Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tá an múrphictiúr seo de Bhobby Sands le feiceáil ar an mballa beannach de cheannáras Sinn Féin i mBóthar na bhFál, Béal Feirste

Bhí Roibeard Gearóid Ó Seachnasaigh, mar a thugadh sé air féin as Gaeilge (d'úsáidtí Roibeard Ó Sándair ar na meáin Ghaeilge fosta, ach ní bhfuair an leagan sin formhuiniú an fhir féin) (9 Márta, 1954 - 5 Bealtaine, 1981), nó Robert Gerard Sands, nó Bobby Sands ar duine de na Poblachtánaigh Éireannacha a fuair bás le linn na mórstailce ocrais ar an gCeis Fhada i dtús na 1980í.

Tús a Shaoil[athraigh | edit source]

Rugadh Roibeard Ó Seachnasaigh ar Ráth Cúil i mBaile na Mainistreach i dTuaisceart Éireann, agus tógadh ar Chros an Aba sa bhaile céanna é. B'éigean dá mhuintir aistriú ó áit go háit le teacht slán ó na Dílseoirí, siúd is nach raibh sé rófhurasta a aithint ar an sloinne úd Sands gur teaghlach Caitliceach a bhí i gceist. Déanta na fírinne, fuair an Seachnasach an sloinne mar oidhreacht ó shinsear Protastúnach. Nuair a d'éirigh sé as an scoil, bhain sé amach printiseacht ag déantóir cóistí, ach níor chríochnaigh sé an cúrsa, ó tháinig Dílseoirí ag bagairt gunnaí air le go bhfágfadh sé an áit. Sa bhliain 1972, arbh í buaicbhliain na dTrioblóidí í ó thaobh na mbásanna de, chuaigh sé sna Sealadaigh. Sa bhliain chéanna, fuair sé é féin imtheorannaithe, agus d'fhan sé i mbraighdeanas gan phróis dlí go dtí an bhliain 1976.

Ag filleadh abhaile dó, agus a mhuintir ag cur fúthu i gCill Uaighe in Iarthar Bhéal Feirste ag an am, chuaigh Roibeard leis an ngníomhadóireacht phobail. Bliain i ndiaidh a scaoilte saor, gabhadh in athuair é, nuair a thángthas air i gcuideachta ceathrair eile i ngluaisteán a raibh piostal ar bord uirthi. Nuair a chuaigh an dlí air i Mí Mheán Fómhair den bhliain 1977, daoradh chun príosúnacht ceithre bliana déag é as a bheith i seilbh arm tine. Féachadh le hé a chúisiú faoi bhuamálacha freisin, ach héigiontaíodh é as na coireanna seo.

Príosúnach ar an gCeis Fhada[athraigh | edit source]

Coinníodh ar an gCeis Fhada é, i gceann de na blocanna nua ar déanamh na litreach H a tógadh go gairid roimhe sin leis an áit a chur in oiriúint do chimiú na bpríosúnach paraimíleatach. Bhí baill den eagraíocht pharaimíleatach chéanna á gcoinneáil sa bhloc chéanna.

Sa phríosún dó, thosaigh an Seachnasach ag cumadh altanna agus dánta a cuireadh i gcló ar nuachtán na bPoblachtánach, An Phoblacht. Na litreacha a tugadh ar shiúl ar chúla téarmaí ón bpríosún, ba nós leis iad a shíniú faoi ainm a dheirféara, Marcella. I ndeireadh na bliana 1980, ceapadh ina cheannasaí ar chimí Poblachtánacha na Ceise Fada é.

Na Feachtais Agóide[athraigh | edit source]

Roimhe sin, bhí na cimí Poblachtánacha tar éis dhá mhórfheachtas agóide a chóiriú lena ngearán a dhéanamh faoin stádas a bhí acu, agus iad ag éileamh stádas an chime pholaitiúil agus díolmhú ó rialúcháin an phríosúin. Sa bhliain 1976, dhiúltaigh siad sainéide an phríosúnaigh a chaitheamh, agus ansin, níor fágadh d'éadach acu ach amháin a gcuid blaincéad. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d'éirigh siad tuirseach den dóigh a dtugadh na bairdéirí greidimíní dóibh agus iad ag dul ar an leithreas, i gcruth is gur chrom siad ar an Agóid Shalach, is é sin, dhéanaidís a gcuid gnóthaí leithris istigh sa chillín acu. Sa bhliain 1980, chuaigh na príosúnaigh ar stailc ocrais an chead uair. Tháinig deireadh leis an gcéalacan seo nuair a thug Rialtas na Breataine le fios go raibh siad le tabhairt isteach do na stailceoirí. Thiontaigh sé amach nach raibh ann ach cur i gcéill. Mar sin, chuir an Seachnasach tús le stailc ocras nua ar an chéad lá de Mhí na Márta sa bhliain 1981. De réir na n-orduithe a thug sé, chuaigh príosúnaigh eile ar stailc de réir a chéile leis an bpoiblíocht ba mhó a chinntiú don agóid, agus iad ag dul chun donais agus ag fáil bháis, fear i ndiaidh a chéile.

An Príosúnach ina Fheisire[athraigh | edit source]

Nuair a bhí an stailc ocrais tosaithe, fuair an Feisire Poblachtánach Neamhspleách do dháilcheantar Fhear Manach agus Thír Eoghain Theas bás go tobann. Mar sin, b'éigean fothoghchán a chóiriú le Feisire nua a vótáil isteach. Chonaic lucht leanúna an tSeachnasaigh áiméar anseo le tacaíocht an phobail Náisiúnaígh ar fad a thiomsú d'fheachtas na stailceoirí ocrais. Tharraing na páirtithe náisiúnaíocha eile - an SDLP ach go háirithe - siar ón toghchánaíocht, agus hainmníodh an Seachnasach mar phríosúnach polaitiúil in Ard Mhacha ag cur in aghaidh na H-Bhlocanna.

I ndiaidh feachtas toghchánaíochta nach raibh aon duine in ann dearcadh neodrach a bheith aige air, bhain an Seachnasach amach an suíochán le 30,492 vóta in aghaidh 29,046 cheann a caitheadh ar son a chéile iomaíochta, Harry West, a bhí ag seasamh do Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP). Go gairid ina dhiaidh sin, d'athraigh Rialtas na Breataine an reachtaíocht toghchánaíochta le feachtais den chineál seo a chosc roimh ré.

A Bhás[athraigh | edit source]

Uaigh Bobby Sands i Reilig Bhaile an Mhuilinn.

Trí seachtaine i ndiaidh an toghcháin, stiúg an Seachnasach in otharlann an phríosúin i ndiaidh sé lá agus trí scór a chaitheamh ar céalacan. Nuair a chuala na Náisiúnaígh go bhfuair sé bás, thosaigh scliúchais a mhair ar feadh roinnt laethanta. Tháinig breis agus céad míle duine á chomóradh chun na huaighe. Bhí an Seachnasach ina Fheisire ar feadh cúig lá is fiche, - ceann de na téarmaí is gairide ó tháinig an Phairlimint ar an bhfód an chéad uair. Bhí sé á chaí ag teaghlach mór: idir thuismitheoirí, deirféaracha, deartháracha agus mac óg a rugadh don chailín a raibh cumann aige léi sular cimíodh é.

Fuair naonúr fear eile bás le linn na stailce ocrais seo, i ndiaidh an tSeachnasaigh: Proinsias Ó hAodha, Peatsaí Ó hEadhra, Réamann Mac Raois, Seosamh Mac Dónaill, Máirtín Ó hUrsain, Caoimhín Ó Loingsigh, Ciarán Ó Dochartaigh, Tomás Mac Giolla Bhuí agus Mícheál Ó Duibhinn. An chuid is mó de lucht leanúna an IRA, is follasach go raibh meas an mhairtírigh acu ar gach aon fhear de na stailceoirí ocrais seo. Thairis sin, bhí cuid mhór de na Caitlicigh eile - an chuid acu a bhí in aghaidh an IRA agus na gleice armtha, fiú - bhí siad thar a bheith míshásta leis an stiúir a bhí faoi Rialtas na Breataine.

A Oidhreacht[athraigh | edit source]

Rinne na meáin chumarsáide an-fhreastal ar an tstailc ocrais agus a raibh ar cois ina timpeall, agus chuala an saol mór iomrá ar an dóigh a bhfuair an Seachnasach agus an chuid eile acu bás. Tharraing an clú seo súil na ndaoine ar an IRA, agus thosaigh na hearcaigh nua agus an t-airgead ag tonnadh isteach. Ón taobh eile de, i bhfianaise an ratha a bhí ar an bhfeachtas toghchánaíochta, is dócha gur tuigeadh do chuid mhór de na hÓglaigh go mbeadh an-úsáid sa bhosca ballóide féin leis an tír a athaontú. Mar sin, thosaigh an ghluaiseacht Phoblachtánach ag bogadh i dtreo an bhosca ballóide, agus sa deireadh thiar thall, is féidir a rá gur chuidigh an stailc ocrais le Comhaontú Aoine an Chéasta a chur ar bun.

Cuimhneacháin[athraigh | edit source]

  • I Hartford, Connecticut, tógadh cros Cheilteach in ómós do na stailceoirí ocrais, an Seachnasach thar aon duine eile. An timpeallán nó an compal tráchta a bhfuil an chros ina lár, tá sé ainmnithe as Bobby Sands.
  • Nuair a bhásaigh an Seachnasach, bhaghcatáil ceardchumann na stíbheadóirí i Nua-Eabhrac na longa Sasanacha ar feadh lae agus oíche amháin.
  • D'eisigh dáil reachtais New Jersey rún, inar honóraíodh "misneach agus tiomantas" an tSeachnasaigh. Vótáil ceathrar ball déag is fiche ar mhaithe leis an rún, in éadan naonúr ball is fiche a bhí ina choinne.
  • Tháinig breis is míle duine isteach in Ard-Eaglais Naomh Pádraig i Nua-Eabhrac, agus an Cairdinéal Cook ag ceiliúradh Aifrinn ar son an athmhuintearais i dTuaisceart Éireann. Bhí na tábhairní Éireannacha sa chathair dúnta ar feadh dhá uair an chloig in ómós don tSeachnasach.
  • Sa bhliain 2001, nochtadh leac cuimhneacháin i La Habana, príomhchathair Chúba, in ómós do na stailceoirí ocrais. Bhí Gearóid Mac Ádhaimh, cathaoirleach Shinn Féin, i láthair le hóráid a thabhairt.
  • I Milano san Iodáil chuaigh na mic léinn amach ar na sráideanna, dhóigh siad bratach na Breataine Móire agus d'éiligh siad "saoirse d'Ultaibh".
  • I nGent sa Bheilg, hionsaíodh Consalacht na Breataine Móire.
  • I bPáras, tháinig na mílte ar an mórshiúl in ómós do na stailceoirí ocrais. Mháirseáil siad faoi phictiúirí móra den tSeachnasach, agus iad ag canadh: Beidh an lá leis an IRA.
  • Ainmníodh sráideanna in ómós don tSeachnasach i Le Mans agus i Saint Denis (bruachbhaile de chuid Phárais).
  • Ainmníodh sráid in ómós don tSeachnasach in Tehran, san Iaráin. Tá Sráid Bhobby Sands suite ar chúl Ambasáid na Breataine Móire, ansin.