Abhcóide é chomh maith le polaiteoir agus níorbh údar iontais é gur léirigh sé scileanna an dá ghairme mar chosaint ar chinnidh a rinne sé mar Phríomh-Aire.[1]
Laoch is ea é fós i súile in Éirinn, nó cuid acu ar aon nós, nuair a shínigh Rialtas Blair Comhaontú Aoine an Chéasta a bhliain 1998. Náire shaolta é ag daoine eile a mhaíonn gur chóir é a chúiseamh i ngeall ar chogadh na hIaráice.[1] Mhaígh Blair fiú ag an am go bhféadfadh Saddam Husseim an Ríocht Aontaithe a ionsaí agus airm ceimiceacha aige (bréág a bhí ann). Cúpla bliain íos déanaí, tharraing na meáin aird ar leith ar ráiteas amháin ó Blair, a dúirt i nóta a chuir sé chuig Uachtarán na Stát Aontaithe, George W Bush, go mbeadh sé leis, is gur chuma.[2]
Bhain Blair geit as daoine sa bhliain 2015, ar scor ag an am, nuair a mhaígh sé ag fiosrúchán go dtitfeadh an próiséas síochána Thuaisceart Éireann as a chéile sa bhliain 2007, ar lár d’uireasa na litreacha sóláis a seoladh chuig iarbhaill den IRA Sealadach a bhí ar a dteitheadh.[1]
I mí Dheireadh Fómhair 2021, ainmníodh Blair sna Páipéir Pandora.[3]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.