
  • Cód aerlíne:SHAMROCK Cuir in eagar ar Wikidata

ManaSmart flies Aer Lingus Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálaerlíne
cuideachta phoiblí Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíTeoranta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh28 Bealtaine 1936, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Úsáideann sé/síAMOS Cuir in eagar ar Wikidata
Stocmhalartán(ISE EIL1) - (LSE AERL) Cuir in eagar ar Wikidata
Airline hub (en) Aistrigh
Reward program (en) AistrighAerClub (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtInternational Airlines Group Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht

Suíomh gréasáinaerlingus.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: aerlingus Twitter: AerLingus Instagram: aerlingus Cuir in eagar ar Wikidata
Airbus A320-200 de chuid Aer Lingus.
Ceanncheathrú na haerlíne

Aerlíne is ea Aer Lingus, cuid de Grúpa IAG inniu.

Tá an t-ainm branda díorthaithe ón bhfocal "Aer Loingeas". Leagan Béarlaithe is ea an t-ainm sin de leagan na Gaeilge, Aerloingeas.

Tá ceanncheathrú an chomhlachta suite in Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus bhí 41 aerárthach den déantús Airbus ann (sa bhliain 2010) ag taisteal chuig an Eoraip, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Tuaisceart na hAfraice.

Rialachas [cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cuid den grúpa IAG (IAirGroup.com) Aer Lingus inniu.

Roimh 2007, bhí 85% den gcomhlacht faoi úinéireacht an Rialtais.

Cuireadh an comhlacht i Stocmhalartán na hÉireann agus Stocmhalartán Londain ar an 2 Deireadh Fómhair 2006. Ag an am, bhí fós 28% den aerlíne faoi úinéireacht Rialtais na hÉireann. Díoladh an chuid seo dom grúpa IAG sa bhliain 2016.

An Tairiscint Táthcheangail ar Aer Lingus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Ryanair iarracht a dhéanamh chun Aer Lingus a cheannach faoi dhó, i 2006 agus 2008, ach theip orthu an dá uair.

Aer Lingus agus Ryanair, 1993

Sa bhliain 2006 rinne an Ryanair tairiscint táthcheangail ar 1.48 mórmhilliún euro ag iarraidh Aer Lingus a cheannach. Dúirt Micheal O'Leary, príomhoifigeach feidhmiúcháin an Ryanair, gur "aiméar gan a leithéid" a bhí ann le gnólacht eitleoireachta Éireannach amháin a chur ar bun a d'iompródh breis agus leathchéad milliún paisinéir in aghaidh na bliana.

Rinne Aer Lingus comhlúthacht ar Stocmhalartán na hÉireann ar an 2 Deireadh Fómhair 2006, i ndiaidh do Rialtas na hÉireann an cinneadh a ghlacadh go ndíolfaí breis is leath den bhun 85.1 % a bhí ag an Stát sa chomhlacht. Choinnigh lucht oibre an chomhlachta an bun a bhí acusan ann, is é sin, 15 %.

Ar dtús bhí na scaireanna ag dul €2.20 an ceann, ionas gur luacháladh an comhlacht ar 1.13 mórmhilliún euro ar fad. Chuir Ryanair in iúl go raibh sé tar éis bun 16 % a cheannach in Aer Lingus, agus go raibh sé ag tairiscint €2.80 an ceann ar na scaireanna a bhí fágtha. Ar an lá céanna, dhiúltaigh Aer Lingus don tairiscint táthcheangail, ó bhí sí ag teacht salach uirthi féin. Bhí 47 % de scaireanna an chomhlachta ag an Stát, ag iontaobhas úinéireachta an lucht oibre agus ag slánaonaid eile nach raibh sásta glacadh le tairiscint an Ryanair.

Aer Lingus agus Ryanair, 2007

Thairis sin, bhí seilbh ar 4 % eile ag Banc na hÉireann agus ag Bainc-Aontas Éireann, nach raibh an chuma orthu go mbeidís sásta a gcuid a dhíol leis an Ryanair. Mar sin, thit an tóin as an tairiscint táthcheangail.

Oibríochtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'ábhar conspóide é in Éirinn (go háirithe san iardheisceart) nuair a d'fhógair Aer Lingus i mí Lúnasa, 2007, go raibh sé ag bogadh a chuid eitiltí idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain go dtí Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, áit atá siad ag bunú mol nua don aerlíne. I mí Aibreáin 2009 thosaigh Aer Lingus ag eitilt chuig Heathrow ó Aerfort na Sionainne arís de bharr mórán conspóide.

In Aibreán 2009 bhunaigh Aer Lingus a chéad bhunáit taobh amuigh d'oileáin na hÉireann in Aerfort Gatwick i Londain.

Is ball é Aer Lingus den chomhaontas aerlínte Oneworld. D'fhág sé é sin ar 1 Aibreán 2007 [1]. Sa bhliain 2016, mar chuid den grúpa IAG, is ball é arís[2].

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Iolar", EI-ABI DH.84 Dragon Aer Lingus

Sna 1970idí, bhí Tony Ryan ina fheidhmeannach de chuid an Aer Lingus. Ansin bhí ann sé páirteach i mbunú an chomhlachta úd Guinness Peat Aviation i 1975, agus bhunaigh sé Ryanair sa bhliain 1985.

Bhí Ryanair ag eitilt idir Aerfort Gatwick i Londain agus Aerfort Phort Láirge in Éirinn, agus an comhlacht ag iarraidh dé-oplacht (monaplacht dhéroinnte) an Aer Lingus agus na mBritish Airways a bhriseadh sa trácht eitilte idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann.

Sna 1990idí, bhí an eitlíocht leathliobrálaithe ag an Aontas Eorpach: go bunúsach, bhí cead agat freastal ar aerchúrsa idir dhá bhallstát má fuair comhlacht faomhadh aon cheann acu. San am seo, ní raibh údaráis na hÉireann sásta cead a thabhairt don Ryanair, ó bhí siad ag iarraidh Aer Lingus a chosaint ar iomaíocht. Ach bhí rialtas Margaret Thatcher i gceannas ar an Ríocht Aontaithe, agus saoirse an mhargaidh á chur chun cinn acu ar chúiseanna idé-eolaíochta. Mar sin, cheadaigh an Ríocht Aontaithe don Ryanair cúrsaí nua a eitilt, agus bhí iomaíocht i ndáiríre ann do Aer Lingus.

Sa bhliain 2015, cheannaigh British Airways an aerlíne Éireannach chun barainneachtaí scála a chruthú agus acmhainní a tharraingt le chéile

EI-AOE V803 Viscount Aer Lingus 16 Márta 1966

Timpistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pearsanra [cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Stephen Kavanagh ceannaire Aer Lingus i 2017, agus tá Willie Walsh (IAG) ina chathaoirleach an bhoird.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-03-12. Dáta rochtana: 2006-12-22.
  2. https://www.aerlingus.com/aerclub/