Margaret Thatcher

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Margaret Thatcher
Margaret Thatcher.png

Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe
I bhfeidhmeannas 4 Bealtaine 1979 -
28 Samhain 1990
Réamhtheachta(í) James Callaghan
Comharba(í) John Major
Dáta breithe 13 Deireadh Fómhair 1925
Dáta báis: 8 Aibreán 2013
Áit bhreithe Grantham, Lincolnshire, Sasana
Áit bháis: Londain, Sasana
Páirtí polaitíochta Páirtí Coimeádach
Toghcheanta(i)r Finchley
Síniú

Polaiteoir Briotanach ab ea í Margaret Hilda Thatcher, An Banbharún Thatcher,[1] a rugadh faoin ainm Margaret Hilda Roberts ar 13 Deireadh Fómhair 1925 agus a d'éag ar 8 Aibreán 2013. Bhí sí ina ceannaire ar an bPáirtí Coimeádach ó 1975 go dtí 1990. Sa bhliain 1979, d'éirigh sí ina Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe. Ba ise an chéad Phríomh-Aire baineann ar an mBreatain.

Beatha phearsanta[athraigh | edit source]

Rugadh in Grantham, Lincolnshire i Sasana í. Ba as Drom an Easaigh i gContae Chiarraí a sin-seanmháthair Catherine Sullivan, a aistriú go Sasana in 1811. Phós Catherine oibrí feirme Thomas Smith agus phós Ellen, a iníon, Benjamin Ebenezer Roberts. Ab ea a mac Alfred an athair Thatcher .

B'iníon Margaret le hAlfred agus Beatrice Roberts. Grósaeir ab ea a hathair, a raibh siopa aige in Grantham, agus is os cionn an tsiopa a bhí cónaí ar a teaghlach agus í ag fás. Ba chomhairleoir áitiúil é Alfred Roberts, freisin. Cé nár bhall é d'aon pháirtí polaitiúil, bhí a chuid tuairimí agus polasaithe coimeádach. Bhí gaol an-láidir idir í agus a hathair, ach ní raibh caidreamh ró-mhaith aici lena máthair.

Bhain sí céim amach sa cheimic ó Ollscoil Oxford sna 1940í. Agus í ag staidéar in Oxford, ba bhall í de na Coimeádaigh Óga.

I 1951, phós sí Denis Thatcher, ball eile den Pháirtí Coimeádach. Fear colscartha ab ea Denis, a bhí deich mbliana níos sine ná Margaret. Bhí beirt pháiste acu, an cúpla Mark Thatcher agus Carol Thatcher, a rugadh i 1953.

D'éag sí le stróc i Londain ar an 8 Aibreán, 2013.

Slí bheatha pholaitiúil, 1950-1979[athraigh | edit source]

Sheas Margaret Thatcher gan rath i dtoghcheantar Dartford sna holltoghcháin i 1950 agus 1951. Toghadh í mar Fheisire do Finchley i 1959.

Nuair a bhí sí ina Rúnaí Oideachais i rialtas Edward Heath ó 1970 go dtí 1974, chuir sí deireadh le dáileadh bainne saor in aisce i scoileanna. Dá bhrí seo, tugadh Maggie Thatcher, Milk Snatcher uirthi.

Toghadh í mar cheannaire ar an bPáirtí nuair a sheas sí i gcoinne Heath i 1975 tar éis don Pháirtí dhá olltoghcháin a chailleadh i 1974. Ceannaire an Fhreasúra ab ea í anois. Bhí a cuid polasaithe ar an eite dheas. Ba é ceann dá polasaithe is cáiliúil ná an t-airgeadachas. Bhí sí go mór i gcoinne an tsóisialachais agus na gceardchumann. De bharr a tuairimí faoin gcumannachas agus a polasaí maidir leis an Aontas Sóivéadach, thug na Sóivéadaigh an leasainm cáiliúil The Iron Lady ("An Bhean Iarainn") uirthi.

Príomh-Aire, 1979-1990[athraigh | edit source]

San olltoghchán i 1979, bhuaigh na Coimeádaigh móramh i dTeach na dTeachtaí agus toghadh Thatcher mar Phríomh-Aire. Bhuaigh siad na holltoghcháin i 1983 agus 1987, freisin, faoi cheannas Thatcher.

Bhí Thatcher go láidir i gcoinne an phoblachtachais Éireannaigh. I 1981, bhí uirthi dul i ngleic le stailceoirí ocrais[2] as an IRA agus an INLA sa Cheis Fhada i dTuaisceart Éireann. Bhí siad ag lorg stádas polaitiúil, ach níor thug Thatcher an stádas sin dóibh go dtí go raibh deichniúr príosúnach marbh.

Nuair a d'ionsaigh an Airgintín Oileáin Fháclainne i 1982, sheol sí fórsa chun na hoileáin a chosaint. Bhí an Bhreatain buacach sa chogadh, agus mhéadaigh sé seo meas an phobail ar Thatcher.

Ba ina dara téarma a tharla Stailc na Mianadóirí, a bhí ar siúl ó 1984 go dtí 1985. Faoi dheireadh, bhuaigh an rialtas ar na stailceoirí.

I 1985, shín Thatcher an Comhaontú Angla-Éireannach le Poblacht na hÉireann.

D'éirigh sí as an an gCeannas agus as an bPríomh-Aireacht i 1990 tar éis di cuid mhór dá tacaíocht sa Pháirtí a chailleadh, agus tugadh an post do John Major, ceann de thacaithe Thatcher.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Order of the Garter, Order of Merit, Comhairle Bhanríon na Ríochta Aontaithe, Royal Society
  2. Éifeacht fhadtéarmach na stailceanna ocrais, Robert McMillen, Beo, AIBREÁN 2006

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]



Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe

Walpole | Wilmington | Pelham | Newcastle | Devonshire | Newcastle | Bute | Grenville | Rockingham | Chatham | Grafton | North | Rockingham | Shelburne | Portland | Pitt the Younger | Sidmouth | Pitt the Younger | Grenville | Portland | Perceval | Liverpool | Canning | Goderich | Wellington | Grey | Melbourne | Peel | Melbourne | Peel | Russell | Derby | Aberdeen | Palmerston | Derby | Palmerston | Russell | Derby | Disraeli | Gladstone | Disraeli | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Rosebery | Salisbury | Balfour | Campbell-Bannerman | Asquith | Lloyd George | Bonar Law | Baldwin | MacDonald | Baldwin | MacDonald | Baldwin | Chamberlain | Churchill | Attlee | Churchill | Eden | Macmillan | Douglas-Home | Wilson | Heath | Wilson | Callaghan | Thatcher | Major | Blair | Brown | Cameron