Na Trioblóidí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ceann de na múrmhaisithe i nDoire faoi Dhomhnach na Fola

I ngnáthchaint na hÉireann, is ionann na Trioblóidí agus an tréimhse míshuaimhnis, foréigin agus coimhlinte trasphobail a thosaigh i dTuaisceart Éireann nuair a bhí na seascaidí ag druidim chun deireanais, agus ar cuireadh clabhsúr orthu, a bheag nó a mhór, nuair a chuaigh Comhaontú Bhéal Feirste, a dtugtar Comhaontú Aoine an Chéasta air freisin, i bhfeidhm ar an 10 Aibreán 1998. Is iomaí sainmhíniú a tugadh ar na Trioblóidí i rith na mblianta: sceimhlitheoireacht, coimhlint eitneach, coimhlint iltaobhach, treallchogaíocht, coimhlint ar leibhéal íseal géaradais, agus, fiú, cogadh cathartha.

Eolas Ginearálta[athraigh | edit source]

Dáileadh na bProtastúnach in Éírinn, 1861-1991

Is éard a bhí i gceist leis na Trioblóidí ná tréimhse tríocha bliain lán coireanna agus ainghníomhartha foréigneacha idir cuid de phobal Náisiúnaíoch an Tuaiscirt (ar Caitlicigh iad a bhformhór) agus cuid de phobal Aontachtach an Tuaiscirt (ar Protastúnaigh iad a bhformhór). B'é ba chúis leis an gcoimhlint ná stádas conspóideach Thuaisceart Éireann taobh istigh den Ríocht Aontaithe, agus an dóigh a raibh na Protastúnaigh ag mursantacht ar na Caitlicigh sa stáitín, mar a chonacthas do na Caitlicigh féin. B'iad na dreamanna armtha paraimíleata ba mhó a choinnigh an foréigean ag imeacht. Go háirithe, bhí na Sealadaigh - is é sin, faicsean Sealadach an IRA - ag iarraidh críoch a chur le cumhacht na Ríochta Aontaithe i dTuaisceart Éireann agus Poblacht úr uile-Éireann a chur ar bun.

Ba dóigh le cuid de na Protastúnaigh go raibh ag éirí leis an IRA, agus stádas "Briotanach" an Tuaiscirt ag tréigean, de réir is mar a bhí greim na nAontachtóirí á scaoileadh den chumhacht. Mar sin, chrom siad ar fheachtas armtha dá gcuid féin. Tháinig dronga paraimíleata de Dhílseoirí ar bun. Bhí Fórsa Óglaigh Uladh (UVF) agus Cumann Cosanta Uladh (UDA) ar an dá cheann ba tábhachtaí de na baiclí sceimhlitheoireachta seo. Thosaigh siad ag ionsaí agus ag marú Caitlicigh, fiú daoine nach raibh baint dá laghad acu le feachtas míleata na Sealadach.

Ghlac fórsaí slándála an stáit - Arm na Breataine Móire agus na péas (Constáblacht Ríoga Uladh) - páirt san fhoréigean fosta. Is é an dearcadh a bhí lucht rialtais na Breataine ar na cúrsaí seo ná gurb eadráin agus idiriscín neodrach a bhí idir lámhaibh ag na fórsaí slándála, agus iad ag iarraidh an dá phobal a anacal is a theasargan ar a chéile agus an dlí, síocháin na sochaí a choinneáil i bhfeidhm agus féinrialtas daonlathach mhuintir an Tuaiscirt a chosaint. Is é an meas a bhí ag na Poblachtánaigh Éireannacha ná gur páirtí sa choimhlint ab ea iad na fórsaí slándála, agus go raibh siad ag cleachtadh claonpháirteachais ar mhaithe leis na Dílseoirí. Dhearbhaigh an fiosrú úd Ballast a rinne fear an phobail um chúrsaí póilíníochta (an tOmbudsman Póilíníochta), - dhearbhaigh sé go raibh eilimintí áirithe sna fórsaí slándála, daoine de na péas ar a laghad, ag cuidiú leis na sceimhlitheoirí Protastúnacha ar chúla téarmaí. Bhí, fiú, baint acu le cupla cás dúnmharaithe. Chuir siad bac ar an dlí uaireanta, más Dílseoirí a bhí á n-ionchúiseamh faoi choireanna seicteacha. Áitíonn na hAontachtóirí, áfach, nach raibh claonpháirteachas ar bith ann, agus má bhí féin, nach raibh ach an corrchás ann. Tá siad ag tabhairt le fios fosta go raibh an stát Deisceartach - Poblacht na hÉireann - ag tacú leis an IRA ar dhóigh chosúil.

Níorbh é an foréigean an t-aon fhadhb amháin a bhí ann, nó thairis sin, bhí na páirtithe polaitiúla sa Tuaisceart ag teacht salach ar a chéile, ionas nach raibh siad ábalta comhoibriú go héifeachtúil. Bhí an chuid ba mhó de na polaiteoirí ag cáineadh na sceimhlitheoirí agus ag éileamh síochána don tsochaí. San am céanna, bhí siad in achrann a chéile faoi stádas an stáitín taobh istigh den Ríocht Aontaithe, agus faoin gcineál rialtais ab fhóirsteanaí dó.

Tháinig an tsíocháin ghuagach ar bun de réir a chéile, nuair a thosaigh próiseas na hidiriscíne agus na gcomhchainteanna ag dul chun cinn: d'éirigh an chuid ba mhó de na paraimíleataigh as an ngleic armtha, agus dhíchoimisiúnaigh siad a gcuid arm tine. Thairis sin, rinneadh athchóiriú ar an bhfórsa póilíníochta, agus ghlan Arm na Breataine Móire as na sráideanna agus as críocha cathacha teorainne, cosúil le hArd Mhacha Theas agus le Fear Manach. Chuir Comhaontú Bhéal Feirste, a dtugtar Comhaontú Aoine an Chéasta air freisin, - chuir sé séala leis an bhforbairt seo. San am céanna, thug an Comhaontas aitheantas do sheandearcadh rialtas na Breataine Móire ar cheist an Tuaiscirt, is é sin, go mbeadh an stáitín le fanacht taobh istigh den Ríocht Aontaithe, go dtí go gcinnfeadh móramh a mhuintire ar a mhalairt. Ón taobh eile de, d'admhaigh Rialtas na Breataine Móire go raibh "diminsiún uile-Éireannach" ag baint leis an Tuaisceart, is é sin, gur cuid de shainleas nádúrtha Phoblacht na hÉireann síocháin na sochaí sa Tuaisceart, agus go mbeadh sé faoi mhuintir Oileán na hÉireann sa dá stát, thar aon dream eile, ceist na críochdheighilte a fhuascailt agus, an lá is faide anonn, an Teorainn a chur ar ceal, más é toil an mhóraimh ar an dá thaobh é. B'é an chuid dheireanach den chomhréiteach ba mhó a chinntigh tacaíocht na Náisiúnaithe leis an gComhaontú. Thairis sin, chuir an Comhaontú féinrialtas i gceannas ar stáitín an Tuaiscirt, féinrialtas a mbeadh ionadaithe an dá phobal páirteach ann, agus an chumhacht roinnte go ceart cothrom eatarthu. Ón 14 Deireadh Fómhair 2002 go dtí an 8 Bealtaine 2007, áfach, bhí an rialtas seo curtha ar fionraí, agus an stáitín á rialú ó Londain arís.

Cé nach raibh ach codán beag de dhaonra an Tuaiscirt sáite sa sceimhlitheoireacht go pearsanta, agus cé nach raibh na sluaite móra ag tacú leis an sceimhlitheoireacht ach ar éigean, ní raibh éalú ón scáil a chaith na Trioblóidí ar shaol gach duine sa stáitín, lá i ndiaidh lae. Uaireanta, leath na Trioblóidí thar teorainn amach, go dtí Sasana agus go Poblacht na hÉireann.

Ní ba mhó ná uair amháin i rith na mblianta 1969-1998, bhí an chuma ar an scéal go bpléascfadh fíor-chogadh cathartha amach, go háirithe sa bhliain 1972 i ndiaidh Dhomhnach na Fola, nó le linn na mórstailceanna ocrais i dtús na n-ochtóidí, agus an fuath a bhí ag an dá phobal ar a chéile ag dul chun géaradais. D'fhág na Trioblóidí a lorg ar mheon mhuintir an Tuaiscirt, rud atá le haithint inniu féin i gcúrsaí polaitiúla agus sóisialta, ar an gcaidreamh trasphobail agus ar an mbarúil a bhíonn ag na daoine den tsochaí.

Cúlra[athraigh | edit source]

Deighilt an Dá Phobal 1609-1886[athraigh | edit source]

Is é is bunrúta leis an naimhdeas idir Gael is Gall i dTuaisceart Éireann ná Plandáil Uladh, a thosaigh sa bhliain 1609. Le linn na Plandála, choigistigh an Choróin tailte na nGael le hiad a roinnt ar na Plandóirí Protastúnacha, ar mhuintir isteach iad ó Albain agus ó Shasana. Bhí na Gaeil agus na Plandóirí in adharca a chéile go minic, agus d'éirigh ina chogadh dearg eatarthu sna blianta 1641-1653 agus 1689-1691. Briseadh an cath ar na Gaeil sa dá chogadh, agus cuireadh péindlíthe éagothroma i bhfeidhm le hiad a choinneáil faoi smacht. Chuir na Péindlíthe srianta cúnga le cearta polaitiúla, reiligiúnda agus eacnamaíocha gach duine nach raibh sásta dul san Eaglais Oifigiúil, is é sin, Eaglais na hÉireann. B'iad na Caitlicigh agus na hEasaontóirí Protastúnacha - ar nós na bPreispitéireach - araon a bhí thíos leis na dlíthe seo.

Sa dara leath den ochtú haois déag, tosaíodh ar na Péindlíthe a mhaolú is a chur ar ceal, rud a chuir an lasair sa bharrach idir an dá phobal thuaidh arís. Sna 1780idí, mar shampla, baineadh na srianta de na Caitlicigh talamh a fháil ar cíos, rud a chuir go mór leis an iompairc faoi thalamh idir na Gaeil is na Gaill. Nuair a bhí na Caitlicigh i dteideal talamh a cheannach agus dul le ceirdeanna a bhí coiscthe orthu roimhe sin, thosaigh na Protastúnaigh ag ligean a rachta ar na Gaeil. Bhunaigh siad rúnchumann frith-Chaitliceach, Peep o' the Day Boys, nó Buachaillí Bhodhránacht an Lae, leis na Gaeil a imeaglú agus a ghéarleanúint go gránna. Sna 1790idí, chuaigh na Caitlicigh ag cur le chéile ar a son féin, nó bhunaigh siadsan, ansin, rúnchumann catha den chineál chéanna, mar atá, Defenders nó Na Cosantóirí. Bhí an dá rúnchumann ag cur troda ar a chéile go minic, agus chuir an bruíonachas seo go mór leis an teannas idir an dá phobal. Má bhí cuid mhór de na Protastúnaigh fonnmhar chun comhoibriú leis na Caitlicigh faoi bhrat an daonlathais agus an réabhlóideachais Fhrancaigh roimhe sin, thosaigh an meon soilsithe seo ag dul in éag de réir is mar a bhí an foréigean seicteach ag fás.

Tháinig Caitlicigh, Preispitéirigh agus liobrálaigh Phrotastúnacha le chéile sna hÉireannaigh Aontaithe. Gluaiseacht náisiúnaíoch a bhí ann a fuair an chéad spreagadh ó réabhlóid na Fraince. Bhí na hÉireannaigh Aontaithe meáite ar dheireadh a chur leis an seicteachas in Éirinn trí Phoblacht a bhunú san oileán, Poblacht a bheadh beag beann ar Shasana agus saor ón naimhdeas trasphobail. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, chuaigh aisling na nÉireannach Aontaithe ar neamhní. Theip ar éirí amach na bliana 1798, agus sna sálaí aige, tháinig tréimhse úr tíorántachta. Maidir leis an bhforéigean seicteach, níor maolaíodh air, ach a mhalairt. Gríosaíodh na dearg-Dhílseoirí Protastúnacha chun gnímh in aghaidh na náisiúntóirí agus na radacach, agus bhunaigh siad an tOrd Oráisteach sa bhliain 1795. De dheasca na n-imeachtaí seo go léir, buanaíodh an scoilt idir Gael agus Gall i gCúige Uladh.

Le casadh an chéad chéid eile, chuaigh Acht na hAontachta i bhfeidhm. Chuir an tAcht seo deireadh le parlaimint na hÉireann, agus hiompaíodh an t-oileán ina dhlúthchuid den Ríocht Aontaithe. Níor athraigh an tAcht mórán faoin naimhdeas seicteach. Má bhí na Preispitéirigh an-tugtha don pholaitíocht radacach san ochtú haois déag, chuir siad craiceann díobh go hiomlán anois, agus iad ag déanamh a gcomhionannú le pobal "dílis" na nAnglacánach anois, mar chuid den phobal Phrotastúnach chéanna. Sa bhliain 1829, d'éirigh le Dónall Ó Conaill an Saoradh ó Bhráca a bhaint amach do na Gaeil. An chuid ba mhó de na srianta a bhí curtha le saol polaitiúil na gCaitliceach, cuireadh ar ceal iad. (Triúr as gach ceathrar den daonra ab ea iad Caitlicigh na hÉireann san am seo.) Sa teagmháil chéanna, fuair na Giúdaigh agus na hEasaontóirí Protastúnacha na cearta céanna.

Mar sin féin, b'é aidhm fhadtéarmach an Chonallaigh ná an Réipeil, is é sin, aisghairm agus cur ar ceal Acht na hAontachta. Lá na Caille 1843, d'fhógair sé go dána go mbeadh an Réipeil curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana céanna. Más náisiúntóir a bhí sa Chonallach, bhí a chuid náisiúnachais go mór i dtuilleamaí thoil pholaitiúil an tromlaigh, agus é bunaithe ar an síochánachas. In imeacht ama, chuaigh feachtas an Chonallaigh ó neart go neart, agus na Gaeil ag éileamh go n-athbhunófaí Parlaimint na hÉireann agus go mbronnfaí Rialtas Dúchais ar an oileán. Bhí cuid mhór de na Protastúnaigh drochamhrasach go maith i leith na scéimeanna seo, ó bhí eagla orthu go bhfágfaí in áit na leathphingine iad, dá mbeadh an móramh Caitliceach ag rialú na hÉireann. Mar sin, b'fhearr leo a ndílseacht agus a n-urraim a fhógairt don Choróin agus diúltú go daingean don Rialtas Dúchais.

Anois, b'í an chuma nua a bhí ar an tseanchoimhlint ná gurbh iad na hAontachtóirí - iad siúd a bhí i bhfách le hAcht na hAontachta - agus na Náisiúntóirí - iad siúd a bhí ina aghaidh - a bhí in adharca a chéile. Sin í an chosúlacht, go bunúsach, atá ar cheist Thuaisceart Éireann inniu féin. Mar sin atá an scéal ón mbliain 1886 i leith, ar a laghad, nó b'ansin a bhí a pháirtí polaitiúil féin ag gach pobal den bheirt, is é sin, páirtí Náisiúnaíoch ag na Caitlicigh agus páirtí Aontachtach ag na Protastúnaigh, agus iad ag cur in aghaidh a chéile.

Faoin am seo, bhí Cúige Uladh ar an gcúige ba mhó tionsclaíochta in Éirinn, agus é go mór mór i dtuilleamaí na Breataine Móire le haghaidh margaí dá gcuid tráchtearraí. Mar sin, ghlac na Protastúnaigh leis nach mb'é a leas eacnamaíoch féin é, dá scaoilfí an nasc idir Éirinn agus an Bhreatain Mhór.

Críochdheighilt na hÉireann 1912-1925[athraigh | edit source]

I ndiaidh na bliana 1910, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go mbainfeadh na hÉireannaigh amach an Rialtas Dúchais, nó bhí Páirtí Parlaiminteach na hÉireann dingthe isteach idir dhá pháirtí móra na Parlaiminte i Westminster, agus na Liobrálaigh ag brath ar thacaíocht na nÉireannach leis an tromlach a choinneáil. B'é an Rialtas Dúchais an praghas a chaithfidís a íoc as an tacaíocht sin. Bhí na hAontachtóirí - Protastúnaigh a bhformhór, agus cónaí ar an gcuid ba mhó acu i gCúige Uladh - ag cur i gcoinne an Rialtas Dúchais chomh maith le neamhspleáchas iomlán na hÉireann, ó bhí eagla orthu nach bhfágfaí stádas ar bith acu i dtír a bheadh faoi chois na hEaglaise Caitlicí. Sa bhliain 1912, shínigh na hAontachtóirí, faoi cheannas Edward Carson, forógra poiblí - Cúnant Uladh - agus iad ag tabhairt an leabhair go ndiúltóidís amach is amach don Rialtas Dúchais dá bhféachfaí lena leithéid a chur i bhfeidhm ar Chúige Uladh. Le beart a chur le briathar in am an ghátair, bhunaigh siad fórsa paraimíleata - Fórsa Óglaigh Uladh - agus d'iompórtáil siad airm thine ón nGearmáin ar chúla téarmaí. (Rinne lucht Éirí Amach na Cásca an cleas céanna roinnt bhlianta ina dhiaidh sin.) Mar fhreagra ar Óglaigh Uladh, chuir na Náisiúntóirí ar fud na hÉireann eagraíocht mhíleata dá gcuid féin ar bun - is é sin, Óglaigh na hÉireann, a bhí meáite ar an Rialtas Dúchais a chinntiú d'Éirinn i ndiaidh an chogaidh, sa chás is go rachadh Londain siar ar a gealltanas faoi thionchar na nAontachtóirí, agus an dearcadh dáigh dochomhairleach a bhí acu siúd. De réir a chéile, áfach, d'insíothlaigh Bráithreachas na Poblachta na hÓglaigh. Rúnchumann réabhlóideach ab ea é an Bráithreachas, agus é dírithe ar neamhspleáchas iomlán a bhaint amach d'Éirinn. Náisiúntóirí radacacha ab ea iad baill an Bhráithreachais, cosúil le Pádraig Mac Piarais. Ó bhí dhá eagraíocht pharaimíleata - Óglaigh Uladh agus Óglaigh na hÉireann - ag druileáil agus ag máirseáil timpeall go hoscailte, bhí cogadh cathartha ag bagairt ar an tír, ach nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, cuiread an ghéarchéim ar fionraí. Chuaigh an Rialtas Dúchais ar leabhar an dlí, ach má chuaigh féin, ní raibh sé le dul i bhfeidhm ach i ndiaidh an chogaidh.

Rinneadh cnámh spairne den cheist seo arís, nuair a d'éirigh na Náisiúntóirí amach um Cháisc na bliana 1916 i mBaile Átha Cliath. Chuir na saighdiúirí Gallda an t-éirí amach faoi chois leis an mbrúidiúlacht a d'fhoghlaim siad i bpáirc an áir in Ilchríoch na hEorpa, agus cuireadh cúigear déag de cheannairí na Náisiúntóirí chun báis, an chuid ba mhó acu i bpríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. Ní dhearna cruálacht na Sasanach ach tuilleadh gríosú a thabhairt don Náisiúnachas radacach, nó nuair a cimíodh na Náisiúntóirí measartha in éineacht leis na fíor-radacaigh, ní raibh an chéad dream acu i bhfad ag tolgadh an réabhlóideachais ón dara dream. B'é an neamhspleáchas iomlán a bhí ag teastáil uathu anois, seachas an Rialtas Dúchais. Tháinig torthaí na forbartha seo chun solais sna holltoghcháin i Mí na Nollag 1918, nuair a bhain Sinn Féin - páirtí na scarúnaithe - amach tromlach na suíochán parlaiminte in Éirinn. Ní dheachaigh Feisirí Shinn Féin go Westminster riamh. Ina áit sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath le parlaimint ar leith a bhunú d'Éirinn, parlaimint ar thug siad Dáil Éireann uirthi. Is é an rud a bhí déanta acu ansin ná slán a fhágáil ag an Ríocht Aontaithe go deo, cé nach bhfuair siad aitheantas aon tíre dá neamhspleáchas go fóill. San am céanna, thosaigh Óglaigh na hÉireann, a ghlac leis gurbh iad féin arm na tíre úrbhunaithe, - thosaigh siad ag cur cogaidh ar na fórsaí Gallda in Éirinn. Rinneadh an chéad ionsaí in Eanáir 1919 ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann, agus maraíodh beirt saighdiúirí dubha Caitliceacha a bhí ag seoladh coinsíneacht geiligníte.

Sa bhliain 1920, bhí sé ina chogadh dearg idir na hÓglaigh agus fórsaí armtha na Breataine Móire. Ansin, reachtaigh na Sasanaigh an tAcht um Rialtas na hÉireann (Government of Ireland Act). B'é an tAcht seo a dheighil Éire ina dhá dlínse, mar atá, Deisceart Éireann agus Tuaisceart Éireann. Dearbhaíodh an chríochdheighilt in athuair sa Chonradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. Chuir an Conradh deireadh leis an treallchogaíocht agus chruthaigh sé Saorstát Éireann, stát a bhí beagnach neamhspleách, ar an taobh theas den teorainn. Thug an Conradh aitheantas don scoilt a dhealaigh na hAontachtóirí Protastúnacha, arbh in Ultaibh ba mó a bhí cónaí orthu, agus iad ag roghnú na Breataine Móire thar neamhspleáchas na hÉireann, ó na Náisiúntóirí Caitliceacha, arbh fhearr leo stát neamhspleách dá gcuid féin a bheith acu.

Cé gur choinnigh Tuaisceart Éireann an nasc leis an Ríocht Aontaithe, fuair sé féinrialtas áirithe chomh maith, agus bunaíodh parlaimint ar leith don stáitín. Níorbh iad na hAontachtóirí féin a d'éiligh a leithéid. Go bunúsach, bhí feisirí fadfhulangacha na Parlaiminte i Westminster ag iarraidh freagra forásach flaithiúil a thabhairt ar cheist na hÉireann - gach gné den cheist seo a raibh siad dubh dóite di le fada an lá. Bhí na hAontachtóirí sásta a gcuid féin a dhéanamh den chóras nua féinrialtais. Stát dlíthiúil daonlathach ab ea é stáitín an Tuaiscirt, a d'áitigh siad, agus mar sin, d'fhanfadh sé taobh istigh den Ríocht Aontaithe, ó b'é sin ba mhian le tromlach a mhuintire. Maidir leis na náisiúntóirí Éireannacha, áfach, shíl siad gur críochdheighilt mhídhlíthiúil a bhí ann, nach raibh ag teacht le toil an tromlaigh uile-Éireannaigh. Bhí siadsan inbharúla nach raibh an stáitín dlisteanach ná daonlathach - b'é a dtuairim-san nach raibh ann ach stát saorga a bhí ceaptha le haghaidh na bProtastúnach amháin.

Nuair a scaradh an Tuaisceart ón gcuid eile den oileán, bhí duine as an triúr den daonra ansin ina náisiúntóir. Dhiúltaigh na Caitlicigh don stáitín, díreach mar a dhiúltaigh na Protastúnaigh d'aon chineál neamhspleáchas d'Éirinn rompu. B'é seo ba chúis leis na Trioblóidí: níor éirigh leis na hAontachtóirí an pobal Caitliceach a chló leis an stát nua, agus ní raibh na Náisiúntóirí sásta éirí as aisling na hÉireann athaontaithe.

Tháinig Tuaisceart Éireann ar an bhfód nuair a bhí cogadh á chur ar fud na hÉireann. Fuair 557 daoine bás de dheasca an fhoréigin pholaitiúil sna blianta 1920-22, le linn Chogadh na Saoirse agus go gairid ina dhiaidh. As an iomlán seo, bhí 303 daoine ina gCaitlicigh (cuid acu ina nÓglaigh freisin), agus 172 ina bProtastúnaigh. Saighdiúirí dubhadearga a bhí i mbeirt dhaoine is ceithre scór acu. I mBéal Feirste a thit an chuid ba mhó de na hainghníomhartha amach, nó maraíodh 452 dhaoine ansin, 267 daoine acu ina gCaitlicigh. Sa chuid eile den oileán, b'iad na hÓglaigh ó thaobh amháin de agus an dá chineál saighdiúirí ón taobh eile de a bhí ag cur catha ar a chéile. B'é an chuma a bhí ar na cúrsaí sa Tuaisceart ná go raibh na dreamanna Dílseacha agus an fórsa póilíní cúnta a dtugtaí na B-Speisialtaigh air ag ionsaí agus ag marú Caitlicigh le díoltas a agairt ar an bpobal iomlán as a raibh déanta ag na hÓglaigh. Is é an chiall a bhain na Náisiúntóirí as seo ná gur pogram a bhí ann, is é sin, go raibh géarleanúint á déanamh orthu ar chúiseanna seicteacha amháin.

Sa bhliain 1920, mar shampla, mharaigh na hÓglaigh Cigire Ceantair de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, fear dar shloinne Swanzy, taobh amuigh de theampall Protastúnach i Lios na gCearrbhach. Ansin, d'imir na Dílseoirí díoltas ar phobal Caitliceach na háite ar fad, nó chuir siad cuid mhór den cheantar Chaitliceach trí thine. Mar sin féin, cé go raibh i bhfad ní ba mhó Caitlicigh thíos leis na gníomhartha uafáis (58 % acu siúd a fuair bás, cé nach raibh ach triúr as gach deichniúr de mhuintir na háite ina gCaitlicigh), rinne lucht an dá thaobh coireanna den chineál sin. Is léir go raibh muintir an Deiscirt féin an-mhíshásta leis an íde a fuair a gcomhreiligiúnaigh thuaidh, agus mar sin, thosaigh siad ag baghcatáil tráchtearraí an Tuaiscirt. Daoine de cheannairí an tSaorstáit úrbhunaithe, Mícheál Ó Coileáin ina measc, fiú, - bhí siad inbharúla gur chóir ionsaí míleata a thabhairt faoin Tuaisceart. Stopadh na pleananna seo, áfach, nuair a d'éirigh ina chogadh dearg idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh, agus idir an dá linn, bhí sé de sheal ag Aontachtóirí an Tuaiscirt córas láidir stáit a chur ar bun is a bhuanú ina stáitín. De thoradh Chogadh Cathartha na hÉireann, áfach, tháinig an tIRA ar an bhfód. Is éard a bhí i gceist leis an IRA ná scoilteán de shean-Óglaigh na hÉireann: dornán de náisiúnaithe dochomhairleacha a bhí meáite ar an dá stát in Oileán na hÉireann a chur de dhroim an tsaoil le Poblacht na mblianta 1919-1921 a athbhunú.

Ceann de na múrmhaisithe i gCarraig Fhearghais. Múrphictiúr de chuid na nDílseoirí é seo, agus é ag fógairt urraime do Dhia agus do Chúige Uladh thar cionn Fhórsa Óglaigh Uladh, Chéad Chathlán Aontroma Thoir.

Sa bhliain 1925, bhí a lán náisiúnaithe Éireannacha ag súil leis go gcuirfí an chríochdheighilt ar ceal, nó, ar a laghad, go bhfágfadh Coimisiún na Teorainne cuid mhór de chríocha an stáitín thuaidh ag an Saorstát. Níor mhol an Coimisiún ach an corr-mhionathrú anseo agus ansiúd, agus buanaíodh críochdheighilt na hÉireann mar a bhí sí, a bheag nó a mhór. San am sin, thug an Saorstát aitheantas de facto don Teorainn, cé nach raibh lucht rialtais an tSaorstáit róshásta léi mar rud. Sa bhliain 1937, tháinig bunreacht nua i bhfeidhm in Éirinn a raibh an-lámh ag Éamon de Valera ina dhréachtú. In Alt a Dó agus in Alt a Trí sa bhunreacht seo a socraíodh gurbh ionann Éire, mar stát, agus oileán na hÉireann. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air gur aithin an bunreacht teorainneacha na bliana 1922 go sealadach, go dtí go n-athaontófaí an tír.

Tuaisceart Éireann ina Stát do na Protastúnaigh 1925-1968[athraigh | edit source]

Mar a tuigeadh an scéal do na náisiúnaithe, bhí na Caitlicigh thuaidh faoi leatrom, agus ní raibh i stáitín an Tuaiscirt ach deachtóireacht lofa a bhrúigh na Gaill anuas ar na daoine. Is é an cur síos a thug Cathal Ó hEochaidh, iar-Taoiseach Phoblacht na hÉireann, ar éalaigh a mhuintir as Contae Dhoire le linn thrioblóidí na bhfichidí, ná nach raibh sa stáitín ach "slánaonad teipthe" (failed entity). Dúirt Edward Carson, ceannaire agus príomh-idé-eolaí na nAontachtóirí sa bhliain 1921 go mbeadh síocháin na sochaí imithe sa Tuaisceart mura meallfaí na Caitlicigh chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí an stáit. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, rinne lucht a leanúna neamhshuim ar fad den rabhadh seo sna laethanta a bhí le teacht.

I ndiaidh thrioblóidí na bhfichidí, thagadh míshuaimhneas seicteach chun solais sa Tuaisceart ó am go ham. Sna daichidí agus sna caogaidí, chuir an tIRA in aghaidh an stáitín, ach níor éirigh le ceachtar den dá fheachtas seo, agus i dtús na seascaidí, bhí saol na tíre socraithe síos, a bheag nó a mhór.

Mar sin féin, bhí an tsíocháin seo iontach sobhriste. Sa bhliain 1966, d'athbhunaigh na Dílseoirí Protastúnacha Fórsa Óglaigh Uladh, an fórsa mídhlíthiúil paraimíleata a bhí ann an chéad uair go gairid roimh an Chéad Chogadh Domhanda, ó bhí siad buartha go dtiocfadh an tIRA ar an bhfód in athuair. Bhí leathbhliain imithe ó Éirí Amach na Cásca, agus cothrom an lae le ceiliúradh. Mharaigh na hÓglaigh Phrotastúnacha triúr daoine ar chúiseanna seicteacha sula raibh de sheal ag na péas breith orthu ar aon nós. Gearradh tréimhse fhada príosúnachta ar na ciontóirí. Ina measc, bhí Gusty Spence, fear a rinne a leithscéal faoina chuid coireanna go poiblí i ndiaidh bhlianta an bhraighdeanais agus a chuaigh le polaitíocht dhlíthiúil sa deireadh thiar. Mhair an tUVF beo ina dhiaidh sin, agus bhí an-ról aige sna Trioblóidí sna blianta a bhí le teacht.

Tús na dTrioblóidí[athraigh | edit source]

Glactar leis go coitianta gur sa bhliain 1968 a thosaigh na Trioblóidí, nuair a tháinig míshuaimhneas forleathan poiblí sna sálaí ag mórshiúlta Chumann Ceart Sibhialta Thuaisceart Éireann (NICRA). Sa bhliain 1967, thionscain an Cumann seo feachtas síochánta le cearta sibhialta a bhaint amach do na Gaeil. Bhí an feachtas múnlaithe ar ghluaiseacht na gceart sibhialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit a raibh na Gormaigh amuigh sna sráideanna faoi cheannas an Urramaigh Martin Luther King. Bhí Cumann na gCeart Sibhialta ag iarraidh ceist na gceart sibhialta a shocrú taobh istigh de chóras polaitiúil an Tuaiscirt. Thar aon rud eile, theastaigh uathu deireadh a chur le claonroinnt na dtoghlach, ó d'fhág sí na Caitlicigh gan ionadaíocht cheart i gcúrsaí an rialtais áitiúil. Thairis sin, bhí lucht an Chumainn inbharúla nach raibh na Caitlicigh ag fáil a gcirt de na jabanna ná den tithíocht phoiblí. Bhí siad ag éileamh freisin go mbainfí Acht na gCumhachtaí Speisialta de leabhar an dlí, ó bhí siad den tuairim go rabhthas ag baint claonúsáide as na cumhachtaí speisialta sin leis na Caitlicigh a choinneáil faoi chois.

I dtosach báire, bhí Terence O'Neill, Príomh-Aire an Tuaiscirt, fabhrach d'fheachtas na gceart sibhialta. Bhí sé féin ag iarraidh leasuithe nua-aoiseacha sóisialta a chur i gcrích sa stáitín a rachadh chun sochair do na Caitlicigh. Ansin, áfach, fuair sé é féin faoi ionsaí ag na dearg-Dhílseoirí, cosúil le William Craig agus Ian Paisley, agus iad ag cur feillbhirt ina leith. Ba dual do na hAontachtóirí drochamhras a bheith orthu faoi Chumann na gCeart Sibhialta, agus iad ag déanamh nach raibh ann ach eagraíocht bolscaireachta de chuid an IRA. Bhí cuid acu barúlach, fiú, nár chóir cothrom na Féinne a ghéilleadh do na Caitlicigh ar aon nós, ó ba rud é go raibh an Tuaisceart ceaptha mar thír Phrotastúnach. Phléasc trioblóidí amach le linn na mórshiúlta, nuair a ghabh baiclí Protastúnacha de smachtíní ar lucht na mairseála. Cháin na Caitlicigh Constáblacht Ríoga Uladh, agus iad ag cur ina leith nach ndearnadh a dhath leis na hionsaithe seo a stopadh.

B'é ba chúis leis an gcuid ba mhó den fhoréigean seo ná an síolteagasc a bhí idir lámhaibh ag ceannairí an phobail Phrotastúnaigh, agus iad ag áitiú ar an gcosmhuintir go raibh an tIRA díreach ag beartú feachtas nua cogaíochta. Le fírinne, bhí an tIRA sna céadéaga, ar bheagán arm, ar fhíorbheagán Óglach, ar fhíor-mhionbheagán tacaíochta, agus ag tabhairt droim láimhe leis an ngleic armtha ar chúiseanna praiticiúla. B'iad Óglaigh Uladh - an tUVF - a stáitsigh an chéad fheachtas buamála sa bhliain 1969 leis an drochamhras coitianta a tharraingt anuas ar an IRA. Bhí an feachtas seo dírithe ar na stáisiúin chumhachta agus ar an gcuid eile den infreastruchtúr.

Bhí an choimhlint idirphobail ag dul chun olcais ó thús na bliana 1969 ar aghaidh, ach má bhí, chuaigh sí ó smacht ar fad nuair a d'ionsaigh na Dílseoirí mórshiúl Chumann na gCeart Sibhialta i mBun Tolaid i gContae Dhoire. Lochtaíodh Constáblacht Ríoga Uladh, ó nach raibh siad ábalta ná sásta lucht na mairseála a chosaint. Ina dhiaidh sin, chrom na Caitlicigh i nDoire agus i mBéal Feirste ar bharacáidí a thógáil. Ón 12 Lúnasa go dtí an 14 Lúnasa 1969, bhí ina chogadh dearg idir péas Dhoire agus na náisiúnaithe áitiúla - "Cath Thaobh an Phortaigh", mar a thugtar air. B'é ba chúis leis an gcath ná an bruíonachas a phléasc amach idir muintir Thaobh an Phortaigh agus Printisigh Dhoire a bhí díreach ag iarraidh a gcuid mairseála féin a dhéanamh thart le Taobh an Phortaigh, in aice le ballaí na cathrach. Bhí na péas ag glacadh páirte freisin, agus iad ag troid ar aon taobh leis na Printisigh, ar ndóigh.

I ndiaidh dhá lá achrainn agus scliúchas, tháinig saighdiúirí dearga i láthair leis an tsíocháin a chur ar bun arís. Thug an cath spreagadh do chíréibí in áiteanna eile, cosúil le Béal Feirste, Iúr Chinn Trá, agus an Srath Bán ón 14 Lúnasa 1969 ar aghaidh. I rith na dtrioblóidí seo, maraíodh cuid mhaith daoine, agus chuaigh a lán tithe trí thine. Thosaigh an t-achrann le mórshiúlta Náisiúnaíocha a bhí ag fógairt dlúthpháirtíochta le muintir Thaobh an Phortaigh; ansin, caitheadh pléascán láimhe le stáisiún na bpéas, agus dá thoradh sin, chuaigh na cúrsaí i bhfairsinge. Le díoltas a agairt ar na Caitlicigh as an mbuamáil, chuaigh Constáblacht Ríoga Uladh i dtuilleamaí gluaisteáin armúrtha a raibh meaisínghunnaí feistithe orthu le patról a dhéanamh. B'é ba toradh dó seo ná gur mharaigh siad buachaill naoi mbliana d'aois i mBóthar na bhFál, Béal Feirste. D'ionsaigh na sluaite de Dhílseoirí ceantair Chaitliceacha, agus chuir siad trí thine an chuid ba mhó de Shráid Bombay, Sráid Madrid agus sráideanna Caitliceacha eile.

D'áitigh na Náisiúnaithe go raibh an Chonstáblacht ag tabhairt tacaíochta do na Dílseoirí le linn na gcíréibí seo, nó, ar a laghad, go raibh na péas ag déanamh neamhshuime de choireanna na bProtastúnach. Bhí na Gaeil ag lochtú an IRA chomh maith, toisc nach raibh cosaint ar bith ann don phobal Chaitliceach le linn na dtrioblóidí i Lúnasa 1969. Fuair seachtar Caitliceach bás sna scliúchais seo, goineadh timpeall is seacht gcéad go leith, agus ruaigeadh 1505 theaghlach Caitliceach as baile - beagnach cúig oiread níos mó ná iomlán na bProtastúnach a bhí sa chruachás céanna. Dúirt sagart Caitliceach amháin gurbh é an chiall a bhain a chuid paróisteánach as na litreacha sin IRA ná I Ran Away, "d'éalaigh mé liom".

D'iarr Rialtas Thuaisceart Éireann ar Rialtas na Ríochta Aontaithe saighdiúirí de chuid Arm na Breataine a chur ar garastún sa stáitín leis an tsíocháin a choimeád. B'fhéidir gur freagra a bhí ann ar na luaidreáin go raibh rialtas Phoblacht na hÉireann ag pleanáil ionsaí míleata leis na ceantair Chaitliceacha i nDoire a chosaint. Ar dtús, d'fháiltigh na Náisiúnaithe go croíúil roimh na saighdiúirí, ó bhí siad muiníneach go mbeadh an tArm ní ba neodraí agus ní ba chothroime ná na péas. Fuair na saighdiúirí, fiú, ceapairí agus tae ó na Caitlicigh. De réir a chéile, áfach, chuaigh an caidreamh idir an tArm agus na Caitlicigh chun donais, ó bhí na saighdiúirí róbhrúidiúil ag caitheamh leis na Gaeil.

Is minic a deir na hAontachtóirí gurbh í gluaiseacht na gceart sibhialta a chuir tús leis na Trioblóidí. Is é a mbarúil-san gur chuir an feachtas an rialtas ag guagaíl, ionas go ndeachaigh na dreamanna paraimíleata sa bhearna a hosclaíodh. Tá na náisiúnaithe den tuairim, áfach, nach raibh i gceist le feachtas na gceart sibhialta, ná le frithfheachtas Ian Paisley, ach rudaí a tharraing rialtas seicteach an Tuaiscirt anuas air féin.

An Tóin ag Titim as Parlaimint Stormont[athraigh | edit source]

Sna blianta 1970-1972, chuaigh an foréigean polaitiúil ó smacht ar fad i dTuaisceart Éireann. Shroich sé a bhuaicphointe sa bhliain 1972, nuair a maraíodh beagnach leathchéad duine. Tá roinnt cúiseanna ann le fás seo an fhoréigin.

Creideann na hAontachtóirí gurbh é bunú na Sealadach ba phríomhchúis. Is éard a bhí sna Sealadaigh ná scoiltghrúpa de chuid an IRA. Nuair a d'éirigh an tIRA faoi cheannas Chathail Goulding as an bhforéigean polaitiúil le dul le polaitíocht shíochánta ar thaobh na heite clé, bhí cuid mhaith den eagraíocht míshásta leis an gcomhairle seo, agus bhunaigh siad an tIRA Sealadach le leanúint leis an ngleic armtha. Bhí an tIRA Sealadach dírithe ar "chosaint an phobail Chaitlicigh", seachas ar aontú trasphobail an "lucht oibre" a bhí idir lámhaibh ag an "IRA Oifigiúil". Mar sin, bhí cuma sách seicteach ar na Sealadaigh, mar eagraíocht. Is é is dóigh leis na hAontachtóirí ná gurbh é feachtas míleata na Sealadaigh a tharraing na Trioblóidí anuas ar an stáitín agus a choinnigh ar siúl iad.

Is é tuairim na Náisiúnaithe, arís, gurbh é ba chúis le fás an fhoréigin ná an mealladh a baineadh as an bpobal Caitliceach nuair a chuaigh de lucht na gCeart Sibhialta dóchas na gCaitliceach a shásamh, gan aon trácht a dhéanamh ar an gcos ar bolg a himríodh ar an bpobal ina dhiaidh sin. Luann siad a lán imeachtaí sna blianta seo mar chúiseanna, cosúil le Cuirfiú na bhFál i Mí Iúil 1970. Choinnigh trí mhíle saighdiúir Sasanach an cuirfiú i bhfeidhm ar cheantar na bhFál Íochtarach i mBéal Feirste, agus scaoil siad níos mó ná míle go leith d'urchair le linn na troda a chuir siad ar an IRA. Maraíodh ceathrar daoine. Scéal eile den chineál seo ab ea é an t-imtheorannú. Is é is brí leis an imtheorannú ná daoine a chimiú is a choinneáil i mbraighdeanas ar an t-aon chúis amháin go bhfuiltear in amhrás fúthu, gan bhreith cúirte. Tugadh an t-imtheorannú isteach sa bhliain 1971, agus cimíodh níos mó ná trí chéad go leith de dhaoine. Ní raibh ach beirt acu ina bProtastúnaigh, agus mar sin, ghlac na Caitlicigh leis gur beart seicteach eile a bhí ann a bhí dírithe ar na Náisiúnaithe amháin. Ní raibh córas faisnéise an Airm ag obair go rómhaith, nó is iomaí duine acu siúd a himtheorannaíodh nach raibh baint dá laghad aige leis an IRA. Ní ba mheasa fós, agus an gheit a bhain an t-imtheorannú as na daoine éigiontacha, is iomaí duine acu siúd a chuaigh leis an bPoblachtánachas ní ba deireanaí, agus iad suite siúráilte go raibh an ceart ag na Sealadaigh i ndiaidh an iomláin. Sna blianta 1971-1975, chaith 1981 duine seal i mbraighdeanas den chineál seo. Bhí 1874 daoine acu ina gCaitlicigh nó ina bPoblachtánaigh, agus 107 ina bPoblachtánaigh nó ina nDílseoirí. Bhí ráflaí ag dul timpeall i measc na gCaitliceach go rabhthas ag céasadh na ndaoine imtheorannaithe. Thar aon rud eile, áfach, luann na Náisiúnaithe Domhnach na Fola i nDoire i Mí Eanáir 1972, nuair a mharaigh na saighdiúirí dearga ceathrar déag de dhaoine neamharmtha le linn léirsiú a bhí ag éileamh cearta sibhialta do na Caitlicigh.

Tháinig na Sealadaigh le chéile mar dhream ar leith sa dara leath den bhliain 1969. Nuair a bhí na péas agus na Dílseoirí ag ionsaí an phobail Chaitlicigh, bhí na Sealadaigh ag cur ina n-aghaidh go foghach fíochmhar, agus dá bharr sin, fuair siad an-tacaíocht ó mhuintir na ngeiteonna Caitliceacha. Cé go raibh na hOifigiúlaigh dírithe ar éirí as an bhfeachtas míleata, chrom siad féin ar an ngleic armtha uaireanta i bhfianaise an dóigh a raibh an caidreamh idir an pobal Caitliceach agus Arm na Breataine ag dul chun donais. Ón mbliain 1970 ar aghaidh bhí na hOifigiúlaigh agus na Sealadaigh araon sáite i gcogaíocht leis na saighdiúirí dearga.

Sa bhliain 1972, bhí na Sealadaigh tar éis níos mó ná céad saighdiúir a mharú, leathmhíle eile a ghortú, agus 1,300 buama a mhadhmadh. Bhí an chuid ba mhó de na buamálacha dírithe ar thargaidí trádálacha - ar an "eacnamaíocht shaorga", mar a thugadh na Sealadaigh orthu. Is iomaí sibhialtach a maraíodh de dheasca na mbuamálacha, go háirithe ar Aoine na Fola i Mí Iúil 1972, nuair a phléasc dhá bhuama fichead i lár Bhéal Feirste. D'éirigh na hOifigiúlaigh as an ngleic armtha i Meitheamh 1972, nó ní raibh a gcroíthe san fheachtas míleata riamh.

Sa bhliain 1972, bhí na Sealadaigh féin sásta sos cogaidh a ghlacadh le dul i gcomhchainteanna leis na Sasanaigh. Ar an 7 Iúil 1972, tugadh toscaireacht Shealadach, ar a raibh Seán Mac Stiofáin, Séamus Ó Tuama, Dáithí Ó Conaill, Gearóid Mac Ádhaimh agus Máirtín Mag Aonghusa, faoi rún chuig William Whitelaw i Londain.

Is iad na héilimh a chuir Seán Mac Stiofáin os comhair Whitelaw ná:

  • go bhfógródh rialtas na Ríochta Aontaithe go poiblí go raibh sé i bhfách le muintir oileán na hÉireann go léir a dtuairim a thabhairt agus vóta a chaitheamh in éineacht chun todhchaí na hÉireann a shocrú;
  • go bhfógródh rialtas na Ríochta Aontaithe go nglanfadh na saighdiúirí dearga as Éirinn roimh an 1 Eanáir 1975;
  • go mbaileodh na saighdiúirí dearga leo láithreach as na ceantair ghoilliúnacha;
  • go bhfaighfeadh na cimí polaitiúla pardún ginearálta;
  • go gcuirfí deireadh ar an toirt le hoibríochtaí armtha na saighdiúirí dearga, agus
  • go n-éireofaí as an imtheorannú gan mhoill.

Is léir nach raibh Whitelaw sásta glacadh leis na héilimh seo. Go bunúsach, bhí sé fonnmhar leasuithe sóisialta a chur i gcrích le maolú ar chruachás na gCaitliceach i dTuaisceart Éireann, agus shíl sé go bhféadfadh sé cuidiú a fháil ó thoscaireacht na Sealadach leis na leasuithe seo a dhréachtú agus a phleanáil. Maidir leis na toscairí, áfach, bhí port eile ar fad á sheinm acusan: bhí siad meáite ar athaontú na hÉireann a bhaint amach. Bhí siad fonnmhar chun sceideal na n-ullmhúchán don athaontú a phlé le Whitelaw agus spás ama a ghéilleadh do na Sasanaigh ar chúiseanna praiticiúla, ach sin a raibh ann.

Mar sin agus ar an ábhar sin, níor tháinig a dhath as an ngnáth as na comhchainteanna seo. Shocraigh an dá thaobh go gcoinneoidís an sos cogaidh i bhfeidhm go dtí an 14 Iúil, agus go rachaidís i dteagmháil le chéile sula gcromfaidís ar ais ar an ngleic armtha. Thit an sos cogaidh as a chéile go gairid i ndiaidh dheireadh an chéad bhabhta comhchainteanna, ámh. B'é ba phríomhchúis leis sin ná go raibh na Sealadaigh ar leibhéal na sráide ag iarraidh, san am céanna, socrú leis na saighdiúirí go mbeadh cead ag na Caitlicigh gan dídean roinnt tithe a shealbhú a bhí tréigthe ag a n-úinéirí Protastúnacha. Bhí na saighdiúirí féin sásta cead isteach a ghéilleadh do na Caitlicigh, ach ansin, chuir Cumann Cosanta Uladh (an tUDA) a ladar sna cúrsaí. Bhagair siad míle murdar ar na Caitlicigh dá mbeadh siad chomh dána leis na tithe a shealbhú, agus dealraíonn sé gur thit an lug ar an lag ag na saighdiúirí ansin. Nuair a tháinig an chéad leoraí ag tabhairt isteach troscáin de chuid na gCaitliceach, stop na saighdiúirí í, ó nach raibh siad fonnmhar an iomarca feirge a chur ar na Dílseoirí, agus nuair a d'fhéach cupla Óglach de chuid an IRA na saighdiúirí a chur ar athrú comhairle, gabhadh iad. B'é an tátal a bhain Séamus Ó Tuama as na himeachtaí seo ná go raibh na saighdiúirí tar éis an tsíocháin a bhriseadh, agus chrom na Sealadaigh ar an gcogaíocht arís.

Is é an freagra a thug na sceimhlitheoirí Dílseacha, cosúil le Fórsa Óglaigh Uladh agus Cumann Cosanta Uladh, a bhí díreach bunaithe, ar fhás an fhoréigin ná gur chrom siad ar na Caitlicigh a mharú. Feallmharfóireacht sheicteach a bhí i gceist, nó ba dóigh leis na Dílseoirí gur náisiúnaithe agus "Fíníní" ab ea iad na Caitlicigh go léir. Bhí cuid de na dúnmharuithe seo as pabhar gránna. Scéal as an ngnáth ab ea iad Búistéirí na Seanchille. Dream de Dhílseoirí a bhí iontu a raibh sé de nós acu a gcuid íobartach a bhualadh, a chéasadh agus a ghearradh le scian sula maróidís iad. Mharaigh na Sealadaigh daoine ar chúiseanna seicteacha freisin. Mar shampla, i Mí Eanáir 1976, nuair a bhí seisear sibhialtach Caitliceach dúnmharaithe ag Dílseoirí, d'imir siad díoltas ar an bpobal Protastúnach ar fad trí dheichniúr sibhialtach Protastúnach a chriathrú le piléir. Tugtar Sléacht Mhuileann an Rí ar an ródach seo. Gné eile den fhoréigean pholaitiúil ab ea é an dóigh a rabhthas ag ruaigeadh Caitlicigh agus Protastúnaigh as ceantair mheasctha. Mar shampla, b'éigean do na Protastúnaigh bailiú leo as Léana an Dúin i mBéal Feirste, agus cuireadh d'fhiacha ar na Caitlicigh glanadh as Ráth Cúil agus as Westvale. I nDoire, arís, chuaigh na Protastúnaigh ar lorg dídine i nDoire Trasna agus in Eastát an Fhuaráin, a raibh na Protastúnaigh ina dtromlach iontu.

Is é an tuiscint a bhain rialtas na Ríochta Aontaithe i Londain as na himeachtaí seo ná nach raibh córas riaracháin Thuaisceart Éireann ábalta an tsíocháin a choimeád, agus sa bhliain 1972, chuir siad rialtas déabhlóidithe an Tuaiscirt ar fionraí. Ina áit sin, thug siad isteach an Riail Dhíreach, is é sin, b'iad an lucht rialtais i Londain a bheadh i gceannas ar an Tuaisceart feasta. Chrom an rialtas ar na fadhbanna a fhuascailt a bhí ag déanamh scime do ghluaiseacht na gceart sibhialta: tarraingíodh teorainneacha nua idir na toghlaigh a bhí claonroinnte ag na hAontachtóirí roimhe sin, tugadh vótaí do na saoránaigh go léir sna toghcháin áitiúla, agus bunaíodh Feidhmeannas Tithíochta Thuaisceart Éireann leis an tithíocht phoiblí a roinnt go cothrom, mar shampla. Ceapadh an Riail Dhíreach, ar dtús, mar chéim ghearrthéarmach, ach b'í an straitéis mheántéarmach ná an féinrialtas a thabhairt ar ais don Tuaisceart ar choinníollacha a bheadh inghlactha ag na hAontachtóirí agus na Náisiúnaithe araon. Níor éirigh leis an rialtas coinníollacha den chineál sin a leagan amach, agus mar sin, lean na Trioblóidí leo faoi lán an tseoil tríd na seachtóidí agus na hochtóidí.

Comhaontú Sunningdale[athraigh | edit source]

Is éard a bhi i gComhaontú Sunningdale ná iarracht rialtas cumhachtroinnte a chur ar bun i dTuaisceart Éireann agus deireadh a chur leis na Trioblóidí.

Sa bhliain 1973, i ndiaidh fhoilsiú na tuairisce sainiúla faoi chúrsaí an Tuaiscirt ar tugadh an Páipéar Bán uirthi, cuireadh an chéad bhun le Tionól Thuaisceart Éireann, is é sin, parlaimint nua an stáitín.

Sa deireadh thiar thall, áfach, b'iad na Dílseoirí - Cumann Cosanta Uladh ach go háirithe, a raibh 20,000 duine ina mbaill de san am - agus an lucht oibre Protastúnach a chuir comhaontú Sunningdale ar ceal. Thit an tóin as an rialtas cumhachtroinnte ar 28 Bealtaine 1974.

1975-1979[athraigh | edit source]

I ndiaidh teip Sunningdale, chrom rialtas Harold Wilson i Londain ar an gceist a phlé, nárbh fhearr, i ndiaidh an iomláin, na trúpaí Gallda a ghlanadh as an stáitín gan mhoill. Rinne Gearóid Mac Gearailt a mharana féin ar an gceist seo i meamram a réitigh sé i Meitheamh 1975, a ndearna sé trácht air sa bhliain 2006. B'é an tátal a bhain sé as ná nach mbeadh rialtas na hÉireann ábalta mórán a dhéanamh leis an tsíocháin a choimeád sa Tuaisceart, ó nach raibh ach 12,500 saighdiúir aige. Mar sin, ba dóchúla ná a mhalairt nach ndéanfadh aistarraingt na dtrúpaí Briotanacha ach méadú ar líon na marbh de dheasca na dTrioblóidí.

Bhí an foréigean ag leanúint leis go deireadh na seachtóidí. D'fhógair na Sealadaigh sos cogaidh sa bhliain 1975, ach chrom siad ar ais ar an ngleic armtha sa bhliain 1976. Má bhí dóchas ar bith acu i dtús na seachtóidí go mbeadh in ann athaontú na hÉireann a bhaint amach go sciobtha, bhí deireadh súile bainte acu de faoin am seo. Ina áit sin, d'fhorbair siad straitéis an Chogaidh Fhada. B'ionann an Cogadh Fada agus feachtas foréigin ar leibhéal níos ísle, ach é a bheith leanúnach, ionas nach dtiocfadh deireadh leis go deo na ndeor, dá mbeadh gá leis. Maidir leis na hOifigiúlaigh, áfach, níor chrom siad ar ais ar an gcogadh riamh, agus de réir a chéile, d'iompaigh siad ina bpáirtí sóisialach - "Páirtí na nOibrithe" - a bhí go huile is go hiomlán in aghaidh an fhoréigin. Sa bhliain 1974, áfach, scoilt Arm Fuascailte Náisiúnta na hÉireann (an tINLA) ó na hOifigiúlaigh, agus iad ag leanúint leo leis an ngleic armtha.

Agus na 1970idí ag druidim chun deireanais, tháinig sé chun solais go raibh an dá phobal ag éirí dubh dóite den chogadh, rud a bhí le haithint, mar shampla, ar an ngluaiseacht síochána, na Peace People nó Lucht na Síochána. D'eagraigh Lucht na Síochána léirsithe móra in aghaidh an fhoréigin pharaimíleataigh. Thabhaigh an feachtas Duais Síochána Nobel dóibh sa bhliain 1976, ach ní raibh fad saoil iontu mar ghluaiseacht. Nuair a d'impigh siad ar an bpobal Náisiúnaíoch eolas a thabhairt do na fórsaí slándála faoin IRA, thit an tóin as a bhfeachtas. Bhí an oiread fuatha ag na Caitlicigh ar an arm agus ar na péas agus gur shíl siad nach seasamh neodrach a bhí ag Lucht na Síochána a thuilleadh.

Na Stailceanna Ocrais[athraigh | edit source]

Príomhalt: Stailc ocrais 1981

Sa bhliain 1981 chuaigh príosúnaigh Phobhlachtánaigh ar stailc ocrais i dTuaisceart Éireann.

An Cogadh Fada[athraigh | edit source]

Bearaic Chonstáblacht Ríoga Uladh (RUC) i gCrois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha, ar an 28 Aibrean 2001. Ba chomh-ionad slándála é le linn na dTrioblóidí i gcomhair an RUC agus Arm na Breataine. Leagadh é sa bhliain 2007.

Bhí an dá thaobh ag cur feachtas armtha go dtí gur tháinig na sosanna cogaidh. Chuaigh líon na marbh i laghad sna hochtóidí agus sna nóchaidí i gcomparáid leis na seachtóidí. Mar sin féin, d'fhág an foréigean polaitiúil an-drochoidhreacht ag sochaí an Tuaiscirt. Mhair an ghleic armtha ar feadh i bhfad, agus is é an chiall a bhain na daoine as nach dtiocfadh deireadh léi choíche. Is léir gur chuir sé an saol ó mhaith ar go leor daoine i rith na mblianta.

Cuidiú mór le Cogadh Fada na Sealadach ab ea iad na hairm a fuair an tIRA mar bhronntanais ó Moammar Qaddafi, deachtóir na Libia. Bhí Qaddafi i bhfearg le rialtas Thatcher, ó chabhraigh siad leis na Stáit Aontaithe buamaí a chaitheamh ar an Tripilí sa Libia, buamaí a mharaigh duine clainne de chuid Qaddafi. Cé nach mbíodh saighdiúirí ná péas á marú ag an IRA chomh minic a thuilleadh, bhí an chuma ar an scéal nach raibh srianta ar bith le cumas feallmharfóireachta agus buamadóireachta na Sealadach. Péas, saighdiúirí páirtaimseartha agus sibhialtaigh Phrotastúnacha ba mhó a bhí thíos lena gcuid ionsaithe. Sampla maith de seo ab ea é sléacht Lá an Chuimhneacháin in Inis Ceithleann sa bhliain 1987. Ba nós leis an IRA, chomh maith, targaidí a dhéanamh de thógálaithe, de lucht glantacháin agus cothbhála, agus lucht oibre eile a bhí fostaithe ag na péas nó ag na saighdiúirí dearga.

Sa dara leath de na hochtóidí, bhí na paraimíleataigh Phrotastúnacha - na heagraíochtaí úd Fórsa Óglaigh Uladh, Cumann Cosanta Uladh, agus Frithbheartaíocht Uladh - ag tabhairt isteach airm agus pléascáin ón Afraic Theas. Roinneadh na coinsíneachtaí idir an trí eagraíocht, agus ina dhiaidh sin, chuaigh líon fheallmharuithe na gCaitliceach i méadaíocht, cé gur fágadh cuid den treallamh - go háirithe na gránáidí roicéadtiomána - gan úsáid, ó nach raibh na Dílseoirí ábalta leas a bhaint astu. Freagra ab ea iad na feallmharuithe seo ar an gComhaontú Angla-Éireannach sa bhliain 1985, a bhronn an "ról comhairleach" ar rialtas na hÉireann i gcúrsaí an Tuaiscirt.

An Claonpháirteachas - na Fórsaí Slándála agus na Paraimíleataigh Dhílseacha[athraigh | edit source]

Gné chointinneach chonspóideach de na Trioblóidí is ea é an claonpháirteachas, is é sin, an dóigh ar chomhoibrigh fórsaí slándála an Stáit leis na sceimhlitheoirí Protastúnacha.

Reisimint Chosanta Uladh agus na Dílseoirí[athraigh | edit source]

Ar an 3 Bealtaine 2003, nocht an líonláithreán nuachta Náisiúnaíoch úd Nuzhound in Éirinn cáipéisí de chuid Rialtas na Breataine ó thús na seachtóidí, cáipéisí a chaitheann solas ar fhadhb na dlúthbhainte a bhí ag saighdiúirí áirithe de chuid Arm na Breataine, go háirithe saighdiúirí i Reisimint Chosanta Uladh, le dreamanna paraimíleata Dílseacha. Ceann de na cáipéisí seo is ea í an tuairisc dar teideal Subversion in the UDR, agus í ag tabhairt mionsonraí faoin bhfadhb seo. Sa bhliain 1973,

  • glacadh leis go raibh dlúthbhaint ag 5-15% de shaighdiúirí na Reisiminte le dreamanna paraimíleata Dílseacha;
  • creideadh go bhfuair na Dílseoirí níos mó arm ó Reisimint Chosanta Uladh ná ó aon fhoinse eile, agus nach bhfuair siad airm nua-aimseartha thine ó aon fhoinse eile;
  • bhí eagla ar na húdaráis nach raibh trúpaí na Reisiminte dílis do "Rialtas a Mórgachta", ach do "Chúige Uladh" amháin;
  • bhí a fhios ag Rialtas na Breataine go raibh na Dílseoirí ag baint úsáide as airm thine de chuid na Reisiminte le sibhialtaigh Chaitliceacha a fheallmharú.


Cé go raibh a fhios ag madraí an bhaile go ndeachaigh ní ba mhó ná dhá chéad arm tine ó lámha Arm na Breataine go dtí na Dílseoirí roimh an mbliain 1973, mhéadaigh Rialtas na Breataine ar ról na Reisiminte i gcúrsaí "coimeádta na síochána" i dTuaisceart Éireann. Ba chuid é seo den straitéis uileghabhálach a bhí ag an Rialtas na Sealadaigh a chloí - polasaí na normáltachta, an Ultachais agus na coiriúlachta - is é sin, cúrsaí an Tuaiscirt a thabhairt chun normáltachta, cúrsaí na slándála a fhágáil faoi fhórsaí áitiúla ("Ultacha"), agus caitheamh leis na sceimhlitheoirí mar a bheadh gnáthchoirpigh iontu.

An Grúpa Speisialta Patróil agus na líomhaintí faoi dhrong Ghleann Anna[athraigh | edit source]

Faoi lár na seachtóidí, cuireadh i leith an Ghrúpa Speisialta Patróil, aonad frithsceimhlitheoireachta de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh, go raibh siad páirteach i sraith de dhúnmharuithe seicteacha a rinneadh i lár Uladh, ar nós dhúnmharuithe Reavey agus O'Dowd sa bhliain 1976. Ciontaíodh beirt bhall de chuid an Ghrúpa Speisialta, John Weir agus Billy McCaughey, sa bhliain 1980 i ndúnmharú a rinneadh trí bliana roimhe sin, in ionsaí ar theach tábhairne i gCéideadh, agus i bhfuadach sagairt. Tharraing siad amhras ar a gcuid comhoibritheoirí in aon dúnmharú déag ar a laghad, agus iad ag áitiú gur cuid iad de chomhcheilg fhorleathan a raibh Brainse Speisialta Chonstáblacht Ríoga Uladh, seirbhísí faisnéise Arm na Breataine, agus Fórsa Óglaigh Uladh páirteach inti. Nuair a bhí na fir seo daortha, cuireadh deireadh leis an nGrúpa Speisialta Patróil. Thug Lárionad Pat Finucane, foras Náisiúnaíoch, le fios go raibh an drong a raibh Weir agus McCaughey ag tagairt di, agus í comhdhéanta as saighdiúirí dearga, saighdiúirí dubha agus paraimíleataigh Phrotastúnacha, - go raibh an drong seo freagrach as seacht ndúnmharú is ceithre scór sna seachtóidí, ina measc buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin sa bhliain 1974, chomh maith le dúnmharú an Miami Showband sa bhliain 1975. Tugadh "Drong Ghleann Anna" ar an drong seo.

An Claonpháirteachas sna hOchtóidí agus sna Nóchaidí[athraigh | edit source]

Tá sé dearbhaithe gur thug daoine agus dreamanna áirithe taobh istigh den Arm agus den Chonstáblacht Ríoga eolas do na Dílseoirí ó am go ham ó dheireadh na n-ochtóidí anuas, rud a chuir ar chumas na sceimhlitheoirí Protastúnacha targaidí a dhéanamh de na gníomhaithe Poblachtánacha. Sa bhliain 1992, nocht Brian Nelson, gníomhaire rúnda Briotanach taobh istigh de Chumann Cosanta Uladh go raibh sé tar éis dúnmharú a dhéanamh agus airm a smugláil isteach le cabhrú an Airm. De réir mar atá cruthaithe, bhí faicsin san Arm agus sa Chonstáblacht agus iad sásta comhoibriú le Nelson agus le Cumann Cosanta Uladh trí aonad faisnéise de chuid an Airm a dtugtaí Aonad Taighde na bhFórsaí (The Force Research Unit) air. Ó dheireadh na nóchaidí anuas, fuair iriseoirí áirithe, Peter Taylor ina measc, an dearbhú ó na Dílseoirí go raibh foinsí sna fórsaí slándála ag seachadadh comhaid agus tuarascálacha faisnéise chucu faoi thargaidí Poblachtánacha.

I dtuarascáil ar scaoileadh saor léi ar an 22 Eanáir 2007, dúirt an tOmbudsman Póilíníochta Nuala O'Loan go raibh brathadóirí taobh istigh d'Fhórsa Óglaigh Uladh tar éis coireanna tromchúiseacha, dúnmharuithe fiú, a dhéanamh, agus go raibh a fhios ag a lucht teagmhála sna fórsaí slándála iad a bheith sáite ina leithéid. De réir na tuarascála, bhí oifigigh áirithe de chuid an Bhrainse Speisialta ag cumadh ráitis bhréige, ag cur cosc le cuardach fianaise, agus ag "naífhosaíocht" amhrasánaigh nuair a bhí agallamh á chur orthu. Is é an breithiúnas a thug Jimmy Spratt, Comhairleoir de chuid na nAontachtóirí Daonlathacha agus iar-chathaoirleach Chomhaontas na bPóilíní ná: "Dá mbeadh ruainne amháin fírinne sa tuarascáil sin, chuirfí an dlí ar iar-phóilíní. Níor cuireadh, agus mar sin, ba chóir don tsaol mhór an tátal a bhaint as an scéal nach bhfuil mórán fíricí ann." Mar sin féin, dúirt an Státrúnaí um Thuaisceart Éireann, Peter Hain, go raibh sé "géarbharúlach go gcuirfear an dlí ar aon duine amháin, ar a laghad, de thoradh na tuarascála a tugadh dúinn inniu". Rud eile a dúirt Hain ná: "Tá deiseanna éagsúla ann a d'fhéadfadh an t-ionchúisitheoir a thapú. Rud tromchúiseach ann féin is ea é gur chuir iar-phóilíní áirithe bac leis na fiosruithe agus gur dhiúltaigh siad comhoibriú leis an Ombudsman. Iad siúd a bhí sáite sna rudaí seo, ní mór go n-íocfaidh siad a ndeachú, agus ba chóir do na húdaráis céimeanna a ghlacadh dá réir sin".

Dealraíonn sé nach mbeidh rath ar aon ionchúisiú cibé, i bhfianaise an chineál coireanna atá i gceist. Más fíor gur díothaíodh nó gur hathraíodh fianaise, nó nár bailíodh fianaise ar bith ar an gcéad ásc, is deacair caingean a thosú ar aon nós. Mar sin, cibé a deir Jimmy Spratt, is dócha nach bhfuil mórán tábhachta leis, ó d'fhéach na coirpigh chuige nach mbeadh a dhath fágtha ag an ionchúisiú, agus de réir na tuarascála úd Ballast Report, d'éirigh leo go seoigh san obair seo.

Na Líomhaintí faoin Ordú Maraithe[athraigh | edit source]

Thairis sin, tugann na Poblachtánaigh le fios go raibh sé de pholasaí ag na fórsaí slándála daoine a raibh amhras orthu iad a bheith ina mbaill den IRA, - go raibh sé de pholasaí acu daoine den chineál seo a mharú scun scan, seachas iad a ghabháil. Diúltaíonn na fórsaí slándála do na líomhaintí seo. Is é an tuiscint atá acu féin ar na cúrsaí nár maraíodh aon duine ar an dóigh seo nach raibh ina pharaimíleatach tromarmáilte - cosúil leis an ochtar fear a básaíodh i Loch gCál sa bhliain 1987. Deich mí ina dhiaidh sin, áfach, caitheadh triúr Sealadach i nGiobráltar nach raibh armáilte ar aon nós. Is iomaí duine a bhain an tátal as an scéal sin ná go raibh polasaí den chineál seo i bhfeidhm ag na Gaill.

Sosanna Cogaidh na bParaimíleatach agus Próiseas na Síochána[athraigh | edit source]

Gníomhaíochtaí na bParaimíleatach[athraigh | edit source]

Cé go raibh an tIRA ag leanúint leis i mbun na gleice armtha, bhí Sinn Féin, a raibh Gearóid Mac Ádhaimh i gceannas air ón mbliain 1983 anuas, - bhí Sinn Féin ag iarraidh comhchainteanna a thosú le deireadh a chur leis na Trioblóidí. Bhí a fhios ag Gearóid Mac Ádhaimh go mbeadh próiseas fada ann. Sna 1970idí, bhí sé de thuairim aige féin go mairfeadh an cogadh go ceann fiche bliain eile. Chuaigh sé i dteagmháil le John Hume - ceannaire an SDLP - go hoscailte, agus san am céanna, bhí comhchainteanna faoi cheilt aige le hoifigiúlaigh de chuid an Rialtais. Bhí na Dílseoirí i mbun oibre den chineál chéanna ar chúla téarmaí, agus iad i dteagmháil le rialtais na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe trí eaglaisigh Phrotastúnacha, go háirithe an ministir Preispitéireach, an tUrramach Roy Magee, chomh maith leis an Ard-Easpag Anglacánach Robin Eames. I ndiaidh tréimhse fada uisce faoi thalamh, d'fhógair na Dílseoirí agus na Poblachtánaigh araon sos cogaidh sa bhliain 1994.

Bliain dheacair ab ea í an bhliain dheireanach roimh na sosanna cogaidh, agus ní raibh ag maolú ar na gníomhartha uafáis. Ní raibh ach ag méadú ar dhúnmharfóireacht Chumann Cosanta Uladh agus Fhórsa Óglaigh Uladh, nó sa bhliain sin, 1993, mharaigh siad ní ba mhó sibhialtaigh ná na Poblachtánaigh, rud nach ndearna siad roimhe sin. Mar fhreagra air sin, bhuamáil na Poblachtánaigh Bóthar na Seanchille i Mí Dheireadh Fómhair 1993. Bhí sé de chuspóir acu lucht ceannais Chumann Cosanta Uladh ar fad a chur de dhroim an tsaoil, ach b'é an rud a rinne siad ina áit ná naonúr sibhialtach Protastúnach a mharú. Mar dhíoltas air sin, d'ionsaigh an Cumann Cosanta beár i nGlas Stiallach, agus mharaigh siad ochtar. Sa bhliain chéanna, lámhach siad ceathrar Caitliceach i gCarraig Cheasail i gContae Dhoire.

Ar an 16 Meitheamh 1994, go gairid roimh na sosanna cogaidh, lámhach Arm Náisiúnta Fuascailte na hÉireann (an tINLA) triúr ball d'Fhórsa Óglaigh Uladh i mBóthar na Seanchille. B'é an díoltas a d'agair na Dílseoirí ná gur bhuail siad isteach i dteach tábhairne i Loch an Oileáin i gContae an Dúin le cith urchar a scaoileadh ina thimpeall. Maraíodh seisear sibhialtach an turas sin. Sna míonna deireanacha roimh an sos cogaidh, mharaigh an tIRA ceathrar sean-Dílseoirí, duine acu ina bhall d'Fhórsa Óglaigh Uladh agus an triúr eile ag baint leis an gCumann Cosanta. Is iomaí ciall is féidir a bhaint as an mbabhta foréigin seo go gairid roimh na sosanna cogaidh. Deir teoiric amháin go raibh eagla ar na Dílseoirí go n-imreofaí feillbheart orthu, agus gur mhéadaigh siad ar an bhforéigean dá réir. De réir míniúcháin eile, bhí na Poblachtánaigh ag sásamh a gcuid seanfhaltanas ar an nóiméad deireanach roimh an sos cogaidh agus iad ag féachaint chuige go mbeadh cuma na cogúlachta dochloíte orthu nuair a chromfaidís ar an bpróiseas polaitiúil.

I Mí Lúnasa 1994, d'fhógair na Sealadaigh sos cogaidh. Sé seachtaine ina dhiaidh sin, chuaigh grúpaí paraimíleata na nDílseoirí le chéile faoi bhrat Chomhcheannas Míleata na nDílseoirí lena sos cogaidh féin a chur in iúl in éineacht. Cé gur theip ar an dá shos cogaidh seo go fóill, chuir siad deireadh leis an bhforéigean polaitiúil mórscála sa Tuaisceart, chomh maith leis an ród a réiteach don tsos cogaidh deifnideach.

An Dara Sos Cogaidh[athraigh | edit source]

Ní raibh dhá bhliain imithe ó shíniú an tSos Cogaidh, nuair a chuir an tIRA ar ceal é ar an 9 Feabhra 1996. Níos deireanaí ar an lá céanna, phléasc buama leath-thonna i gceantar Canary Wharf i Londain, buama a rinne damáiste 85 milliún punt do lárionad airgeadais na cathrach agus a mharaigh beirt dhaoine. Bhí Sinn Féin den tuairim go raibh teipthe ar an sos cogaidh, toisc nach raibh Rialtas na Ríochta Aontaithe na comhchainteanna síochána a oscailt do na Poblachtánaigh sula ndíchoimisiúnódh an tIRA a chuid arm.

Tháinig tuilleadh buamálacha sna sálaí ag an gceann seo, go háirithe an ceann i Manchain a scrios limistéar mór i lár na cathrach ar an 15 Meitheamh 1996. B'é an t-ionsaí buamála ba mhó i stair na Breataine Móire i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus cé go rabhthas in ann líon na dtaismeach a íosmhéidiú, a bhuí is go raibh na seirbhísí éigeandála an-ghasta ag freagairt don réamhrabhadh teileafóin a tugadh don stáisiún áitiúil teilifíse, gortaíodh breis is dhá chéad duine mar sin féin, agus cuid acu taobh amuigh den teorainn slándála a cuireadh ar bun timpeall ar an áit dhainséarach.

D'fhill an tIRA ar an sos cogaidh i Mí Iúil 1997, nuair a thosaigh na comhchainteanna le Comhaontú Aoine an Chéasta a ullmhú, agus an chuma ag teacht ar an scéal go bhfágfaí Sinn Féin taobh amuigh. I Mí Mheán Fómhair sa bhliain chéanna, shínigh Sinn Féin Prionsabail Mitchell, agus fuair polaiteoirí an pháirtí cead isteach sna comhchainteanna. B'iad na prionsabail seo ná:

  • go gcaithfeadh gach dream polaitiúil a bheith sásta leis go socrófaí na heasaontais pholaitiúla go síochánta;
  • go gcuirfeadh na paraimíleataigh a gcuid arm uathu;
  • go dtiocfadh coimisiún neodrach neamhspleách ag fíorú na dí-armála seo, agus go mbeadh gach dream polaitiúil sásta aitheantas agus cabhair a thabhairt don choimisiún sin;
  • nach rachadh aon dream i muinín na láimhe láidre le torthaí na gcomhchainteanna a athrú;
  • go mbeadh gach dream sásta leis na comhairlí a bheadh socraithe in éineacht;
  • agus go n-éireofaí as an dlí paraimíleata, is é sin, nach mbeifí ag bualadh daoine, á lámhachadh sa ghlúin ná á marú mar phionós as aon rud a mbeadh meas na coire air ag na paraimíleataigh. Is é sin, chaithfeadh na dreamanna go léir bheith sásta cúrsaí na póilíneachta, an dlí agus an phionóis a fhágáil faoi na húdaráis chuí.

Ní raibh na paraimíleataigh go léir sásta leis an bhforbairt seo, ós rud é gurbh í an sceimhlitheoireacht an t-aon slí bheatha amháin a bhí ag cuid acu. Mar sin, scoilt grúpaí áirithe paraimíleata faoi cheist na síochána, agus tháinig dreamanna nua ar an bhfód a thosaigh ag cur a gcogaidh féin beag beann ar an gcomhaontú. B'é Fórsa Óglaigh Uladh an chéad ghrúpa a thit as a chéile de dheasca an easaontais, nuair a bhunaigh na heasaontóirí drong úr, Fórsa na nÓglach Dílseach (LVF, Loyalist Volunteer Force) sa bhliain 1996. I Mí na Nollag 1997, d'fheallmharaigh an tINLA Billy Wright, ceannaire na nÓglach Dílseach seo, agus mharaigh na Dílseoirí roinnt Chaitliceach le cor a thabhairt in aghaidh an chaim. Thairis sin, chrom dhá ghrúpa easaontóirí de chuid an IRA, an tIRA Leanúnach (Continuity IRA) agus an Fíor-IRA (Real IRA) ar an mbuamáil, beag beann ar shos cogaidh na Sealadach.

I Mí Lúnasa 1998, mharaigh buama de chuid an Fhíor-IRA 29 sibhialtach san Ómaigh. B'é seo an buama ba mheasa riamh ó thús na dTrioblóidí, agus is iomaí náisiúnaí Éireannach a ghlac col leis na heasaontóirí Poblachtánacha i ndiaidh an bhuama seo. Ghlac an tINLA féin leis an sos cogaidh i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998.

Ó sin i leith, tá an chuid is mó den fhoréigean pharaimíleata dírithe ar an taobh istigh - mar shampla, in áit a bheith ag ionsaí na gCaitliceach, bíonn na sceimhlitheoirí Protastúnacha, cuir i gcás, ag ionsaí Protastúnaigh, más Protastúnaigh den chineál "mhícheart" iad ar chúis éigin. D'éirigh ina chogadh dearg idir an UDA agus an UVF faoi dhó ón mbliain 2000 i leith. Thairis sin, bíonn "briogáidirí" éagsúla an UDA ag cur cogaidh ar a chéile ó am go ham, ó theastaíonn ó gach duine acu an churadhmhír a fháil de bhrabús na coiriúlachta proifisiúnta a bhíonn idir lámhaibh ag na sceimhlitheoirí.

Níl na hÓglaigh Phoblachtánacha chomh sáite céanna san fhaicseanaíocht eatarthu féin, ach glactar leis gur mharaigh na Sealadaigh Donncha Mac Dónaill, duine dá gcuid féin a d'admhaigh go raibh sé ag spiaireacht do na Sasanaigh. Cuirtear i leith na Sealadach freisin go mbíonn siad ag imeaglú daoine agus, fiú, á marú ar chúiseanna pearsanta. Mar shampla, maraíodh fear óg darbh ainm Robert McCartney i ndiaidh achrainn i dteach tábhairne le daoine a bhí ina mbaill den IRA Sealadach.

Chuir an tIRA Sealadach in iúl go raibh an chuid ba mhó dá gcuid arm tine díchoimisiúnaithe ó Lúnasa-Meán Fómhair 2005, agus nach raibh siad ábalta a thuilleadh oibríochtaí mórscála a chur i gcrích.

An Próiseas Polaitiúil[athraigh | edit source]

I ndiaidh na sosanna cogaidh, chrom na príomhpháirtithe polaitíochta sa Tuaisceart ar chomhchainteanna le comhaontas polaitiúil a shocrú. B'as na cainteanna seo a d'eascair Comhaontú Bhéal Feirste sa bhliain 1998. Sa Chomhaontú seo, cuireadh rialtas dúchais ar bun don Tuaisceart in athuair, agus é bunaithe ar phrionsabal na cumhachtroinnte. Bunaíodh Feidhmeannas Comhchumhachta sa bhliain 1999, agus an ceithre pháirtí ba mhó páirteach ann, ina measc Sinn Féin. Leasú eile ab ea é bunú na seirbhíse nua poilíníachta, ar tugadh Seirbhís Póilíníochta Thuaisceart Éireann uirthi. Cuireadh de dhualgas ar an tseirbhís poilíníochta nua cuóta áirithe íosmhéide de Chaitlicigh a fhostú.

Mar sin féin, cuireadh an Feidhmeannas agus an Comhthionól ar fionraí sa bhliain 2002, nuair a tháinig chun solais go raibh fáinne spiaireachta ag an IRA taobh istigh d'oifig Shinn Féin (b'é an gníomhaire dúbailte Donncha Mac Dónaill a thosaigh an fáinne seo, mar a fuarthas amach ní ba déanaí). D'éirigh na hAontachtóirí as an gcomhoibriú leis na Poblachtánaigh ansin. Faoin am seo, bhí díchoimisiúnú arm na Sealadach díreach ina ábhar mór díospóireachta ag lucht an dá thaobh, agus na cúrsaí ag dul chun teannais dá réir.

Cé go bhfuil na sceimhlitheoirí éirithe as, a bheag nó a mhór, is iad na páirtithe is antoiscí a bhfuil ag éirí leo sna toghcháin ó síníodh an Comhaontú. Is é Sinn Féin an páirtí is mó ar an taobh Caitliceach inniu, agus tá Páirtí Aontachtach Uladh níos laige ná Aontachtóirí Daonlathacha Ian Paisley. Thairis sin, níor bhain blianta na síochána mórán den tseicteachas, nó tá críochdheighilt na gceantar idir na Protastúnaigh agus na Caitlicigh níos géire ná riamh. Le déanaí, áfach, d'aontaigh Ian Paisley agus Gearóid Mac Ádhaimh rialtas comhchumhachta a chur ar bun.

Ceist na Mórshiúlta[athraigh | edit source]

Is minic a bhíonn scliúchais ann agus an caidreamh trasphobail ag dul ó mhaith nuair a thagann na hOráistigh amach lena gcuid mórshiúlta a dhéanamh. Leis na mórshiúlta seo, bíonn na Dílseoirí ag ceiliúradh chuimhne Chath na Bóinne agus bhua Chlann Bhullaí ar na Caitlicigh sa bhliain 1690. Ba é an bua seo a chuir bun le Cinsealacht na nGall in Éirinn agus a d'fhág na Gaeil faoi leatrom go ceann i bhfad. Ní bhíonn na Caitlicigh sásta le ceiliúradh den chineál seo a fheiceáil in aice leo, agus is minic a bhíonn trioblóidí ann nuair a thagann na hOráistigh róghar do na háiteanna ina bhfuil na Caitlicigh ina bhformhór. Bhíodh an bruíonachas go dona timpeall Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, áit a dtéadh mórshiúl na nOráisteach ó Eaglais Dhroim Crí thart le heastát tithíochta ina bhfuil cónaí ar chuid mhór Caitliceach. Inniu, tá cosc curtha leis an mórshiúl go deo, ós rud é go mbíodh scliúchais ann sna blianta 1995, 1996 agus 1997, agus iad ag maireachtáil na seachtainí fada i ndiaidh lá an mhórshiúil féin. Fuair cuid mhaith daoine bás de dheasca an fhoréigin seo. Mar shampla, mharaigh Fórsa Óglaigh Uladh tiománaí tacsaí Caitliceach, agus caitheadh peitrealbhuama i dteach i mBaile Monaidh ina raibh cónaí ar lánúin mheasctha agus ceathrar mac, ar mharaigh an buama triúr acu. I mBéal Feirste, bhí Bóthar Ormeau agus Bóthar Chromghlinne ina gcnámha spairne ar chúiseanna cosúla.

Na Taismigh: Achoimre[athraigh | edit source]

An Fhreagracht[athraigh | edit source]

An Fhreagracht as na Maruithe [1]
An Dream a bhí Ciontach Líon na mBásanna
Dreamanna Paraimíleata na bPoblachtánach 2055
Dreamanna Paraimíleata na nDílseoirí 1020
Na Fórsaí Slándála 368
Daoine Anaithnide 80

Na Cineálacha Daoine a Maraíodh[athraigh | edit source]

Na Básanna de réir Stádas an Duine a Maraíodh [2]
Stádas Líon na mBásanna
Sibhialtach 1855
Baill de chuid na bhFórsaí Slándála agus na bhFórsaí Cúltaca 1123
agus iad:
— ina saighdiúirí dearga 499
— ina saighdiúirí dubha 301
— ina mbaill de Reisimint Chosanta Uladh 197
— ina mbaill de Sheirbhís Príosúnachta Thuaisceart Éireann 24
— ina nGardaí 9
— ina mbaill de Reisimint Ríoga na hÉireann 7
— ina mbaill de thrúpaí cúltaca Arm na Breataine ("Territorial Army") 7
— ina bpóilíní Sasanacha 6
— ina mbaill den Aerfhórsa Ríoga 4
— ina mbaill den Chabhlach Ríoga 3
— ina saighdiúirí Éireannacha 1
Paraimíleataigh Phoblachtánacha 394
Paraimíleataigh Dhílseacha 151


An Áit[athraigh | edit source]

Scaipeachán na mBásanna i dTrioblóidí an Tuaiscirt de réir na hÁite[3]
Áit Líon na mBásanna
Contae Aontroma 207
Contae Ard Mhacha 276
Oirthear Bhéal Feirste 128
Tuaisceart Bhéal Feirste 576
Contae Thír Eoghain 339
Iarthar Bhéal Feirste 623
Contae an Dúin 243
Contae Fhear Manach 112
Cathair Dhoire 227
Contae Dhoire 123
Poblacht na hÉireann 113
Sasana 125
Ilchríoch na hEorpa 18

Liosta Cróineolaíoch[athraigh | edit source]

Básanna a raibh baint acu le trioblóidí an Tuaiscirt (1969–2001).

Na básanna a tugadh mar "bhásanna a raibh baint acu leis na trioblóidí", nó mar "bhásanna nach rabhthas cinnte fúthu, an raibh siad bainteach leis na trioblóidí".

Bliain Líon na mBásanna
2001 16
2000 19
1999 8
1998 55
1997 21
1996 18
1995 9
1994 64
1993 88
1992 89
1991 96
1990 81
1989 75
1988 104
1987 98
1986 61
1985 57
1984 69
1983 85
1982 110
1981 113
1980 80
1979 121
1978 81
1977 111
1976 295
1975 260
1974 294
1973 253
1972 479
1971 171
1970 28
1969 16

Staitisticí Eile[athraigh | edit source]

Coireanna eile a raibh baint acu leis na trioblóidí (tuairimiú).[1]
Cineál Líon
Gortú 47,541
Lámhach 36,923
Robáil armtha 22,539
Daoine ar cuireadh an dlí orthu as coireanna paraimíleata 19,605
Buamáil nó iarracht buamála 16,209
Coirloscadh 2,225

Tagairtí[athraigh | edit source]