Proinsias Ó hAodha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaProinsias Ó hAodha

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1956
Baile Eachaidh, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Bealtaine 1981
25 bliana d'aois
An Cheis Fhada, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Ocras)
Áit adhlacthaBaile Eachaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataIRA Oifigiúil agus Óglaigh Shealadacha na hÉireann
Eile
Ciontaíodh idúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata

Poblachtánach Éireannach agus Óglach de chuid an IRA ab ea Proinsias Ó hAodha (28 Feabhra 1956-12 Bealtaine 1981) a chuaigh sna Sealadaigh ina dhiaidh sin. Bhí sé páirteach ina lán oibríochtaí in aghaidh Arm na Breataine agus Chonstáblacht Ríoga Uladh. Bhí sé ar dhuine de na hÓglaigh a chuaigh ar stailc ocrais sa Cheis Fhada sa bhliain 1981 agus a fuair bás ansin.

Stailc ocrais

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mórstailc ocrais sa bhliain 1981

Bhí Proinsias ar an duine ab óige de cheathrar dearthárach. Deichniúr clainne ar fad a bhí ag a thuismitheoirí, agus ba dual athara dó an Poblachtánachas. Tháinig sé i mbun a mhéide i mBaile Eachaidh, Contae Dhoire.

Bhí a athair ina bhall den "tsean-IRA" lá dá shaol, ach nuair a rugadh Proinsias, bhí sé críochnaithe le fada, agus é ag dul le feirmeoireacht anois. Nuair a bhí Proinsias cúig bliana déag d'aois, chonaic sé greidimíní á dtabhairt dá dheartháir Oilibhéar sular tugadh go campa imtheorannaithe é. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Proinsias féin drochíde den chineál chéanna ó shaighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh (UDR) nuair a bhí sé ag filleadh abhaile i ndiaidh oíche rince. Chaith Proinsias seal sna Poblachtánaigh Neamhspleácha sula ndeachaigh sé sna Sealadaigh.

Imeachtaí Mhuine Mhór[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1977, bhí baint aige le marú beirt phéas de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh in aice le Muine Mhór, a chuaigh ag seiceáil gluaisteán a bhí stoptha agus ar lámhach lucht an ghluaisteáin iad. D'éalaigh Proinsias agus beirt Óglach eile trasna na ngort.

D'eagraigh Proinsias Ó hAodha roinnt ionsaithe ar na fórsaí slándála, ach nuair a thángthas ar lorg a mhéar ar bhuama a pléascadh in aice le teach constábla i gContae Thír Eoghain, bhí an barántas air. Sa deireadh, rugadh air ar an 17 Márta 1978 in aice le Machaire Rátha i gContae Dhoire i ndiaidh troid gunnadóireachta leis an SAS. Maraíodh saighdiúir de chuid an SAS, Ceannaire Lansa David Jones, sa teagmháil, agus gortaíodh fear eile de na saighdiúirí go tromchúiseach. Goineadh Mac Uí Aodha féin sa chos. D'éirigh leis éalú a dhéanamh ar na ceithre bonnacha, ach tháinig na saighdiúirí suas leis, agus ghéill sé é féin dóibh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]